skip to main content

Bailiúcháin cuimsitheach grianghraif David Kronn in IMMA

Annie Leibovitz, 'Louise Bourgeois', New York City, 1997, gelatin silver print 29.2 x 40 cm, © 2011 Annie Leibovitz.
Annie Leibovitz, 'Louise Bourgeois', New York City, 1997, gelatin silver print 29.2 x 40 cm, © 2011 Annie Leibovitz.

Tá taispeántas 200 grianghraif as bailiúcháin 1,000 ar fad a bhronn David Kronn ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i gCill Mhaighneán le feiceáil fé láthair ina bhfuil réimse téamaí difriúla léirithe, mar a mhíníonn an grianghrafadóir Lára Ní Mhaoláin.

Chomh luath is a thrasnóidh tú tairseach an ghailearaí i Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, báfar thú i dtírdhreach shamhlaíocht David Kronn, bailitheoir na ngrianghraf atá á dtaispeáint ann faoi láthair.

Is géineolaí péidiatraiceach é Kronn a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath ach atá ag cur faoi i Nua-Eabhrac na laethanta seo, áit a bhfuil sé ag obair mar dhochtúir agus ag bailiú grianghraf.

Berenice Abbott, 'Hardware Store', 1938, gelatin silver print, 44.5 x 58 cm © Berenice Abbott/Commerce Graphics, New York

Is duine é a raibh spéis i gcónaí sa ghrianghrafadóireacht aige – fuair sé a chéad cheamara nuair a bhí sé deich mbliana d'aois – agus tar éis dó staidéar a dhéanamh ar an Leigheas i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, bhog sé go Nua-Eabhrac, áit ar thosaigh sé ag bailiú grianghraf sa bhliain 1996.

Thosaigh sé ag obair le Áras Nua-Ealaíne na hÉireann sa bhliain 2010 nuair a thiomnaigh sé a bhailiúchán (ina bhfuil breis is 1000 grianghraf faoi láthair) don áit.

Is é seo an ceathrú taispeántas dá chuid in IMMA, agus tá thart ar 200 grianghraf óna bhailiúchán i seilbh an mhúsaeim faoin am seo. Tá an taispeántas leagtha amach de réir téamaí, agus tá ceithre sheomra de ghrianghraif le feiceáil.

Martine Franck, Pushkin Museum, Moscow, Russia, Soviet Union, 1972, gelatin silver print, 25.5 x 24 cm, © Martine Franck/Magnum Photos

Díríonn an chéad cheann ar áit na mban sa ghrianghrafadóireacht agus tá íomhánna de mhná mar ealaíontóirí ar gach balla sa seomra. Dúirt Coimeádaí IMMA, Seán Kissane, gur forbairt úrnua é seo toisc go mbreathnaítear ar an ngrianghrafadóireacht mar cheird ina bhfuil forlámhas na bhfear le tabhairt faoi deara go stairiúil agus go traidisiúnta.

Tá Kronn ag iarraidh an íomhá seo a athrú agus dul i ngleic leis an neamh-chomhionannas inscne sa ghort tríd an lionsa a dhíriú ar obair na mban i ndisciplín na grianghrafadóireachta, rud atá soiléir chomh luath is a leagtar cos sa ghailearaí.

Alice Maher, 'Fruit', 2005, Lambda print, 61 x 61 cm, Courtesy the artist.

Tá balla iomlán amháin líonta le féinphortráidí de chuid Alice Maher, mar shampla: Éireannach a nascann eilimintí den dúlra, den mhiotaseolaíocht agus den chultúr i measc móitífeanna eile le chéile ina cuid ealaíne.

Feidhmíonn na ballaí nua-phéinteáilte sa seomra mar chanbhás bán do na féinphortráidí ildaite ina n-úsáideann Maher gnéithe den saol nádúrtha chun í féin a mhaisiú.

Rud atá an-suimiúil faoin tsraith seo ná gur minic a roghnaíonn sí ábhair ón saol nádúrtha nach bhfuil áilleacht ag baint leo go traidisiúnta – croíthe agus teangacha na n-ainmhithe, mar shampla – chun eispéireas osréalach a chruthú a théann go mór i bhfeidhm ar na céadfaí.

Alice Maher, 'Necklace', 2005, Lambda print, 61 x 61 cm, Courtesy of the artist.

Tá téama na hóige go mór chun tosaigh sa dara seomra, agus éiríonn le Kronn agus Kissane nasc a chruthú idir an chéad agus an dara seomra trí shraith portráidí de mháithreacha agus páistí a ghlac Éireannach eile, Amelia Stein, a chur ar an gcéad bhalla sa seomra.

Tá ualach an mháithreachais le feiceáil mar théama anseo sna grianghraif a léiríonn máithreacha ag iompar a gcuid leanaí ar a ndroim. Éiríonn le Kronn agus Kissane blas a thabhairt dúinn d’eispéireas uilíoch na hóige sa seomra seo trí ghrianghraif de pháistí ó chultúir, ó thréimhsí ama agus ó chúlraí eacnamaíochta éagsúla a chur taobh le taobh, agus tá an tsuim atá ag Kronn i dtéama na hóige mar dhochtúir péidiatraiceach soiléir.

Amelia Stein, from the series 'Solomon's Children', 1991, archival pigment print on Hahnemühle Bamboo 290 GSM, 26.7 x 26.7 cm, © Amelia Stein / IVARO (2011).

Sa tríú seomra den taispeántas, tá eolaíocht na grianghrafadóireachta le feiceáil mar mhórthéama, agus is féidir meon eolaíoch an bhailitheora agus an spéis atá aige sna próisis agus sna teicnící éagsúla a bhaineann leis an ngrianghrafadóireacht a thabhairt faoi deara, a théann chomh fada siar is an naoú haois déag agus a leanann ar aghaidh go dtí ré dhigiteach na grianghrafadóireachta.

Tá an tírdhreach uirbeach le feiceáil mar théama sa seomra seo freisin, balla iomlán amháin clúdaithe le grianghraif de bhailte agus de chathracha, agus measctar íomhánna de radhairc cháiliúla cosúil le Droichead Brooklyn i Nua-Eabhrac le grianghraif de chuid Harry Callahan de shráideanna beaga i mbaile anaithnid áit éigin in Éirinn chun gnéithe éagsúla den tírdhreach uirbeach a léiriú don phobal.

Jack Delano, Children of sugar workers in a company town near the mill, Guayanilla, Puerto Rico, 1942, gelatin silver print, 17 x 24 cm, Farm Security Administration - Office of War Information, Photograph Collection (Library of Congress).

Tugann an turas intinne seo muid chomh fada leis an gceathrú seomra agus na grianghraif dheireanacha den taispeántas. Feictear nasc arís idir an seomra seo agus an ceann roimhe sa bhéim a leagtar ar thírdhreacha.

Seachas tírdhreacha uirbeacha a bheith i gceist an uair seo, áfach, tá tírdhreacha nádúrtha á dtaispeáint. Feicimid tionchar an fhoréigin ar an tírdhreach i sraith pictiúr de chuid Bart Michiels a léiríonn ármhánna stairiúla éagsúla na hEorpa.

Nicolai Howalt and Trine Søndergaard, 'Stendyssen I/The Dolmen I', 2005, from the series How to Hunt, 2005 – 10, diptych chromogenic print, 63 x 80 cm, © Howalt & Søndergaard / Martin Asbaek Gallery.

Cruthaíonn stíl na grianghrafadóireachta anseo atmaisféar na mistéire in intinn an bhreathnóra. Tá samplaí éagsúla den ghrianghrafadóireacht theibí le feiceáil sa seomra céanna ina bhfuil imeartas le feiceáil idir solas agus dorchadas, idir dubh agus bán agus idir ábhair mhíne agus gharbha.

Idir na mórthéamaí éagsúla a léirítear i ngach seomra, an bhéim a leagtar ar ról na mban sa ghrianghrafadóireacht, na naisc a chruthaítear idir íomhánna éagsúla agus an dian obair a rinneadh chun na ceangail seo a léiriú don phobal, is taispeántas grianghrafadóireachta den chéad scoth é seo a thugann spléachadh dúinn ar intinn an bhailitheora agus ar an gcomhoibriú atá ar siúl idir Kronn agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Táim ag súil go mór le níos mó de bhailiúchán David Kronn a fheiceáil amach anseo.

Leanann an taispeántas go dtí an 26 Eanáir 2025.

Íomhánna ar fad le cead ó The David Kronn Photography Collection Donation agus IMMA.