skip to main content

Samhail Bhaile Átha Luain in 2050 mar chuid de Sheachtain na hEolaíochta ar RTÉ

Carla O'Brien & an Dr Lollie (Lorraine) Mancey láithreoirí Futureville Ireland
Carla O'Brien & an Dr Lollie (Lorraine) Mancey láithreoirí Futureville Ireland

Sraith nua ardaidhme trí chlár is ea Futureville Ireland, arna cur i láthair ag Carla O'Brien & an Dr Lollie Mancey ar RTÉ One agus RTÉ Player ina dtugtar léargas athshamhalta ar Bhaile Átha Luain ina chathair mhór – Futureville – in Éirinn na bliana 2050.

Cén chuma a bheadh ar Áth Luain sa bhliain sin? Cén saol a bheadh ag muintir na cathrach ann? Agus cé na bearta nuálaíochta is deireanaí atá ag pobal Taighde Éireann a thabharfaidh gur féidir sin a thabhairt i gcrích?

Príomhchathair i lár tíre é Futureville ina bhfuil cónaí ar ceathrú milliún duine. D’fhéadfadh athchruthú spleodrach na cathrach seo, bunaithe ar shaothar taighde lucht eolaíochta na hÉireann, tarlú chomh réidh céanna maidir le baile mór ar bith eile in Éirinn. Rinneadh an tsraith seo a fhorbairt i gcomhar le Taighde Éireann.

Rónán Ó Dálaigh, founder of sustainable charity shop, Thriftify, Hannah Quinn Mulligan and Dr. Michelle McKeown of UCC's School of Biological, Earth and Environmental Sciences.

Heated

Beidh séasúr nua de Heated ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ar an Mháirt le scéalta nua fúthu siúd atá chun tosaigh ag cur in aghaidh an athrú aeráide ar fud na hÉireann. Tá teacht ar chláracha uile na sraithe do dtí seo ar an RTÉ Player.

BUAICPHOINTÍ DO LEANAÍ

Tá cuid mhór á chur ar fáil ag RTÉ do leanaí i rith Sheachtain na hEolaíochta:

What’s Next?

Clár é Whats' Next? ina ndéanann leanaí – le beagán cúnaimh ó lucht tionchair – iomaíocht ag féachaint le teacht ar smaointe a thabharfaidh an Domhan seo slán.

Sa tsraith seo, díríonn grúpa leanaí as Éirinn an intinn ar fhadhbanna maidir le cúrsaí faisin, iompair, dramhaíola, bia agus árais chónaithe a réiteach.

Oibríonn siad i bpáirt le Adam Beales, Demi Isaac Oviawe agus MC Fitzpatrick, daoine den lucht tionchair in Éirinn, ag iarraidh teacht ar an smaoineamh a thiocfaidh i gcion ar an moltóir – Fionn Ferrieira, Corcaíoch óg a bhfuil an-cháil air maidir le héirim cheapadóireachta.

Demi Isaac Oviawe.

Téann buaiteoir an chláir ar aghaidh i ngach cás go dtí clár mór na craoibhe agus iad san iomaíocht don duais mhór – an bosca éirime órga agus deis smaoineamh a chur i láthair mhilliúnaí atá ar mhisean infheistíochta ag iarraidh an domhan a fhuarú.

The Scavengers

Is iad na Scavengers, a mhaireann in Éirinn sa bhliain 3000, an chéad dream (agus an t-aon dream) a mhair ar an domhan seo le míle bliain. Bí in éineacht le Arrow (13), Starla (15), a dheirfiúr agus an cara is fearr atá acu, róbait darbh ainm ARG, agus iad ag déanamh an bhealaigh trí chíorthuathail greannmhar an tsaoil, agus na geábhanna contúirteacha ina gcastar iad, ar an Domhan san am atá romhainn.

Where the Wild Geese Go

Tionscadal Where the Wild Geese Go a bhfuil eachtraíocht agus spraoi i gceist leis agus an Chadhan á leanúint ar thuras iontach imirce. Is mian linn eolas ceart a fháil ar shaol an éin seo ar beag eolais atá air go dtí seo. Tagann meitheal eolaíochta le chéile le lorg an chadhain a leanúint ag dul as Éirinn go Ceanada agus ar ais arís.

An Chadhan, the Brent Goose. Where do they go?

Bíonn amharc ar an gclár mar a bheadh an lucht féachana san ealta féin, feictear ar an talamh iad agus ag imeacht san aer. Feictear na háiteanna a dtugann siad cuairt orthu agus na daoine a bhuailtear leo. Iarrtar dá bhrí sin ar Lucht Faire na nGéanna breith ar dhéshúiligh agus a theacht in éineacht linn ar an aistear eachtrúil seo. Ceangail le rte.ie/goose leis an áit agus an uair a bhfaca tú féin Cadhan a logáil agus le heolas breise a fháil.

Let’s Find Out (le cabhair ó Thaighde Éireann)

I sraith a trí, 'Protecting Planet Earth’, tá sceitimíní ar Zoom ag fágáil na spásloinge go bhfeicfidh sí an domhan di féin. I rith 20 eagrán den chlár, agus le cúnamh óna cuid cairde, foghlaimíonn sí faoi roinnt de na bearta iontacha atá á ndéanamh ag daoine d’fhonn an domhan a thabhairt slán." Acmhainní Oideachais le húsáid sa seomra ranga ar fáil ag www.rte.ie/scienceweek.

Podchraoltóireacht RTÉjr

The Science of Sense

Cuirfear tús leis an tríú séasúr ar an 12 Samhain le trácht i rith Sheachtain na hEolaíochta ar cheisteanna inmharthanachta agus bia. Scrúdaítear an bia a ithimid, an tábhacht atá leis sin agus a bhfuil i ndán maidir le béile an duine san am atá le theacht.

Seachtain na hEolaíochta le The Science of Sense.

Our Sustainable Village

Clár podchraoltóireachta don seomra ranga ina ríomhtar scéal leanaí as sé cinn de scoileanna sa Chabrach, Baile Átha Cliath, agus iad ag saothrú le dream saineolais ionas gur sláintiúla agus gur glaise an chomharsanacht sin. Acmhainní don seomra ranga ar RTÉ Learn

Ar RTÉ Player

Cuardaigh RTÉ Player agus feicfear cuid mhór cláracha le téama eolaíochta is féidir leat a shruthchraoladh, ina measc: Futureville Ireland, Heated, 10 Things to Know About, Game Changer: AI & You, Big Life Fix, The End of the World with Beanz, What Planet Are You On, Father of the Cyborgs, Birdsong, Ireland’s Coast, The Island, Future Island Live, The Change: Ireland’s Menopause Story, Rising Tides: Ireland’s Future in a Warmer World, agus Losing Alaska.

RTÉ Brainstorm

Beidh aird á tharraingt ar RTÉ Brainstorm i rith Sheachtain na hEolaíochta ar an saothar taighde is deireanaí, mar shampla obair faoi cholainn an duine agus an tráth den lá, DNA sa bhó, cógas leighis trí phriontáil 3D, caighdeán an aeir sna seomraí ranga agus beoir atá saor ó alcól.

Féach www.RTÉ.ie/brainstorm agus www.rte.ie/scienceweek maidir le réimse leathan ábhair ar théamaí a bhaineann leis an eolaíocht.

Carl Mullen agus Aifric O'Connell, Bricfeasta 2FM.

Ar RTÉ 2FM: Pléifidh Carl agus Aifric agus meitheal an chláir am bricfeasta le seachtain na heolaíochta.

Beidh réimse scéalta faoi chúrsaí eolaíochta á chur ar fáil ar News2day2 do lucht éisteachta na ndaoine óga i rith na seachtaine, cuairt san áireamh ar thaispeántas Scifest i scoil N. Aindrias, an Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath.

Agus coinnigh na súile feannta go bhfeicfear feasacháin le téama na haeráide gach lá ó Aimsir RTÉ.

Is féidir níos mó faoi Sheachtain na hEolaíochta ar RTÉ a léamh ar www.rte.ie/scienceweek.

Futureville Ireland, Dé Máirt 12 Samhain go Déardaoin 14 Samhain ar RTÉ One agus ar RTÉ Player