Bíodh sibh ar an eolas go mbeidh téamaí, iomaitheoirí agus dáilcheantair na tíre faoi scrúdú ar ag Máirín Ní Ghadhra ar An Pod Polaitiúil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir seo agus lá vótála an Olltoghcháin ar an 29 Samhain ag tosnú amárach 16 Samhain.
Míníonn Máirín do RTÉ.ie/Gaeilge faoin gcur chuige a bheidh i gceist.
Cad ar atá an gcraoladh speisialta toghchánaíocht seo dírithe?
"Mar is gnáth le clár olltoghcháin beidh muid ar ár míle dícheall an t-eolas is déanaí faoi na vótaí, tacaíocht na n-iarrthóirí éagsúla agus staid na bpáirtithe a chur i láthair an phobail."
"Tá rudaí i bhfad níos dúshlánaí le teacht na meáin shóisialta agus eolas ag teacht chun cinn ar luas lasrach agus ag athrú de shíor. Is deacair, mar sin féin, an t-sean anailís ar na bhfigiúirí a bhualadh seachas a bheith ag braith ar bhlúiríní eolais."
"Beidh saineolaithe éagsúla againn gach aon uair agus beidh muid ag iarraidh léargas a fháil ar céard atá dá rá ag pobal na hÉireann faoina gcuid mianta polaitiúla."

Cad iad na ceantair ar leith a mheasann tú a bheidh iomaíoch?
"Tá an oiread sin ann i mbliana. Tá ceithre dháilcheantar nua, ceathrar déag teachtaí nua agus athruithe móra ar chuid de na dáilcheantair eile an babhta seo."
"Tá an tírdhreach polaitiúil sa tír athraithe ó bhun freisin mar nach bhfuil daoine ag cloí leis na seanthraidisiúin ó thaobh tacaíocht do pháirtithe."
"Beidh na dáilcheantair ina bhfuil an Taoiseach agus an Tánaiste thar a bheith spéisiúil chomh maith le dáilcheantar cheannaire Shinn Féin. Go deimhin, beidh siad ar fad spéisiúil ach níl sé i gceist agam iad ar fad a liostál!"

Bhfuil an pobal ar bís don toghcháin seo?
"Níl a fhios agam an bhfuil. Tá a fhios againn go bhfuil an toghchán seo ar an mbealach le fada ach tá an feachtas féin thar a bheith gearr."
"Tá na páirtithe ar a míle dícheall aird an phobail a tharraingt chuig a gcuid polasaithe ach cítear domsa gur ar na buncheisteanna ar nós tithíocht agus costas maireachtála atá aird an phobail."
"Deirtear nach mbíonn a n-intinn déanta suas ag an gcuid is mó den phobal go dtí na laethanta deireadh agus tá suas le coicís go dtí lá na vótála go fóill. B'fhéidir go mbeadh an pobal níos tógtha leis an bhfeachtas de réir mar a bhíonn na laethanta ag dul thart."
Beidh fáil ar An Pod Polaitiúil ar Apple, Spotify agus ar RTÉ Radio Player agus RTÉ.ie/RnaG.