skip to main content

Ceiliúradh ar Mícheal Ó Súilleabháin ar An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock

An Draoi lena uirlis.
An Draoi lena uirlis.

In eagrán speisialta An Cúinne Dána Déardaoin beag seo beidh plé ar 'Mícheál Ó Súilleabháin, A Life in Music', foilsithe ag Cork University Press ina bhfuil aistí ómóis agus ceiliúrtha ag cairde agus comhleacaithe leis an laoch ceoil a cailleadh in 2018.

Clár iomlán a bheidh i gceist leis an leabhar mór millteach seo, le saol agus saothar an tSúilleabhánaigh a mharcáil.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Scríobh breis is 100 duine píosa don leabhar seo, léiriú ar an ómós forleathan a bhí ag daoine air.

Labhrann Tristan Rosenstock le duine d'eagarthóirí an leabhair, Nicholas Carolan, Stiúrthóir Emeritus Thaisce Cheol Dúchais Éireann, faoin leabhar féin agus faoin aithne a bhí aige ar Mhícheál thar thréimhse 50 bliain.

Nicholas Carolan.

Leagann sé amach éirim an leabhair agus gur díríodh ar Mhícheál an ceoltóir-chumadóir, ar Mhícheál an fear léinn agus ar Mhícheál an duine.

Labhrann Tristan freisin leis an bhfile Áine Uí Fhoghlú, a bhfuil alt agus dán aici sa leabhar, faoin tréimhse a chaith Mícheál agus Nóirín Ní Riain ag maireachtáil i nGaeltacht na Rinne.

Theastaigh uathu an teanga agus na hamhráin a shealbhú. Bhunaigh siad cór agus grúpa ceoil le déagóirí an cheantair a d'fhág rian nach beag ar mhuintir na Rinne.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Helen Ní Shé ar An Saol ó Dheas ag caint le Peadar Ó Riada agus eile fé bhás Mhíchíl.

An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock, gach Déardaoin ag 2.05i.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.