Beidh toghchán cinniúnach - Toghchán na hUachtaránachta i Meiriceá, faoi chaibidil ar an gclár - 7LÁ ar an 5 agus 6 Samhain. Craolfar an clár beo ón 78ú hurlár den 3 World Trade Center, Sráid Greenwich, Nua-Eabhrac an dá lá sin.
Tabharfar léargas uathúil ar an gclár ar phróiseas casta thoghcháin Mheiriceá, agus is deis a bheidh ann do lucht féachana na hÉireann scéal an toghcháin a leanúint beo ó chroílár an aicsin i Nua-Eabhrac.
5 Samhain: Lá an Toghcháin
Beidh daoine ar fud na Stát Aontaithe ag tabhairt aghaidh ar na bothanna vótála agus beifear ag déanamh anailíse agus cíoradh mion ar atá ag tarlú ar an gclár 7Lá.
Labhróimid le saineolaithe ar thoghcháin Mheiriceá a thabharfaidh eolas faoi chúlra agus faoi limistéir éagsúla na vótála.

I measc na n-aíonna a bheidh ag tabhairt a gcuid tuairimí ar an gclár seo beidh Seán Federico Ó Murchú, Eagarthóir Nuachta le CNN; an Dr Brian Ó Broin as Ollscoil William Paterson, New Jersey; Frances Mulraney, Ceannasaí Nuachta leis an US Sun; agus an tráchtaire polaitíochta agus saineolaí cumarsáide Niall Ó Muilleoir.

6 Samhain: Lá an Chomhairimh
Beidh 7LÁ ag déanamh tuairisciú beo ar na torthaí de réir mar a bheidh siad ag teacht isteach chomh maith le heolas, anailís agus tuairimíocht a thabhairt ar na forbairtí is déanaí.

I measc na n-aíonna ar an gclár seo a bheidh ag tabhairt a gcuid tuairimí beidh Domhnaill Ó Cathain, Abhcóide i Nua-Eabhrac; Niall Ó Muilleoir, tráchtaire polaitíochta agus saineolaí cumarsáide;
Caoimhne Nic Ghiollarnáith - Léachtóir le Coláiste Lehman, Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac; chomh maith leis an tráchtaire Diarmuid Mac Suibhne, Léachtóir le Coláiste Lehman, Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac.
Nuacht TG4: Beidh tuairiscí agus míreanna beo ag Nuacht TG4 faoi thoghchán na hUachtaránachta an tseachtain seo comh maith. Beidh Donncha Ó Murchú i lár an aonaigh i Nua-Eabhrac agus beidh leis an scéal is déanaí faoi gach a bhaineann leis an toghchán aige.
7LÁ, Dé Máirt 5 agus Dé Céadoin 6 Samhain, TG4 & TG4.ie - 8i.n.