Nuair a thosaigh tréimhse fhoréigneach i mBéal Feirste i 1920 bheartaigh an tAthair Hassan, sagart Caitliceach a bhí lonnaithe i Séipéal Naomh Muire i Lána an tSéipéil, cuntas a choinneáil ar a bhí feicthe aige agus ar ar tuairiscíodh dó le linn an ama sin.
I gclár faisnéise úr 'Progrom Bhéal Feirste', insítear scéala an leabhar a scríobhadh sa bhliain 1922 a measadh a bheith róchontúirteach le foilsiú.
Bhí sé beartaithe ag an rialtas sa deisceart tuairiscí an Athar Hassan a fhoilsiú i leabhar faoin mbliain 1922. 'Facts and Figures of the Belfast Pogrom 1920 -1922' an teideal a bhí ar an leabhar a bhí le foilsiú faoin ainm cleite G. B. Kenna

Thosaigh an Cogadh Cathartha thart ar an am céanna a raibh sé beartaithe an leabhar a fhoilsiú, agus mar sin cuireadh foilsiú an leabhair ar ceall.
Níor mhair ach 18 gcóip den leabhar. Bhí sé ligthe i ndearmad ar fad go dtí gur thángthas ar chóip sna 1990idí.

Scrúdaítear an foréigean a thosaigh i mBéal Feirste sa chlár faisnéise seo mar aon leis an gcomhthéacs polaitiúil a bhí ag dul ar aghaidh sa chúlra agus mar a mhair an deighilt a bunaíodh sna 1920idí ar feadh blianta fada.
Léiriú de chuid Clean Slate Television le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, is ea 'Pogrom Bhéal Feirste'.
Pogrom Bhéal Feirste, Dé Céadaoin an 4 Nollaig ag 9.30pm, TG4.