We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Bhí údar ceiliúrtha ag an teach foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR anocht ag na An Post Irish Book Awards 2024 agus Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana bronnta ar 'Geansaithe Móra' le Gearóidín Nic Cárthaigh.
Bhí an ócáid mhór bhronnta ar siúl in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath.
Seo an naoú bliain déag de na An Post Irish Book Awards agus déanann siad ceiliúradh ar agus cuireann siad scríbhneoireacht Éireannach chun cinn i measc an réimse is leithne léitheoirí. Gach bliain, tugann na gradaim aitheantas don chuid is fearr de thallann scríbhneoireachta nua agus seanbhunaithe na hÉireann.
Is scríbhneoir splancscéalta, gearrscéalta agus dánta í Gearóidín Nic Cárthaigh, buaiteoir an ghradaim i mbliana sa chatagóir Ghaeilge. Tá saothar dá cuid foilsithe in irisí éagsúla ach is é ‘Geansaithe Móra’ an chéad chnuasach óna peann.

Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach seo, iad go léir faoi bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha agus ghrá, idir uaigneas agus dóchas. Tá an leabhar seo lán le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á bhfáil acu ar an saol.
Sé leabhar ficsin Gaeilge a bhí ar ghearrliosta Gradam Love Leabhar Gaeilge i mbliana atá urraithe ag Foras na Gaeilge. Deir Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge, Seán Ó Coinn "Cuireann Foras na Gaeilge béim ar leith ar scríbhneoireacht na Gaeilge. Tá caighdeán agus éagsúlacht na scríbhneoireachta i nGaeilge ag dul i bhfeabhas bliain i ndiaidh bliana, agus líon na seánraí ag méadú dá réir. Tá Foras na Gaeilge an-sásta a bheith i gcomhpháirtíocht leis An Post le haird a tharraingt ar chuid de na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh in 2024, agus déanaimid comhghairdeas ó chroí le buaiteoir Ghradam Love Leabhar Gaeilge na bliana seo."
Cuireann Love Leabhar Gaeilge leabhair Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann i measc léitheoirí, i siopaí leabhar, ar líne agus trí acmhainní agus ócáidí do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i leabhair Ghaeilge.
Aimsigh an scéal is ansa leat ag LoveLeabharGaeilge.ie