Tá Seachtain na hEolaíochta 2024 ar siúl - bain amach na cótaí bána, na spéaclóirí saotharlanna agus an fhiosracht agus té ag lorg na freagraí móra ar na ceisteanna is tábhachtaí thart timpeall na tíre: má tá eolaíocht 'fun' cén fáth gur ábhar scoile é?
Mhínigh Ciarán Seoighe, leas-príomhfheidhmeannach de chuid Taighde Éireann, do RTÉ.ie/Gaeilge cén tábhacht atá le Seachtain na hEolaíochta.
Cad a dhéanann Taighde Éireann?
"Bunaíodh Taighde Éirinn ar an gcéad lá Lúnasa i mbliana agus is teacht le chéile é den Comhairle un Thaighde in Éireann, an Irish Research Council agus Fondúireacht Eolaíochta na hÉireann, Science Foundation Ireland. Siad sin na forais Stáit a thugann airgead do thaighdeoirí ar fud na tíre le gach saghas taighde a dhéanamh."
"Anois bhí SFI, an Fondúireacht, ag tabhairt airgead do na heolaíochtaí amháin, sé sin daoine a bhí i mbun taighde ar STEM. Sé STEM ar ndóigh, eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic. Agus sin na daoine atá ag dul i bhfeidhm ar nuálaíocht ansin ach ní raibhamar in ann airgead a thabhairt do rudaí eile cosúil leis an litríocht, stair, drámaíocht agus mar sin de sin, na dána mar shampla."
"Agus sin rud a raibh lucht an Chomairle um Thaighde in Éireann a dhéanamh. Anois, Taighde Éirinn, táimid in ann airgead a thabhairt do gach saghas taighdeoirí ar fud na tíre ag déanamh gach saghas rud. Sin taighde bunúsach, taighde eolaíocht agus eolas nua, sin taighde bunaithe ar eolas, suas go dtí na taighdeoirí i mbun taighde fheidhmeach."
"An rud is mó go bhfuilimid ag iarraidh a dhéanamh ná tugann siad sin nua-eolas agus tugann sé na scoláirí atá ag teacht amach as an ollscoil leis na PhD's agus mar sin de. Íocaimid iad siúd agus is cuid den sochaí ansin iad agus cabhraíonn siad san leis an sochaí agus an eacnamaíocht."
Anois tá spéis agaibh fós in san eolaíocht, seo Seachtain na hEolaíochta, Science Week cén tábhacht atá leis?
"Tá Seachtain na hEolaíochta ann ionas go dtuigfidh gach duine ar fud na tíre go bhfuil an eolaíocht ann do gach duine. Bíonn sé gach áit ins an saol againn faoi láthair sna rudaí atá in úsáid againn gach lá. Bíonn sé in úsáid againn ó chúrsaí sláinte, go dtí an fón i do phóca. Tá teicneolaíocht agus eolaíocht in úsáid."

"Anois is arís ceapann daoine go bhfuil an eolaíocht ann do eolaíthe amháin agus táimidne ag súil go bhfuil gach buachaill, cailín agus gach duine eile sa tír ag baint leis an eolaíocht agus go dtuigeann siad go bhfuil an eolaíocht ann dóibh siúd chomh maith agus háirithe do na buachaillí agus na cailíní, go dtuigeann siad gur féidir leo a bheith ina eolaíthe nuair a fhásann siad."
'Science is Fun!’ mar a deirfeadh Johnny Ball na telefíse 30 bliain ó shin!
"Bhuel, sea! Agus tá sé tábhachtach agus má tá suim agat in san domhan thart timpeall ort, tá eolas agus eolaíocht suimiúil do gach duine, is cuma más sa bhitheolaíocht, sa cheimic nó i ngach saghas eolaíochta atá do shuim."
Mar sin ná bíodh eagla ort roimh an focal ‘science’ mar tá sé timpeall orainn an t-am ar fad go fisiciúil. Cad atá ar bun agaibh chun daoine a mhealladh i dtreo na heolaíochta gan eagla a bheith ortha?
"Bhuel an tseachtain seo anois ón deichiú go dtí an seachtú lá déag Samhna, beidh na céadta rudaí ag taisteal ar fud na tíre agus beidh rud éicint do gach duine. Bíonna téama againn gach bliain agus i mbliana is é ‘regeneration’, ‘athnuachan’."
"Agus bíonn athnuachán ag teastáil, tosaíonn sé thart timpeall go minic i gcúrsaí sláinte, teicneolaíochta, fuinnimh. Agus go háirithe sa chomhshaol nó sa timpeallacht, an áit go bhfuil muid ag díriú isteach ar i mbliana."

"Agus ceann de a bheidh ar siúl ná ‘Alf the Giant Newt’, rud atá á dhéanamh againn le Macnas, ag teacht amach mar go bhfuil a thimpeallacht caillte aige agus an áit a bhfuil cónaí air de ghnáth, imithe. Anois mar sin, tá sé ag teacht isteach sa chathair agus ag dul thart timpeall i mBaile Átha Cliath. Tá Alf thart ar 20 méadar ar fhaid agus beidh sé ag iarraidh ar mhuintir Bhaile Átha Cliath a thuiscint go bhfuil an bithsféar timpeallachta aige féin imithe agus go bhfuil an-damáiste déanta againne ar sin."
Beidh go leor féilte ar siúl thart timpeall na tíre don tseachtain chomh maith agus is féidir an t-eolas ar fad le fáil ag Science Week. agus ag RTÉ Science Week.