skip to main content

Na Pinn Lu' Abú!

Tallymen, óir nach bhfuil bean le feiceál ina measc, ach is ann do na Tallymná, chomh maith.
Tallymen, óir nach bhfuil bean le feiceál ina measc, ach is ann do na Tallymná, chomh maith.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Anois agus an stocaireacht thart tosóidh na meáin agus daoine a bhfuil dúil mhallaithe acu sa pholaitíocht ag díriú ar na torthaí agus na hionaid comhairimh.

Cosúil le vóta lár téarma Mheiriceá breathnaítear ar thoghcháin an Aoine mar bharaiméadar, tógfaidh siad an teas fola polaitiúil, beidh chuile Pháirtí á scrúdú go grinn. Le roinnt mhaith Teachtaí Dála éirithe as an bpolaitíocht beidh Páirtithe ag faire amach mar atá ag éirí leis na h'iarrthóirí nua atá roghnaithe agus mar a bheidh vótaí a charnadh.

Lá mór do lucht teailí is ea lá an chomhaireamh. Thabharfadh córas leictreonach torthaí dúinn ar an toirt ach i bhfocla an Iar-Thaoisigh Bertie Ahern ní raibh an pobal sásta scaradh leis an sean pheann luaidhe.

Is cineál spórt fola an pholaitíocht do na hanoraic sna meáin agus sna páirtithe polaitiúla agus is ag na hionaid comhairimh is fearr atá seo le feiceáil.

Moch maidin Dé Sathairn beidh fuadar faoin dá dhream sin agus iad ag bailiú sna hionaid comhairimh, iad ag meascadh lena chéile agus ag cothú cairdis ionas gur féidir leo obair as lámh a chéile. Cheana féin beidh na Páirtithe polaitiúla ag eagrú cé bhéas i mbun teailí, má tá daoine nua i gceist cuirfear iadsan le duine a rinne an jab cheana.

They like to watch. Tallyfir agus Tallymná - radharc grinn, géirshúileach acu ar na ballóid.

Cúram an-dáiríre an teailí ach bíonn spraoi, fonóid agus spochadh i gceist freisin mar tá aithne mhaith ag lucht tacaíochta na bPáirtithe uilig ar a chéile. Peann agus pár a úsáidtear don bhun- obair, chuile dhream ag díriú ar a gcuid iarrthóirí féin ach sásta comhoibriú leis an bhfreasúra chun figiúirí réasúnta cruinn a aimsiú.

Le tamall de bhlianta tá an córas teailí éirithe níos slíocaí, an-ghairmiúil, bíonn lucht ríomhaireachta anois acu leis na figiúirí a ionchur agus toradh glan a ríomh. Bíonn siad an-chruinn agus is iad na figiúirí sin a thugann ábhar cainte do chláracha raidió agus teilifíse agus iad ag fanacht le cuntais oifigiúla. Nuair a osclaítear na boscaí beidh deire leis an scig mhagadh agus an baothchaint.

An Satharn beag seo beidh vótaí na Comhairle Contae le scagadh ó vótaí Pharlaimint na hEorpa, beidh lucht teailí ag faire ar chuile phíosa páipéir. Caithfidh radharc maith a bheith acu chun an vóta a leanacht síos tríd an bpáipéir ballóide.

Beidh siad ar an airdeall do threocht ar leith, fás nó teip do aon Pháirtí. I gcás na vótaí don Chomhairle Contae beidh súil ghéar á choinneáil acu ar cén cheantair gurb as na boscaí. Lucht teailí na daoine céanna a bhí amuigh ag stocaireachta le trí seachtaine, a chuala na geallúintí agus na gearáin ar na dóirse agus díol mhór suime dóibh na torthaí dá bharr sin.

Tugann an mion scagadh sin léargas do na páirtithe atá an-úsáideach don chéad toghchán eile. Má tá athrú suntasach i mboscaí áirithe díreoidh an páirtí ar an gceantar sin don chéad iarraidh eile. Coinnítear na polaiteoirí ar an eolas freisin ar ndóigh ach is annaimh a bhíonn mórán acu thart ag tús an lae; faoin am a thagann siad ar an bhfód bíonn a fhios acu cé mar atá ag éirí leo.

Boscaí lán le ballóidí, torthaí fé ghlas. [Pic: Getty Images]

I gcás chláracha Raidió na Gaeltachta a mbeidh mé fhéin páirteach iontu, déantar mion scrúdú ar na boscaí ó na ceantracha Gaeltachta éagsúla. Ní mór dúinn dílseacht páirtí agus tír eolas a chur san áireamh san anailís. Tá an tír eolas níos mó i gceist inniu ná mar a bhí nuair a thosaigh mise ag plé le cláracha ar dtús.

Níl an chaint céanna anois faoi pholaitíocht an chogaidh chathartha nó na sean dílseachtaí a ghabh leis. Ionadaí dá gcuid fhéin a bheith ag ceantar an rud is tábhachtaí anois agus bíonn sin le braith sna haistriúcháin. Mar bhall den bhriogáid anoraic caithfidh mé admháil go sílim gur córas iontach é seo agus gur fearr go mór liom an sean pheann luaidhe ná an cnaipín leictreonach.

Cláracha OllToghcháín 2024 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Lá an Chomhairimh 2024 ar RTE RnaG maidin Shatharn ón a10r.n. go dtína 1i.n.

Óna 10r.n. go dtína 1i.n. cuirfidh Gormfhlaith Ní Thuairisg tús leis an gclúdach le cuidiú bhaill phainéal Cuan Ó Seireadáin, Donnacha Ó hEallaithe, Áine Ní Chiaráin, Sean Ó Neachtain, agus Ciaran Ó Finneadha.

Leanfaidh Gormfhlaith uirthi óna 3 go dtína 6 tráthnóna le Cuan Ó Seireadáin, Donnacha Ó hEallaithe, Cecelia Ní Choileáín, Eoghan Ó Neachtain, agus Ciaran Ó Finneadha go dtagann Máirín Ní Ghadhra ina comharba óna 6.30 go dtí meán-oíche le painéal ar a mbeidh Cuan Ó Seireadáin, Donnacha Ó hEallaithe, Áine Ní Chiaráin, Connie Ní Fhátharta, agus Cormac Ó Comhraí.

Leanfar leis an ainilís Dé Domhnaigh óna 9r.n. go dtína 1i.n. nuair a bheidh Gormfhlaith Ní Thuairisg sa suíocháin athuair agus Cuan Ó Seireadáin, Donnacha Ó hEallaithe, Áine Ní Chiaráin, Cecelia Ní Choileáin agus Sean Ó Neachtain ina teannta.

Fillfidh Mairín Ní Ghadhra ag 4.30 go dtína 6 tráthnóna agus Cuan Ó Seireadáin, Donnacha Ó hEallaithe, Áine Ní Chiaráin, Eoghan Ó Neachtain agus Ciaran Ó Finneadha léi agus ag brath ar thorthaí óna 6.30 ar aghaidh déanach le Cuan Ó Seireadáin, Donnacha Ó hEallaithe, Connie Ní Fhátharta, Cormac Ó Comhraí agus Ciaran Ó Finneadha.

Coinnigh cluas ar an gclúdach ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.