skip to main content

Cuireann IMRAM pobal fé gheasa ag CEOLTA

An slua ag luascadh ag CEOLTA. 
[Pic: Jim Berkeley, JJB Photography]
An slua ag luascadh ag CEOLTA. [Pic: Jim Berkeley, JJB Photography]

Déardaoin seo caite chruinnigh lucht leanúna fhilíocht na Gaeilge sa Grand Social i gcomhar Ceolta, oíche spleodrach filíochta agus ceoil í seo a bhí á heagrú ag IMRAM i gcomhar le hÉigse Éireann.

Fógartha mar imeacht 18+, is mó seans gur bhain an srian aoise leis an láthair a bheith ina theach tábhairne ach níor mhiste an rabhadh leis an scríbhneoir seo a mhealladh chuige mar imeacht!

Ar an gclár bhí cúigear ealaíontóirí aitheanta agus a gcuid saothar féin á chur i láthair acu. Tá cónaí ar thromlach acu lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus mar sin ba luachmhar an deis iad a fheiceáil in aon gheábh amháin.

Ceo draíochta nó néal geasa? [Pic: Jim Berkeley, JJB Photography]

Is sa lochta thuas staighre a bhíomar, mar a bhfuil cuirtíní dearga is glasa ar crochadh go sómasach ón tsíleáil amhail sorcais nó cabaret, gné a chuireann go mór le hatmaisféar aon imeachta.

Bhí boird is suíocháin leagtha amach ar chúl an halla, ach fágadh folamh an leath an halla is gaire don stáitse, cinneadh nár thuig mé ar dtús ach a raibh ciall leis sul i bhfad.

Chonaic mé beirt theicneoirí ag obair ar chúrsaí fuaime is soilse agus bhí grianghrafadóir proifisiúnta, Jim Berkeley, ann le ceamara mór groí ina ghlac aige. Sin uile le rá gur léir an caighdeán ard léiriúcháin ó thús an imeachta.

Laoighseach Ní Choistealbha [Pic: Jim Berkeley, JJB Photography]

Cinnte, is féidir léamh filíochta a chur ar siúl áit ar bith gan mórán trealaimh ach ní chiallaíonn sé sin gur chóir. Chabhraigh sé freisin go raibh an seomra dorcha, go bhféadfaimis dearmad a dhéanamh orainn féin mar lucht éisteachta agus díriú isteach ar a raibh á chlos againn.

Chuir Liam Carson, bunaitheoir agus stiúrthóir na féile, tús leis an oíche ón ardán. Tá an fhéile IMRAM ar an bhfód le fiche bliain anuas, ag cur réimse imeachtaí snasta faoinár mbráid a chuimsíonn gach saghas litríochta.

Cuimsíonn clár na féile seoltaí leabhar, tionscadail aistriúcháin, léachtanna, agallaimh agus seónna éagsúla ilmheáin. Seoid is ea í i bhféilire na nGael, go príomha san ardchathair agus ar uairibh níos faide i gcéin nuair a thugtar imeachtaí IMRAM ar chamchuairt.

Dubhán Ó Longáin. [Pic: Jim Berkeley, JJB Photography]

Ba í Laoighseach Ní Choistealbha an chéad fhile, Conallach mná í atá mar thaighdeoir PhD in Ollscoil na hÉireann sa Ghaillimh. Seoladh a céad chnuasach, Solas Geimhridh, anuraidh. Mhol Liam an leabhar as an ábhar agus an dearadh araon, é curtha le chéile go snasta ag Barzaz.

Foilsíodh filíocht Laoighseach cheana in irisí iomadúla fearacht Comhar, Feasta, Éigse Éireann, ANEAS, The Waxed Lemon, ROPES agus An Capall Dorcha, tá léamhanna go leor déanta aici, agus roghnaíodh í mar dhuine d'fhilí Céadlínte anuraidh, scéim de chuid Éigse Éireann a thacaíonn le filí atá i dtús a ré.

Ar phár, tá ionracas i bhfilíocht Laoighsigh agus ar an ardán bhí sí compordach agus réchúiseach, a cuid saothar á léamh aici go soiléir agus go neamhghairéadach. Léigh sí cúpla dán ón gcnuasach ar dtús agus ansin sraith dánta nua glice a bhain le Gaeltacht na Gaillimhe, áit a bhfuil Laoighseach ag cur fúithi le tamall anuas.

Julie Goo. [Pic: Jim Berkeley, JJB Photography]

Ansin shiúil sí ón spotsolas, ag filleadh ar an dorchadas mar a rabhamar ag suí - an chuid againn ar éirigh linn stól a aimsiú! Bhí slua maith bailithe don imeacht, leath dóibh ag seasamh in aice na bhfallaí, rud nár mhiste ag oíche Bhoihéamach mar é.

Conallach eile é Dubhán Ó Longáin, a bhfuil PhD ar an bhFiannaíocht curtha i gcrích aige in Ollscoil Uladh. Bhain sé an chéad áit amach i Slam Filíochta Liú Lúnasa in 2018 agus tá dánta leis foilsithe in An tUltach, North West Words, Feasta agus Comhar. D’fhoilsigh Coiscéim a chéad chnuasach, IDEO Locator, sa bhliain 2020.

Scríbhneoir gearrscéalta is ea é leis agus ba léir a chumas scéalaíochta agus scéal tochtmhar á insint aige faoi bhás a mháthar mar réamhrá ar a chuid dánta. Bhí friotal simplí agus soiléir sna dánta ab fhearr liom leis, a smaointe leagtha amach ar shlí néata, nádúrtha agus cumhachtach.

Marcus Mac Conghail agus a mhac, Naoise. [Pic: Jim Berkeley, JJB Photography]

Corcaíoch mná í Julie Field, nó Julie Goo mar is fearr aithne uirthi. Bíonn sí le clos go minic ag féilte agus i gcomórtais ar fud an oileáin. Tháinig sí sa dara áit i Slam Filíochta Liú Lúnasa 2021 agus bhí sí mar Churadh na Mumhan thiar in 2012.

Bhain Julie Céim agus MPhil amach sa Ghaeilge i UCC. Is múinteoir í sa bhunscoil Foghlaim le Chéile i gCorcaigh agus go deimhin bhain ceann dá dánta leis na faillí atá á ndéanamh ar pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu trí easpa maoinithe ón Stát. Níos déanaí d'éirigh léi cuid den slua a mhealladh le damhsa le traic dá cuid.

Is file é Marcus Mac Conghail a bhfuil an ceol fite fuaite ina shaothar. Bhí sé ar ardán lena mhac Naoise atá ag déanamh staidéir ar an snagcheol faoi láthair. Foilsíodh dánta le Marcus in Feasta, Southword Journal, The Stinging Fly, Comhar, agus in Poetry Ireland Review agus bronnadh Duais Michael Hartnett air sa bhliain 2015.

Is suimiúil mar a fhorbraíonn Marcus píosaí ealaíne thar thréimhse ama, é ag cur cló úr agus snas nua ar shaothar dá chuid féin agus ón traidisiún araon, mar shampla leagan nua-aimseartha den amhrán sean nóis Caisleán Uí Néill, le fonn meallacach.

SexyTadhg. [Pic: Jim Berkeley, JJB Photography]

Is ceoltóir spleodrach é Tadhg, nó SexyTadhg mar a thugann siad orthu féin ar stáitse. Amhránaí cumhachtach agus taibheoir pléascach iad agus bhí a mbanna ceoil ag seinnt leo freisin.

Dar ndóigh bheadh seanaithne ag díograiseoirí na n-imeachtaí Gaeilge ar Thadhg, lucht freastail Fhéile na Gealaí, REIC, Lá Mór na Gaeilge, nó leantóirí AerachAiteachGaelach mar shampla.

Ainmníodh Tadhg ar an liosta '50 to Watch’ de chuid an Irish Times i mbliana agus bhíodar le feiceáil ar stáitsí móra ar fud na tíre.

Television an t-ainm a bhí ar sheó Thaidhg i bhFhéile Imeall Bhaile Átha Cliath, seó a bheidh ar siúl arís roimh Nollaig má chaill tú é an chéad uair.

Idir an gceol agus a bpearsantacht, spreag Tadhg damhsa agus saoirse sa lucht féachana agus faoi dheireadh na hoíche bhí craic go gealach sa seomra - liúnna á scairteadh, pocléimeanna á thabhairt agus allas á chur go tréan. (Agus ciall leis an easpa suíochán chun tosaigh sa seomra!)

Ar an stáitse - Kevin Foran, Jordan Higgins, Ryan Mclelland, Sexy Tadhg agus Ruby Levins.
[Pic: Jim Berkeley, JJB Photography]

Ealaín ann féin is ea leagan amach an imeachta. Ag leathuair i ndiaidh a seacht a osclaíodh doirse Ceolta, beagán i ndiaidh a hocht a thosaigh an t-imeacht agus nach mór a haon déag istoíche gur cuireadh deireadh leis, tar éis don slua ‘CEANN AMHÁIN EILE!’ a lorg ó Thadhg.

Dfhéadfá a rá go bhfuaireamar margadh den chéad scoth an méid sin ealaíne a shú isteach ar €15 agus seans go ndéarfadh duine eile go raibh sé beagán rófhada don slua oíche Dhéardaoin.

Chabhraigh spiorad an tslua leis an imeacht freisin. Is deas an slua lucht éisteachta le Gaeilge. Bímid dearfach faoin ealaín agus toilteanach páirt a ghlacadh. Go minic bímid buíoch an t-imeacht a bheith ar siúl agus ba mhaith linn go n-éireodh leis.

Cuspóir IMRAM ná spéis daoine óga a chothú i litríocht na Gaeilge. Déarfainn gur éasca sin in 2024 ná nuair a bunaíodh an fhéile in 2004. Mar sin féin, cé go bhfuil dea-thoil ag méadú agus foghlaimeoirí ag baint triail as an nGaeilge ar iliomad slite, bhí luach ar leith ag baint le Ceolta, a rinne ceiliúradh ar shaibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha ag an leibhéal is airde.

Tuilleadh eolais ar IMRAM anseo agus físeán IMRAM anseo.