skip to main content

'Tír Bheag' le Antain Mac Lochlainn mar Leabhar na Míosa

Antain Mac Lochlainn ag seoladh 'Tír Bheag' i mBéal Feirste.
Antain Mac Lochlainn ag seoladh 'Tír Bheag' i mBéal Feirste.

Aistriúcháin ar an saothar chlúitúil sa bhFraincís, 'Petit Pays' de chuid an scríbhneora Gaël Faye, is ea 'Tír Bheag' le Antain Mac Lochlainn.

Tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu.

Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda, tír dhúchais mháthair Gaby, agus ní fada go gcuirfidh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig.

Súil siar chumhachtach is ea 'Tír Bheag' ar eachtra mhór stairiúil de chuid na nóchaidí, súil siar a tharraingíonn ar thaithí phearsanta an údair féin.

Antain Mac Lochlainn, údar 'Tír Bheag', foilsithe ag Barzaz.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le hAntain fén scéal agus atá spéisiúil fén gcarachtar ar leith féin, Gaby.

Cuimhní cinn nó memoir ficseanúil atá in 'Tír Bheag', scéala ghnáth bhuachaill óg, Gabriel nó Gaby, atá ag fás aníos sa Bhurúin ach go dtagann athrú saghas tobann ar a shaol?

"Bhuel sin é, gasúr cosúil le gasúr ar bith eile atá ann, suim aige in cuideachta agus i gcailíní. Tá cara pinn aige sa Fhrainc, Laure, a bhfuil sé i ngrá léi cé nár chas sé léi riamh. Mar sin na gnáthchúraimí a bhíonns ag déanamh tinnis do ghasúir don aois sin ach thart air tá an saol ag dul ó smacht."

"Tá an deighilt seo idir pobal Hútúch agus na Tútsaíthe, tá sin ag dul in olcas. Agus is deacair dó gnáth shaol a bheith aige. Tá sé ar a dhícheall ag iarraidh diúltú don pholaitíocht agus do scéal na bpobal eitneach seo ach tá sé ag brú isteach air i rith an ama agus sa deireadh níl aon éalú ar, tá sé sa mhullach air."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Is súil siar atá sa leabhar, ina bhfuil Gaby, atá fásta agus ina chónaí i bPáras ag an bpointe seo agus é ag iarraidh iniúchadh a dhéanamh ar cad a thuig sé mar bhuachaill óg agus ceist an chiníochais a tháinig roimhe mar rud nua le tuiscint?

"Is cinnte go bhfuil Gabriel anois fásta, tá sé níos aibí agus an friotal agus an stór focail aige le cur síos ar na rudaí seo nach raibh, b’fhéidir, ag Gaby óg, ach is sórt fealsamh beag óg atá ann, sórt Plato óg! Mar tá dearcadh iontach sofaisticiúil aige; deir sé nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh lipéid ar bith air."

"Is Francach é an t-athair, mar sin tagann an cheist aníos ‘ar Francach tú?’, ‘ar Afracach tú?’, ‘bhfuil tú bán?’, ‘bhfuil tú dubh?’, ‘bhfuil tú Hútúch?’. Is as Ruanda dá mháthair, mar sin tá na ceisteanna féiniúlachta seo ann, tá cuid mhór de sin sa scéal."

An t-údar agus amhránaí Gaël Faye ar tí gradam an Prix Renaudot a bhaint, Páras, 4ú Samhain 2024 (Photo by Magali Cohen / Hans Lucas / Hans Lucas via AFP)

"Ach Gaby óg, diúltaíonn sé dos na féiniúlachtaí sin agus deir sé ‘Féach, is duine daonna mé, tá mé ag iarraidh mo shaol a chaitheamh, mo chairde a bheith agam agus cuma liom cén dath atá ar an gcraiceann.'"

"Agus fiú amháin agus é ina dhuine fásta sin an dearcadh ceannann céanna atá aige. B'fhéidir le linn do dhuine a bheith ag léamh an leabhair go sílfidh siad go bhfuil sé aisteach."

"Bíonn sé i gcónaí ag caint ar dhaoine daonna agus b'fhéidir go mbeadh duine ag léamh agus a rá ‘caidé seo? duine daonna? Caidé a thiocfadh le duine bheith seachas a bheith daonna?’ agus gur sórt botún é sin ag an aistritheoir!"

"Ach tríd an leabhar úsáideann sé an téarma être humain mar go bhfuil sé ag iarraidh an bhéim a leagan ar sin, go bhfuil muid ar fad daonna agus go ndiúltaíonn sé do na lipéid seo. Dearcadh iontach sofaisticiúil fiú amháin nuair a bhí sé óg."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Aistritheoir tú, tá go leor saothar éagsúla aistrithe agat, cad a mheall i dtreo an úrscéal seo tú?

"Comhthairlúint a bhí ann, léigh mé féin an leabhar san am, bhí mé sa Fhrainc, thart ar 2016 gur tháinig sé amach agus cause célèbre a bhí ann ach bhí sé gach uile áit! Gach uair a chur tú an raidió a dhul nó an teilifíseáin bhí Gaël Faye ar an scáileán agus bhain an leabhar an-chuid duaiseanna agus bhí an-chuid cainte air mar leabhar tábhachtach a bhí ann sílim."

"Bhí sé tábhachtach go dtuigfeadh na Francaigh an bhaint a bhí acu féin sa scéal seo, sa sléacht seo a bhí ag tarlú san Aifric mar b’fhurast, b’fhéidir, féachaint air agus a rá ‘bhuel, sin muintir na hAfraice ag marú a chéile arís’ ach go bhfuil a fhios agat go raibh na Francaigh sáite in san deighilt seo a chruthú idir na Hútúch agus na Tútsaíthe an chéad lá riamh."

"Agus tharla sé gurb é seo an leabhar a bhí ar intinn ag na foilsitheoirí, Barzaz. Chuaigh siad i dteagmháil liom agus d’fhiafraigh siad díom ar chuala mé trácht ar an leabhar seo, agus bhí sé léite agam. Is maith mar a tharla sé."

Agus ar ndóigh cause célèbre a thugann tú air, is ceoltóir é Gaël Faye chomh maith - má fhéachann tú ar YouTube cífidh tú amhrán amháin aige 'Petit Pays' agus físeán álainn aige agus é ar cuairt is dócha ag an Bhurúin. Tá an friotal sin le braistint sa litríocht sa leabhar seo chomh maith?

"Bhuel is fíor go bhfuil blas na filíochta ar chuid mhór den úrscéal, go háirithe nuair atá sé níos sine agus ag féachaint siar. Tá na sleachta sin sa leabhar, tá siad sa chló iodálach agus is sórt bealach atá le dealú idir Gaby óg agus Gaby fásta agus tá cuid acu sin thar a bheith fileata agus ceolmhar."

"B'shin an dúshlán ba mhó a bhí ann agus mé ag aistriú ag iarraidh bheith ag freastal ar sin. Go minic, ní tuairisc ar seo nó siúd a bhí ann, ní thiocfadh leat a rá go bhfuil ciall iontach ag baint le cuid den bhfriotal, ach an oiread le filíocht ar bith."

"Tá súil agam gur éirigh liom freastal ar sin. Má d'éirigh liom cuid ar bith d’fhuinneamh agus do chumhacht an bhun leabhar a thabhairt liom, sílim gur fiú go mór an saothar Gaeilge a fhoilsiú mar is seod amach is amach a bhí sa bhun leabha. Tá mé iontach buíoch, freisin, don eagarthóir, Róisín Adams. Ní hamháin go raibh sí ceartú na Gaeilge ach chuir sí slacht ar chuid mhór den na céad dréachtaí agus bhí cuid mhór de na habairtí i bhfad níos sothuigthe agus níos soiléire de bharr na moltaí a rinne Róisín."