skip to main content

Doireann, Louise agus Síomha le How To Gael Beo ag Cogar Other Voices

Doireann agus Síomha, sans Louise, le Oliver Callan.
Doireann agus Síomha, sans Louise, le Oliver Callan.

Beidh Doireann Ní Ghlacáin, Louise Cantillon agus Síomha Ní Ruairc i mbun leagan beo dá podchraoladh rathúil How To Gael mar chuid d'imeachtaí Other Voices ar siúl i nDaingean Uí Chúis - agus beidh sé DIFRIÚIL - #no spoiler alert.

Rinne RTÉ.ie/Gaeilge iarracht fíor-lag an t-eolas a fháil ó Dhoireann. Teip agus fail.

Tá taithí agaibh ar How to Gael a chur I láthair beo cheana féin ach bhfuil I gceist agaibh aon rud speisialta ar leith a láimhseáil in san Daingean?

"Bhuel seo hé an chéad podchraoladh beo againn sa Ghaeltacht, imeacht saor in aisce é seo chomh maith agus tá an t-ádh linn gur díoladh amach na cinn beo a rinneamar go dtí seo i gcathracha mar sin is iontach an rud é anois go bhfuilimid ag dul thíos fén dtír I gceantar tuaithe go bhfuil saorchead isteach ag éinne gur mian leo teacht isteach ag a leathuair tar éis a haon-déag ar maidin – gan amhras sin é rud eile!"

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Doireann agus Síomha ag caint le Oliver Callan ar Radio 1 an mhí seo caite.

"Tá súil againn go mbeidh nuacht a fhógairt againn go luath mar is seó iomlán nua an seó seo cé nach féidir liom mórán a nochtadh mar gheall ar an ábhar a bheidh á phlé againn ach gur rud iomlán nua é. Táimid ag súil go mór leis."

Ní féidir leat mórán a nochtadh ach go mbeidh sé difriúil ar an ngnáth How To Gael?

"Sin é, yes, difriúil, ana-dhifriúil agus cosúil le gach rud a dhéanaimid beimid ag féachaint ar an eispéireas baineann tré lionsa an béaloidis, an cultúir agus an teanga."

100% d'fhoireann How To Gael le chéile ag an nGladiator a Dó.

Beidh tú bainteach le 'happening' eile ag Cogar sé sin an togra Say A Song Project, creidim?

"Beidh agus arís is imeacht saor in aisce a bheidh ann. An rún a bhí agam riamh le The Say A Song Project ná na hamhráin a chur ar fáil don mórphobail, an traidisiúin a oscailt suas agus go bhféadfadh aon duine, cuma bhfuil Gaolainn acu, cuma nách bhfuil, teacht agus roinnt ama a chaitheamh sa saibhreas go bhfuil ar fáil I saol an chultúr béil."

"Beidh sé sin ar siúl ag Other Voices tráthnóna Dé Satharn óna 5 go dtí na 7. Arís, saor chead isteach d’éinne gur mhaith leo teacht isteach agus roinnt ama a chaitheamh sa traidiúin béil."

Níl aon bhun leis an tobar sin, mbeifeá ag súil leis an tarna sraith raidió?

"Ó tá súil agam é, tá an-ocras ann I measc lucht féachana agus lucht éisteachta agus tá oiread saibhreas ann níl deireadh leis an ábhar gur féidir baint as an traidisiúin béil ach cosúil le gach rud eile, braitheann sé ar chúrsaí ama."

"Táim chomh broidiúil fé láthair is ar éigin gur féidir liom breith suas orm féin. Braitheann sé an éireoidh liom an am a chaitheamh leis ach tá ana-fiúntas ag baint leis."

Tá rudaí eile ag teacht an treo ó Dhoireann nach féidir a sceitheadh fé láthair ar mheáin éagsúla idir seo agus Nollaig agus arís an athbhliain go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Watch this spás.

How To Gael Beo, An Díseart, Daingean Uí Chúis, 11:30 maidin Domhnaigh an 1ú Nollaig.