'Gaeilge i Mo Chroí, Irish in My Heart - Your Guide to Loving and Living the Irish Language', is teideal do leabhar Molly Nic Céile, bean atá i mbun físeáin a chruthú le blianta féna spéis féin sa teanga agus mar áis le cuidiú le daoine filleadh ar an nGaeilge agus an méid atá acu a neartú.
Tá cónaí ar Molly i Nua Eabhrac fé láthair, áit as ar labhair sí le RTÉ.ie/Gaeilge.
Tá an leabhar agat ar ghearrliosta gradaim An Post, caithfidh go bhfuil lúcháir ort faoi sin?
"Táim ar bís agus ag súil leis an cheiliúradh. Ní chreidim é mar ag an am seo anuraidh bhíos ag scríobh an leabhar. Ní raibh mé ag smaoitiu ar ghradam ar bith, bhí mé díreach ag iarraidh an leabhar a scríobh. Tá mé chomh sásta go bhfuil daoine ag baint sult as agus go bhfuil sé ag cuidiú le go leor daoine an Ghaeilig a fhoghlaim."

Cad tá ins an leabhar agus cén fáth ar scríobh tú é ar an mbealach gur scrígh?
"Cúig bliana ó shin thosaigh mé ag déanamh físeáin ar YouTube agus Instagram agus is breá liom bheith ag cruthú físeán, bainim sult mhór as sin. Ach tuairim is bliain sular thosaigh mé air smaoinigh mé ar leabhar a scríobh."
"Shíl mé go mbeadh sé deas leabhar a scríobh mar bhí níos mó le rá agam, níos mó ná mar a bhí mé ábalta a chur i bhfíseán amháin."
"Thar na blianta bhí mé ag caint le foghlaimeoirí nó daoine a bhí ag iarraidh an teanga a fhoghlaim agus bhí mé ag tabhairt focail misní dóibh agus achain uair a bhí mé ag caint le duine amháin bhí mé ag smaointiú go mbeadh sé deas na rudaí céarna a rá le níos mó daoine, na focail misní do níos mó daoine. Mar sin de bhí cuid mhór smaointe agam fá choinne leabhair."
"I gcúpla caibidil pléim na dúshláin a bhíonn againn, mar shampla an náire a bhíonn orainn mar gheall ar an easpa Gaeilig atá againn nó na botúin a dhéanann muid. Uaireanta bíonn eagla ar daoine an Ghaeilge a labhairt mar go bhfuil eagla ortha go ndéanfaidh siad botúin, mar sin tá caibidil agam faoi sin."
"In amantaí mothaíonn daoine chomh fada ón nGaeilig, ach ní shílim go bhfuil muid; tá Béarla na hÉireann againn agus cuirim in iúl do dhaoine i gCaibidil eile go bhfuil níos mó Gaeilig againn ná mar a shíleann muid."
"Tá focail againn sa nGaeilig a úsáideann muid agus muid ag labhairt i mBéarla. Tá cúpla caibidil agam, cineál, fán aistriúcháin díreach, an dóigh a bhfuilimid ábalta ár mothúcháin a chur in iúl sa Ghaeilig, sin ceann de na rudaí is fear liom, go bhfuil mothúcháin orainn sa Ghaeilig."
"Is fear liom mo chuid mothúcháin a chur in iúl i nGaeilig mar go mothaíonn sé níos fearr agus ceart. Tá cúpla físeán agam fá sin, 'If Irish were English' agus is breá le daoine na físeáin sin, tá na físeáin sin iontach mór."
"Sílim go bhfuil sé tábhachtach an t-aistriúchán díreach a thuiscint mar ansin feiceann daoine cé chomh galánta is atá an teanga. Rinne mé iarracht caibidil a scríobh faoi achain rud. I gcaibidil amháin pléim meabhair shláinte fosta agus tá cúpla físeáin déanta agam faoi, labhraím faoi ó am go ham."
"Táimid ábalta an Ghaeilig a úsáid faoi rudaí eile seachas ‘Caidé a rinne tú ag an deireadh seachtaine?’ nó ‘Cén dath is fear leat?’!"
"Táimid ábalta an teanga a úsáid, is teanga cumarsáide í - ach rud a bhí mé ag iarraidh a rá le daoine chuir mé sa leabhar é."
Mar bhall den diaspóra nua, cén tionchar a bhí ag bheith id chónaí i Nua Eabhrac, as baile, ar do shaothar?
"Ceist mhaith. Tá sé suimiúil, mar tá caibidil agam faoi, agus an nath ‘Is goirt iad na deora a shiltear ach is goirte go mór iad na deora nach siltear’ ‘Tears shed ar bitter but tears unshed are most bitter’."
"Labhraim rud beag faoi Droichead na nDeor i nDún na nGall, the Bridge of Tears, an áit a chuaigh cuid mhór daoine ó Dhún na nGall a bhí orthu bogadh go tíortha eile agus nach raibh ábalta filleadh, mar sin ní fhaca a dteaghlaigh iad arís."

"Scéal iontach brónach, agus am ar bith a smaoiním ar Dhroichead na nDeor bíonn na deora liomsa. Táimse ábalta dul abhaile am ar bith agus ní raibh na daoine seo. Bhí sé cosúil le sochraid nuair a d’fhág siad."
"Anseo i Nua Eabhrac anois tá sé ar fheabhas má tá tú ag iarraidh Gaeilig a fhoghlaim. Is áit iontach í mar tá cúpla ionad anseo agus ranganna Gaeilig acu uilig – ionad in Yonkers, ionad in Manhattan, in Queens. Tá grúpa anseo, Gaeltacht NYC, agus bíonn Pop-Up Gaeltacht acu achain coicís nó mar sin. Tá an t-ádh dearg orm mar tá pobal anseo ach bím ag smointiú ar na daoine a tháinig anseo cúpla céad bliain ó shin."
"Tá Iodáilis anseo ag daoine go fóill, má bhí sean-tuismitheoirí ón Iodáil acu, tá Iodáilis acu. Tá Pólannais anseo fosta, ach níor mhair an Ghaeilig anseo agus sílim go bhfuil sé mar gheall ar an am iontach crua a bhí againn sular fhág muid. Ní raibh dóchas ar bith fágtha againn mar sin bím ag smaointiú ar sin go minic."
"Agus feicim é sin i ndaoine eile anseo, tá seans acu smaointiú ar ár dtír agus ar ár gcultúr agus ar na rudaí maithe. Bímid níos bródúla as."
"Tá Ciorcal Comhrá agam san Irish Arts Centre in Manhattan agus tá cúpla duine ann as Éireann, atá anseo le cúpla mí, atá ag freastal ar chiorcal comhrá don chéad uair. Ní dhearna siad é sin in Éirinn riamh, mar go raibh náire orthu, b'fhéidir, nó nach raibh an muinín acu, ach anseo, tá seans ag daoine níos mó muiníne a bheith acu, i mo bharúil."
Lean Molly ag YouTube: Gaeilgeimochroí agus Instagram: @gaeilge_i_mo_chroi
Tá Gaeilge i Mo Chroí, Irish in My Heart ar díol anois, foilsithe ag Hachette Ireland.