skip to main content

Bronnann Kneecap leath an £14k cúirte ar eagras Ghaeilge Glór na Móna

Tar éis gur thaobhaigh Ard Chúirt Bhéal Feirste le cás Kneecap gur dhein rialtas na Breataine feall orthu ó thaobh maoinithe ealaíne de, d'fhógair an ghrúpa go roinnfeadh siad an £14k a bhí ag dul dóibh ar dhá ghrúpa óige Feirsteacha.

Thug RTÉ.ie/Gaeilge cuireadh don dá ghrúpa, Glór na Móna agus R City, labhairt linn faoi na ndeontaisí. Go seo níor tháinig freagra ó R City go fóill.

Anseo thíos roinneann an Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna, a ndea-scéala le RTÉ.ie/Gaeilge.

Is eagraíocht áitiúil Ghaeilge agus Óige í Glór na Móna atá ag ceiliúradh scór bliain i mbliana d'fhorbairt pobail agus de ghníomhaíochas pobalbhunaithe teanga.

Bhunaigh gasra gníomhaithe pobail agus mic léinn a raibh rún acu deiseanna oideachais agus sóisialta a sholáthair don phobal Ghaelach áitiúil san Uachtar Chluanaí in 2004 í.

Chomh maith le hobair óige Ghaeilge cheannródaíoch i mBéal Feirste, bíonn Glór na Móna ar thús cadhnaíochta maidir le hoideachas pobail, daonlathas rannpháirtíoch, tionscadail a dhíríonn isteach ar sheachadadh teanga ó ghlúin go glúin is úsáid shóisiálta teanga, le cois stair an phobail áitiúil agus aisghabháil oidhreachta.

Tá an banna ceoil Kneecap, a bhain £14,000 i gcás cúirte in éadan Rialtais na Breataine mar gheall ar leithceal, ag tabhairt £7000 do Ghlór na Móna agus £7000 do chumann óige eile ar Bhóthar na Seanchille.

Arsa Ball Choiste Ghlór na Móna, Conchúr Ó Muadaigh:

"Thar ceann gach duine i nGlór na Móna, ba mhaith linn buíochas mór, ó chroí, a ghabháil le Kneecap as bhur ndeontas iontach flaithiúil."

"Rachaidh an deontas seo go mór chun cinn chun tacú lenár bpleananna uaillmhianacha don todhchaí agus lenár dtionscadal caipitil ar an chaighdeán is airde, Croí na Carraige, atáimid ag bailiú airgid dó faoi láthair."

"Beidh an áis úrnua seo i gcroílár Bhaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste Thiar ag cur tacaíocht ar fáil d’athbheochan na Gaeilge san fhadtéarma agus ag cinntiú go mbeidh glúin nua Gael, cosúil lenár Liam Óg 'Mo Chara’ Ó hAnnaidh féin—a d’fhreastal ar ár gclub óige agus a a d’oibrigh ann—ag fáil rochtain ar áis phobail agus óige den chaighdeán is airde trí mheán ár dteanga dúchais."

"Beidh tionchar buan ag bhur dtacaíocht ar ár gcuid oibre le daoine óga agus ar athbheochan na Gaeilge anseo i mBéal Feirste Thiar."