skip to main content

Leabhar na Míosa 'Tír Bheag' le Antain Mac Lochlainn

Is é 'Tír Bheag' le Antain Mac Lochlainn atá roghnaithe mar Leabhar na Míosa mhí na Samhna ag An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock RTÉ Raidió na Gaeltachta agus mar chuid den clúdach dhein an scríbhneoir, Áine Ní Ghlinn, léirmheas air don gclár Tús Áite.

Leagan Gaeilge é 'Tír Bheag' ag Antain Mac Lochlainn ar an úrscéal 'Petit Pays' leis an scríbhneoir Gaël Faye a insíonn scéala Gabriel, buachaill óg ag fás aníos sa Bhurúin in 1992.

Tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda, tír dhúchais mháthair Gaby, agus ní fada go gcuirfidh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig.

Súil siar chumhachtach is ea 'Tír Bheag' ar eachtra mhór stairiúil de chuid na nóchaidí, súil siar a tharraingíonn ar thaithí phearsanta an údair féin.