Is léir ón taighde eolaíochta is deireanaí, dar le duine de na saineolaithe is mó le rá ar fud an domhain maidir le creimeadh coincréite, nach bhfuil de réiteach go fadtéarmach ar árais chónaithe a tógadh le blocanna lochtacha ach iad a leagan.
Sin atá faighte amach ag an tiriseoir iniúchta Kevin Magee agus an chlár aige Iniúchadh TG4 a bheidh á chraoladh Dé Céadaoin an 6 Samhain ag 21.30 i.n ar TG4.
Chuaigh RTÉ.ie/Gaeilge le labhairt leis faoin scéal.
Céard a thug ort an iniúchadh áirithe seo a dhéanamh?
"Bhuel, tá an scéim cúitimh ag dul ar aghaidh ach níl mórán scríofa faoin dóigh go bhfuil sé ag obair. Mar shampla, má amharcann tú ar na cinnlínte faoin scéim, deir siad go mbeidh deontas le fáil ag achan duine a bhfuil teach a bhfuil fadhbanna acu agus go bhfuil 'cap' ann ag €420,000."
"Ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil sé ag obair. Braitheann sé ar an teach; cé chomh mór is atá sé agus faigheann tú an deontas mar gheall ar mhéid an tigh atá agat."
"Tá mórán daoine ann agus tá fadhbanna acu leis an scéim agus an rud a bhí mé ag iarraidh, ná fáil amach an bhfuil daoine sásta leis an scéim agus cén dóigh an bhfuil sé ag obair. Sin an sprioc a bhí againn sa chlár."
"Tá a fhios againn faoi na fadhbanna leis na brící luchtaithe ach tá an clár seo dírithe ar an scéim agus an bhfuil sé ag obair agus ar na daoine atá ag iarraidh an scéim a úsáid."
Agus cén tuairim atá ag saineolaithe tógála nó saineolaithe a bhfuil cur amach acu ar pyrite agus mica agus ar bhrící lochtacha?
"Tá ceann de na saineolaithe is fearr sa domhan lonnaithe san Eilbhéis, an Dochtúir Andreas Leeman. Tá mórán obair déanta aige ar coincréit luchtaithe agus na fadhbanna a mbíonn le coincréit agus an creimeadh, agus achan rud mar sin. Mar sin chuaigh muid go Zurich le labhairt leis."

"Bhí samplaí aige a thóg sé as tithe i Maigh Eo agus i dTír Chonaill agus rinne sé mórán taighde orthu agus dúirt sé linn, ina thuairim, nach é pyrite nó pirít an fhadhb is mó, ach ‘pyratite’ an fhadhb."
Ach an rud is tábhachtaí a dúirt sé ná ‘má tá tú ag iarraidh an fhadhb a réiteach, an rud is fearr ná go gcaithfidh tú na tithe a leagan ó bharr go bun’.
"Cuir sin i gcomparáid leis an scéim agus an bhfuil sé ag obair."
Tá tú ag caint ar chostas i bhfad níos mó ansin ar ath-thógáil; an bhfuil figiúr curtha agaibh air sin?
"Bhuel, tá an costas níos mó má chaithfidh tú an teach a leagan. Agus an chuid is mó de na daoine a bhfuil an fhadhb seo acu, deir siadsan gurbh fhearr leo dá mbeadh an teach le leagan ach tá daoine eile ann agus deir siadsan go bhfuil siad sásta leis an tuairisc a fuair siad as innealtóir ar bith, a deir, bhuel, caithfidh tú an ‘inner leaf’ a choimeád agus an ‘outer leaf’ a leagan."

"An dóigh a bhí sé ag obair ná go bhfaigheann daoine tuairisc as innealtóir. Sin an dóigh a raibh an sean scéim ag obair. Agus an chuid is mó de na hinnealtóirí, dúirt siadsan go gcaithfidh tú an teach uilig a leagan."
"Ansin d'athraigh na rialacha."
"Tháinig an scéim úr ar bun agus ina dhiaidh sin déanann an Ghníomhaireacht Tithíochta an cinneadh anois agus uaireanta deir siadsan, bhuel, níl ortsa an tigh a leagan, beidh sé ceart go leor má leagan tú na ballaí taobh amuigh anuas, ach coinnigh na bállaí atá taobh istigh."
Raibh deis agat labhairt le lucht rialtais nó polaiteoirí faoi?
"Rinne mé iarracht agallamh leis an nGníomhaireacht Tithíochta mar shíl mé go raibh sin iontach tábhachtach an scéim a mhíniú agus a mhíniú dúinn cén fáth an bhfuil na hinnealtóirí atá acu ag déanamh cinneadh difriúil ó na hinnealtóirí eile."
"Ach ar an drochuair ní dhearna siad agallamh liom agus chuir sin díomá an domhain orm. Smaoinigh mé go mbeadh sé tábhacht an t-eolas sin a chur sa phobail agus i mbéal na ndaoine. Fuair mé ráiteas beag astu."
"Chuir mé cuireadh chuig an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien, ach bhí seisean ró ghroitheach labhairt linn. Chuir sé sin díomá orm chomh maith mar tá thart fá 7,000 duine agus tá tithe acu a bhfuil brící lochtacha acu."
Iniúchadh TG4, Dé Céadaoin, 6 Samhain 2024, TG4 & TG4.ie @ 21:30 i.n.