skip to main content

Bailiúcháin an Cheoil: My Irish Books ag méadú stór

Bailiúcháin My Irish Books
Bailiúcháin My Irish Books

'Bailiúcháin an Cheoil' - ceiliúradh ag Mo Chuid Leabhar Gaeilge tar éis bliain rathúil. My Irish Books celebrates landmark year with special collections for families to enjoy during the festive season.

Boscra leabhar My Irish Books.

Tar éis bliain rathúil i mbun méadaithe sna siopaí díolacháin leabhar ar fud na tíre tá dhá bhailiúcháin speisialta ceoil seolta ag an bhfoilsitheoir neamhspleách My Irish Books gur féidir le leanaí agus a mhuintir taitneamh a bhaint astu agus sinn ag druidim le deireadh na bliana.

Mar a mhínigh Risteard MacLiam, bunaitheoir agus bainisteoir an chomhlachta, le RTÉ.ie/Gaeilge, "Tá dhá boscra, nó box-set, seolta againn, bailiúcháin My Irish Books agus bailiúcháin My Irish Songs."

"Tá Mo Chéad Rainn Gaeilge, sin na rannta do na leanaí, agus tá Mo Chuid Amhráin Nollaig agus tá dhá cheann ceoil againn, Mo Chuid Uirlisí Ceoil agus Mo Chuid Rincí Gaelacha."

Boscra cheoil Mo Chuid Amhráin Ghaeilge.

"Mar sin tá siad san in aon bhoscra amháin, agus ansin sa bhoscra eile tá Mo Chuid Amhráin Ghaeilge 1, 2 agus 3."

"Agus is leabhar nua-fhoilsithe é Mo Chuid Amhráin Ghaeilge 3 ina bhfuil amhráin éagsúla ar nós 'An Poc ar Buile', 'Molly Malone' nó 'Mol Ní Mhaolóin' i nGaeilge.

Tá 'Cailleach an Airgid' ann chomh maith agus in ionad airgead sa phictiúr don amhrán sin chuireamar milseán, mar go mbeadh sé níos oiriúnaí do na páistí, mar sin is féidir is dócha 'Cailleach na Milseáin' a rá!"

Agus tá na leabhar seo go léir idirghníomhach?

"Sin é, tá ca ceallra nó cadhnra istigh sa leabhar cheana féin, brúnn tú an chnaipe agus is féidir leat éisteach leis an gceol.

Tá siad ar fáil anois sa ghnáth siopaí leabhar ar nós Easons agus Kenny's sa Ghaillimh mar shampla?

"Tá siad ar fáil i ngach aon áit, sna siopaí leabhar Gaeilge ar fad, dar ndóigh, i roinnt siopaí bréagáin chomh maith, ach go háirithe Cogs a thugann an-chabhair dúinn i bhFaiche Stiabhna."

"Agus beidh suíomh nua againn agus beidh na leabhar ar fad le fáil ansin agus beidh ar do chumas éisteacht leis na leabhar ar an suíomh, freisin. Tá an suíomh nua ar na bacáin agus beidh sé ar fáil roimh Nollaig."

Founded in Kells, County Meath in 2020, My Irish Books is an independent publisher which specialises in sound books that bring the Irish language and Irish culture to life at the push of a button. The books feature original artwork by award-winning illustrators Tatyana Feeney and Anne O'Hara.

For more information about My Irish Books and its collection of children's books, visit the My Irish Books website at www.myirishbooks.ie.