skip to main content

Léarscáil Litríochta Sheosaimh Mhic Grianna le IMRAM

Chaith Seosamh Mac Grianna cuid dá shaol i mBleá Cliath.
Chaith Seosamh Mac Grianna cuid dá shaol i mBleá Cliath.

Mar chuid d'Fhéile Litríochta Gaeilge IMRAM beidh an Dr Gearóidín Uí Laighléis i mbun léachta dar teideal 'Léarscáil Litríochta' bunaithe ar an seal ar chaith an scríbhneoir Conallach, Seosamh Mac Grianna, i mBaile Átha Cliath.

Labhair Gearóidín le RTÉ.ie/Gaeilge fén áit as ar tháinig an seift chéiliúrtha seo ar shaol agus shaothar an scríbhneora.

Cén spéis leat an t ábhar seo?

"Bhuel cosúil le chuile dhuine as Cúige Uladh chuir mé an-spéis i scríbhinní Sheosaimh Mhic Grianna i gcónaí. Rinne muid staidéar ar An Druma Mór nuair a bhí mé ar an ollscoil don BA ba i gCúil Reathain."

An Dr Gearóidín Uí Laighléis.

"Rinne mé roinnt mhaithi staidéar ar na haistriúcháin a shaothraigh Seosamh nuair a bhí an PhD ar siúl agam agus bhí mé ag amharch ar an gcaidreamh a bhí aige leis An Gúm sna 20daí agus sna 30daí. Agus is as an taighde sin, is dócha, a d'eascair an tionscnamh seo."

"Cuimhneoidh duine ar bith a bhfuil Mo Bhealach Féin léite acu go ndúirt Seosamh gur fhan sé in cúig lóistín is fiche le linn dó a bheith i mBaile Átha Cliath."

"Agus dúirt mise liom féin lá amháin, 'caithfidh go bhfuil cúig lóistín is fiche agus cúig seoladh is fichead agam féin' ag cóireamh orthu."

Raidhse leathan na cruthaitheachta IMRAM 2024.

"Ní raibh b'fhéidir ach fiche seoladh agam ach shíleas go mbeadh sé deas na seoltaí sin a chur le chéile, léarscáil a dhéanamh de, pictiúir a fháil de na lóistíní ina raibh sé ina gcónaí iontu, agus ansin sleachta as an obair a shaothraigh sé ag an am áirithe sin a léamh."

"Ón taighde a rinne mé, bhí a fhios agamsa go raibh sé ag obair ar an aistriúcháin seo nó an aistriúcháin siúd le linn do a bheith ina chónaí sa lóistín áirithe sin."

Ní pub-crawl atá ann go díreach ach cineál crawl na seoltaí litríochta atá curtha le chéile agat?

"Sin go díreach é, sin an fáth a bhfuil 'Léarscáil Litríochta' tugtha agam ar an rud, ach tá sé spéisiúil gur luaigh tú pub-crawl ansin, mar rud ba mhaith liom a dhéanamh as seo amach ná turas thart ar an chathair, 'Turas Sheosaimh Mhic Grianna’ a dhéanamh."

"Níl mé cinnte de an siúlóid a bheadh ann, ach sílim go ndéanfadh sé turas thar a bheith deas, scaipthe i mionbhus ag dul ó áit go háit, cuairt a thabhairt ar cúpla pub agus roinnt léamh ar an obair a shaothraigh sé sna lóistíní áirithe sin. Sílim go ndéanfadh sé sin turas iontach deas."

Gan amhras cuireadh leac chuimhneacháin mar ómós dó i bPáirc Naoimh Áine, i Ráth Éanna anuraidh atá ró-fhada amach ón gcathair le siúl, is dócha.

"Chomh maith leis sin, rud atá mé ag iarraidh a déanamh as seo amach fosta, agus tá mé cineál ag obair ar seo faoi láthair, ná suíomh idirlín idirghníomhach a chruthú.

"An rud a bheadh i gceist leis sin ná léarscáil agus go dtiocfadh leat craipe a bhrú agus go bhfeicfeá an áit go bhfuil an lóistín féin agus ansin go dtiocfaidh craipe eile a bhrú agus go mbeadh sleachta as an obair a bhí ar siúl ag an am agus ansin craipe eile a bhrú agus go dtiocfadh leat éisteacht le glór breá Conallach ag léamh as na sleachta sin. Sin an rud a ba bhreá liom a dhéanamh."

Féach anseo ar 'Idir dhá cheann na himní' le Noel Ó Gallchóir - taifeadadh, Seán Ó Mainnín.

Beidh Léarscáil Litríochta ar siúl i gClub na Múinteoirí ar Chearnóg Parnell ag 6i.n. ar an 11 Samhain. Tuilleadh eolais anseo.