Táim i mo shuí in aice le leaba mo mháthar san ospidéal ag scríobh an ailt seo.
Bhí sí breoite sa bhaile ar maidin. Is bean í go bhfuil go leor fadhbanna sláinte aici. Bhí mé idir dhá chomhairle faoi lucht na n-otharcharr a tharraingt amach ag an teach arís: an rachadh sciúrd eile ar an Aonad Éigeandála maitheas di, nó níos mó díobhála? Ach bhí sí ag fulaingt agus mar sin de, ghlaoigh muid orthu.
An iarraidh seo, thug an paraimhíochaineoir rud éigin difiriúil fúithi faoi ndearna: bhí barúil aige gur seipis ba chúis leis an mbabhta seo tinnis.

Bigil ar son Savita.
Bhí an ceart aige.
Faoin am a bhain sí an t-ospidéal amach, bhí sí ar an dé deiridh. Glaodh an teaghlach ar fad isteach agus chuir duine san Astráil eitiltí in áirithe. Tugadh Meropenum - an frithbheathach is láidre dá bhfuil ann – di san Aonad Athbheochana láithreach.
Tá seacht n-uaire imithe tharainn ó ghlac sí an leigheas draíochtúil. Tá brú fola normálta aici. Bhí sí ag canadh os ord cúpla noiméad ó shin. A bhuíochas le lucht an otharchairr, chuathas i ngleic leis an ionfhabhtú in am.
Níorbh amhlaidh an scéil i dtragóid Savita Halappanavar ná aon duine eile de na hothair ar cailleadh na scórtha deis ina gcásanna cóir leighis oiriúnach a thabhairt dóibh in am.
Comhtharlúint amach is amach is ea an t-eispéaras le mo mháthair ag an tráth seo i mo shaol mar táim díreach i ndiaidh oibriú ar chlár dhá mhír ar Savita Halappanavar, atá mar chuid den tsraith Scannal: Savita, RTÉ One, Dé Máirt 3ú agus Dé Máirt 10ú Nollaig, 7i.n.

Mórshiúil in aghaidh an ghinmhillte sna 1980daí.
Is bean bhreoite agus aosta í mo mháthair, ach tá an chuma ar an scéal gur pé údar a bheas lena bás nuair a thiocfaidh a ham, nach seipsis a bheas ann.
Bhí Savita Halappanavar 31 bliain d'aois nuair a fuair sí bás in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, i Mí Dheireadh Fómhair 2012. Bhí sí i mbarr a réime agus a sláinte. Bhí an fiaclóir óg, gurbh as an India ó dhúchas di, agus a fear céile, Praveen, ag súil lena gcéad leanbh.
Seipis ba chúis lena bás. Cailleadh 13 deis san ospidéal a beatha a shábháil, a dúirt An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQUA); míthapa leighis a bhí ann, a rialaigh an Cróinéir.
Ach bhí comhthéacs i bhfad níb leithne i gceist, comhthéacs a mbeadh deighilt ollmhór sa tsochaí mar thoradh air agus a thiocfadh chun críche le hAisghairme ar an Ochtú Leasú i 2018.
B'í tús agus deireadh an scéil í ceist amháin: an mbeadh Savita fós ina beatha dá ndéanfaí ginmhilleadh uirthi nuair a lorg sí é? Bhí sí san ospidéal ag cailliúint linbh. Thuig sí go raibh sí breoite agus d'iarr sí ar an lucht leighis cuidiú léi deireadh a chur lena toircheas. Ag an am, bhí ginmhilleadh mídhleathach ach amháin sa chás go raibh fíor-bhagairt shubstaintiúil ann do bheatha na máthar.
Níor tugadh an cinneadh deireadh a chur leis an toircheas mar bhí buile croí fós ag an leanbh. Cailleadh na deiseanna seipsis a aithint go dtí go raibh sé ródhéanach. Bhí fíor-bhagairt shubstaintiúil ann do bheatha Savita, ach níor aithníodh í.

Mar gheall ar an tsraith imeachtaí seo, rinneadh íocón de Savita Halappanavar, ach níor roghnaigh sí riamh an ról sin di féin.
Bhraith an pobal ar son na mbeo gan bhreith gur baineadh leas as a bás chun athrú bunreachtúil a thabhairt i bhfeidhm; bhí an dream ar son rogha den tuairim nár chóir go mbeadh sé riamh de dhualgas ar dhochtúirí cóip de Bhunreacht na hÉireann a bheith ina lámh acu agus iad i mbun oibre.
B'í ceann amháin de na heachtraí ba chonspóidí riamh sa tír í.
Sa chlár Scannal: Savita, déanann muid iniúchadh ar an amlíne a tháinig chun críche le bás tragóideach Savita, ón am a chuaigh sí isteach san ospidéal. Labhraíonn muid le saineolaithe sláinte agus le hiriseoirí a chlúdaigh an cás ag an am, an t-iriseoir Kitty Holland a bhris an scéal san Irish Times, san áireamh.

Thug an tOllamh Sabaratnam Arulkumaran, a bhí mar Uachtarán ar an gCumann Idirnáisiúnta Obstatraice, faoi thuarascáil ar chás Savita ar son Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Glacann seisean páirt sa chlár agus deir sé ann gur gan dabht, dar leis-sean, go raibh lámh ag an Ochtú Leasú - leasú a cuireadh isteach i mBunreacht na hÉireann i 1983 a rialaigh go raibh saol an linbh sa bhroinn ar chomhchéim le saol an máthair - i mbás Savita.
Ach goilleann sé go mór ar phobal eile go bhfuil an léamh sin ar an scéal agus caoineann siad fós cailliúint na cosanta bunreachtúla a bhí ag an mbeo gan bhreith.
Ó thaobh seipsise de, tá tuiscint i bhfad níos fearr sa lá atá inniu ann ar a comharthaí, tá feachtais fheasachta rite sna meáin agus i measc dochtúirí teaghlaigh agus tá prótacail i bhfeidhm in ospidéil na tíre, ach fós féin, cailltear deiseanna, mar a tharla i gcás uafásach Aoife Johnston le gairid.
Tá sé ríthábhachtach go gcuireann muid ceist orainn féin i gcónaí - mar a rinne an fear otharchairr i dteach mo mháthar ar maidin - "an bhféadfadh gur seipsis atá ann?"
Scannal: Savita, RTÉ One, Dé Máirt 3ú agus Dé Máirt 10ú Nollaig, 7i.n.
