Tar éis cuntas TikTok a bhunú sa bhliain 2020 le cabhrú le daoine Gaeilge a fhoghlaim ar líne tá Jane Ní Luasa as Múscraí anois i mbun gnó lán-aimseartha ag soláthar ábhar leathan Gaeilge do dhaoine ar fud an domhain - fiontraíocht ina bheatha.
Labhair Jane le RTÉ.ie/Gaeilge fén gcaoi gur thosaigh sí ar an mbóthar seo.
Tá an-chuid ábhar ar fáil agat ar Gaeilge le Jane, idir TikTok, Instagram, WhatsApp, podcraoladh agus eile, caithfidh go dtógann sé ana-chuid ama é a sholáthar?
"Tógann anois. Thosaigh mé ag obair go lán aimseartha ag Gaeilge le Jane i rith an tsamhraidh. Roimhe sin bhíos ag déanamh leath agus leath, leath aistriúchán agus leath Gaeilge le Jane ach anois déanaim go lán-aimseartha é."

Mar sin de bhunaigh tú, ar shlí, comhlacht beag ó 0 go dtí 60 nó 100% ó thaobh do chuid ama de. Cad é a spreag tú lena bhunú an chéad lá?
"Bhíos ag múineadh i nGaelscoileanna ar dtús i gCorcaigh agus ansan chuas go Ollscoil Montana ar scoláireacht Fulbright ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta agus thaitin sé go mór liom."
"Agus nuair a bhíos ann thosaigh mé mo leathanach TikTok agus bhí an-tóir ar na físeáin. Agus mar sin lá amháin fuaireas teachtaireacht ag rá 'an bhfuil aon tseans ann go múinfeá rang dom?' agus b’shin rud ar suim le duine éigin i gCill Áirne, mar a tharlaíonn sé, agus thaitin sé sin go mór liom."
"Chuireas scéala in airde ar TikTok ag rá go raibh ranganna ar fáil agus thosaíos le deichniúr duine, agus anois tá i bhfad Éireann níos mó ná sin agam!"
Tá 36,000 leantóir agat agus 371,000 ‘likes’ agat – is léir go bhfuil an-éileamh ann do Ghaeilge le Jane ach an roinneann tú do chuid ama go cothrom idir Instagram, TikTok, agus WhatsApp nó a bhfuil ceann acu níos líonmhaire ná a mhalairt?
"Tá! Ar dtús de bhíos ag díriú go hiomlán ar TikTok mar tá sé an-éasca ‘likes’ a fháil air mar tá an FYP, an For You Page air, agus bíonn na físeáin ag teacht in airde is dócha do ana-chuid daoine. Ach ansan, bhraitheas nach raibh na daoine céanna ag féachaint ar gach físeáin mar sin thosaíos leathanach ar Instagram freisin."
"Is dóigh liom go bhfuil na leantóirí sin difriúil mar go bhfeiceann siad m’ábhar go héasca."
Agus maidir leis an ngrúpa WhatsApp agat, an ranganna beo atá i gceist leo san?
"Bhuel múinim ranganna príobháideacha agus ranganna i ngrúpaí agus an dúshlán a bhíonn ag gach duine ná conas gur féidir liom an teanga seo a úsáid níos minice? An-chuid des na mic léinn atá agam táid lonnaithe sna Stáit Aontaithe."
"Tá sé deacair an Ghaolainn a úsáid go laethúil ann, ach tá sé an-éasca é a úsáid go laethúil ar líne mar sin bhunaíos an grúpa WhatsApp agus tá fáilte roimh éinne ann anois, ach ar dtús an rud a bhí i gceist agam ná go mbeadh na daltaí ann agus ábalta teachtaireachtaí a chur chuig a chéile faoi scannán, leabhar nó caitheamh aimsire."
"Ach ansan d'osclaíos é d’éinne agus anois tá meascán deas ann agus bíonn comhráití simplí nó comhráití níos casta ann, beagnach gach lá ach cinnte gach seachtain agus ansin déanaim ciorcal comhrá ar zoom uair sa mhí agus bíonn deis acu teacht le chéile agus comhrá ó bhéal a bheith acu."
Mar sin tá gach cineál modh in úsáid agat leis an nGaeilge a chur ar fáil do dhaoine?
"Tá podchraoladh agam freisin chun gur féidir leat éisteacht agus cleachtadh."
Agus é san á dhéanamh agat led dheirfiúir, nach ea, Gaeilge 13? Bhfuil sé sin dírithe ar an tarna leibhéal?
"Tá an-chuid podchraoltaí ann anois is dóigh liom, ach nuair a thosaíos é bhí bearna ann do phodchraoladh le comhrá ag meánleibhéal, nach raibh ró-dheacair nó ró-éasca agus cheapas go líonfaimis an bhearna sin agus tá 500 leantóir againn ansin ceapaim, mar sin éisteann an-chuid daoine leis anois."
Agus ní gá duit Múscraí a fhágaint nó a bhfuil tú id chónaí in áit éigin eile anois?
"Táim i mo chónaí i Múscraí an chuid is mó den am!"
Agus nach méanar di!
Más spéis leat tuilleadh a fhoghlaim faoi - agus le - Jane, féach anseo.