skip to main content

Turas toghcháin sna Stáit Aontaithe ag Alex Hijmans ag druidim ar an lá cinniúnach

Bolscaireacht Donald Trump i gcathair Philadelphia. 
[Pic: Alex Hijmans]
Bolscaireacht Donald Trump i gcathair Philadelphia. [Pic: Alex Hijmans]

Breathnaíonn Alex Hijmans siar ar choicís a chaith sé ag taisteal tríd na Stáit Aontaithe, aimsir an toghcháin uachtaránachta.

Market St, Philadelphia, 10 lá roimh thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe.

Fógra mór millteach digiteach ag splancadh ar bharr fhoirgnimh aird: TRUMP: Bringing Jobs to Pennsylvania! Cá bhfuil fógraí Kamala Harris? a fhiafraím díom féin. Go deimhin, cá bhfuil na póstaeir, na T-léinte, na caipíní agus na cnaipí?

Lascaine 25% ar fheisteas feachtais in Washington DC, gan an toghchán thart. [Pic: Alex Hijmans]

Is í Cathair an Ghrá Dearthár daingean mór an Pháirtí Dhaonlathaigh in Pennsylvania, an ceann is tábhachtaí de sheacht gcinn de Swing States, na stáit a dhéanfaidh an difear sa toghchán – ach níl an tacaíocht do Kamala Harris a shíl mé a d'fheicfinn anseo le feiceáil in áit ar bith.

Traein ag tarraingt isteach go cathair Tampa, Florida, 8 lá roimh an toghchán.

Tá na páirceanna carbhán ar an taobh thoir den chathair scriosta ag spéirling Milton a tháinig i dtír anseo i dtús mhí Dheireadh Fómhair. Bratacha dearga 'TRUMP’ ar foluain sa smionagar. Athrú na haeráide ba chúis leis an scrios seo, a shílim liom féin, ach tá na daoine seo chun vóta a chaitheamh d’fhear a tharraing amach as conradh aeráide Phárais nuair a bhí sé i gcumhacht cheana, agus a d’fhéadfadh é sin a dhéanamh arís ina chéad thréimhse eile mar uachtarán.

Daoine ag vótáil luath in Chicago. [Pic: Alex Hijmans]

Tacsaí in Charleston, South Carolina, 5 lá roimh an toghchán.

‘Rogha an dá dhíoghá!’ a bhéiceann an tiománaí Afra-Mheiriceánach liom nuair a fhiafraím de cé acu Kamala Harris nó Donald Trump a gheobhaidh a vóta siúd. ‘Ní fhéadfainn vóta a chaitheamh go brách do dhuine arbh fhearr leis chuile dhuine dubh sa tír a chur i bpríosún, ach tá Kamala Harris ar son an ghinmhillte agus an phósta comhghnéis! An ligfear mise isteach sna Flaithis má thugaim vóta di siúd?’

Washington DC, 4 lá roimh an toghchán.

Faoi dheireadh, tá T-léinte agus ainm Kamala Harris clóite orthu le feiceáil go forleathan. Ach níl aon dul amú orm. Cathair eisceachtúil í ardchathair na Stát Aontaithe: go traidisiúnta, caitheann 90 faoin gcéad de mhuintir na dúiche feidearálaí (DC) vóta d’iarrthóir na nDaonlathach.

Bolgán liobrálach amach is amach atá sa chathair – nach bhfuil ionadaíocht chothrom aici i gcúrsaí polaitíochta lena chois, de bharr an leagain amach aistigh ar chóras toghchánaíochta Mheiriceá.

Bolscaireacht ar sheanphictiúrlann in Denver, Colorado. [Pic: Alex Hijmans]

Chicago, 3 lá roimh an toghchán.

Scuaine fhada taobh amuigh d’ionad vótála atá ar oscailt cheana féin. A gcuid vótaí caite roimh ré ag 80 milliún Meiriceánach, tríd an bpost nó go pearsanta, ar eagla go mbeidh scliúchas ann lá an toghcháin.

Tá leabhair á léamh ag roinnt de na daoine sa scuaine agus ritheann sé liom nach gcaithfear mórán vótaí don Trumpach san ionad vótála áirithe seo i lár cheantair LADT+ Chicago.

‘Ar mhaith leat cnaipe Kamala le cur ar an ngeansaí deas sin atá á chaitheamh agat?’ a fhiafraíonn feachtasóir díom. Níor mhaith. Ní hé gurbh fhearr liom cnaipe Trump (ní oireann an dath dearg dom, gan trácht ar pholasaithe an fhir chéanna) ach níl Kamala Harris tar éis dul i bhfeidhm orm mar iarrthóir.

An ‘ghné uathúil dhíolacháin’ atá aici ná nach í Donald Trump í; ní léir dom aon teachtaireacht dhearfach dá cuid féin. Denver, Colorado, lá an toghcháin.

Mé féin agus cairde Meiriceánacha ag breathnú ar na torthaí ag teacht isteach ar an teilifís. Tagann dath dearg ar léarscáil na Stát Aontaithe de réir a chéile. Nuair is léir gur ag Trump a bheidh an lá sa Swing State uile-thábhachtach Pennsylvania, téann beirt de mo chairde, máthair agus iníon, a chodladh. Cearta na mban a spreag iad vóta a chaitheamh do Kamala Harris níos luaithe an lá sin.

Fanaim féin agus fear an tí inár suí. Chaith fear an tí, Gael-Mheiriceánach, vóta do Donald Trump níos luaithe an lá sin toisc an ardaithe ollmhóir a tháinig ar phraghsanna an bhia agus ar rátaí cánach le linn do Joe Biden agus Kamala Harris a bheith i gcumhacht.

Óráid bhuacach Donald Trump, 7 Samhain.

Tá guthán fhear an tí ag bípeáil gan stad: chaith a chuid deartháireacha agus deirfiúracha ar fad vóta don Trumpach freisin.