IMRAM ceannródaíoch arís agus Tionscadal Taylor Swift tagtha - cuirfear amhráin an réalt dhomhanda os ár gcomhair oíche anocht agus amárach i nDún Laoghaire.
Tá clú agus cáil tuillte ag Taylor Swift ar go leor cúiseanna. Tá bua na cumadóireachta aici, gan amhras, agus í thar a bheith cumasach ag insint scéalta grá: an lúcháir, an briseadh croí agus an meascán mearaí a bhaineann le grá na ndéagóirí; an bhá a bhí aici lena máthair nuair a buaileadh tinn í; amhráin ghreannmhara faoi dhíoltas a bhaint amach ar lucht a cáinte; na fuaimdhreacha áille in folklore agus evermore agus na beathaisnéisí atá fite fuaite ina chéile i mbaile beag Meiriceánach.
Is é atá in Sreang Dofheicthe ná cnuasach speisialta dá cuid amhrán agus iad traschruthaithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock.
Is iad Róisín Seoighe X IMLÉ a chuirfidh i láthair iad. Mar chuid den seó, beidh íomhánna ar scáileán le Margaret Lonergan.
'Sláinte' - amhrán dá gcuid féin ag IMLÉ x Róisín Seoighe x James Shannon.
8:00 pm Déardaoin 7 Samhain, Dé hAoine 8 Samhain, Pavilion, Dún Laoghaire.
Tuilleadh eolais anseo.