Sa tsraith seo, a bhfuil an-tóir uirthi agus a taifeadadh ar an láthair i Sráid na Cathrach in Iúil 2024, cuirfear léirithe siamsúla den scoth mar aon le comhráite thar a bheith spéisiúla inár láthair ón áit thar a bheith mealltach seo.
Mar imeacht ceoil, tugtar ardán do gach gné den traidisiún le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy – na foghlaimeoirí, an dream a bhfuil suim acu san fhéile, na damhsóirí, na hamhránaithe, na héisteoirí géarchúiseacha, na ceoltóirí nua-aoiseacha níos óige agus na ceoltóirí gairmiúla.
Tá an fhéile ag ceiliúradh 51 bliain ar an bhfód anois agus tá sí fós ag mealladh na sluaite ó thar lear mar aon le ceoltóirí ardchumasacha chuig Sráid na Cathrach, baile beag bídeach in Iarthar an Chláir, gan aon eisceacht, gach aon bhliain.

Féachtar anois ar an bhféile mar 'Mheice Cheoil' beagnach, agus cuirfear an éagsúlacht radharc agus fuaimeanna a bhíonn le feiceáil agus le cloisteáil ann gach bliain os comhair an lucht féachana sa tsraith seo.
Tabharfar ó lá go hoíche muid i rith lae ag an scoil samhraidh i ngach clár sa tsraith iontach cheoil seo agus beidh neart ceoil, amhrán, damhsa agus cainte air le réimse pearsana ó ar fud an domhain agus níos gaire do bhaile. Casfaimid le cohórt éagsúil agus cumasach de phearsana spéisiúla le linn na gceithre chlár.
Sa chéad chlár a chraolfar an 24 Samhain, cuirfimid aithne ar Noel Hill, atá i gceannas ar na ranganna consairtín sa scoil samhraidh le breis is 30 bliain. Beidh Noel é féin i mbun ceoil in éineacht lena chara an fidléir Liam O’Connor.

Beidh an fidléir as na Stáit Aontaithe Andrew Caden i dteannta a chuid cairde Jack Fitzpatrick, Conor McDonagh & Jack Fitzpatrick le haghaidh roinnt poirt bhríomhara. Casfaidh na ceoltóirí Eimear Howley, Maggie Maguire & Fionn O’Hanlon cúpla port freisin.
Sa dara clár, a chraolfar an 1 Nollaig, casfaimid le Mary Corcoran, Aoife O’Connor & Majella O’Beirne a thaispeánfaidh a gcuid scileanna gailf mar aon lena gcuid scileanna ceoil dúinn i Rinn na Spáinneach. Sa chlár seo freisin, casfaidh an múinteoir feadóige móire, Marcus Ó Murchú, dreas ceoil dá rang sula gcasfaidh sé amhrán lena bhean Caitríona agus a iníon Róise i Mullach.
Beidh Neill Byrne, Tomás Ó Gealbháin, Seán Ó Fearghail agus Joan Hanrahan i mbun ceoil freisin sa chlár seo.
Sa tríú clár a chraolfar ar an 8 Nollaig, cuirfimid aithne ar an bhfidléir as Doire Liz Doherty a chasfaidh cúpla port in éineacht lena cuid seanchairde ‘Fiddlesticks’. Beidh Tom Morrow, Tríona Flavin agus a mbeirt iníonacha Éabha & Caoilfhionn Morrow i mbun ceoil freisin.
Beidh Niamh Parsons ag gabháil fhoinn dúinn i ngairdín cúil Marrinan's Bar, áit a bhfuil an-tóir aici air le fada an lá. Beidh Sorcha Hennessy, Róise & Hazel O’Reilly, Edel Vaughan agus Michéal Marrinan iad féin i mbun ceoil agus amhrán ar an gclár seo.
Sa cheathrú clár a chraolfar an 15 Nollaig, casfaimid leis an bhfliúiteadóir agus boscadóir Nicholas Williams agus a theaghlach as Quebec atá tagtha chuig an scoil samhraidh den chéad uair. Cuirfidh an múinteoir fidle Leah Kelly a teaghlach in aithne dúinn agus beifear ag caint le trí ghlúin as an teaghlach seo le linn an chláir.
Beidh scoth na fonnadóireachta againn ó Brian Ó hAirt as St. Louis, SAM agus ó Cháit Ní Riain as Tiobraid Árann a bheidh ag gabháil linn i dtimpeallacht shuaimhneach an ionaid campála éiceolaíoch áitiúil. Beidh Noel & Áine O’Donoghue agus Seanie Vaughan, chomh maith le Johnny Óg Connolly, Clíodhna Costello & Pádraig Ó Dubhghaill i mbun ceoil freisin ar an gclár seo.
Is í Edel Fox, ceoltóir ar an gconsairtín as Sráid na Cathrach, a léirigh agus a stiúir Scoil Samhraidh Willie Clancy do Tyrone Productions.
Craolfar Scoil Samhraidh Willie Clancy ag 21:30 oícheanta Domhnaigh ar feadh 4 seachtaine ar TG4, ag tosú ar an 24 Samhain 2024.