Tarraingeoidh CRÁ, sraith sé chlár drámaíochta Gaeilge faoi scéal coiriúlachta, aird mhór nuair a chraolfar den chéad uair é ar TG4 agus ar Sheinnteoir TG4 ar an 11 Samhain.
Dráma atá ann ina dtagann dúnmharú, scéalta rúin agus an ceart agus an cóir i gceist i mbaile beag agus i bpobal dlúth daoine in Éirinn. Mealltar an lucht féachana ón gclár tosaigh.
Is iomaí ceist le cur agus nithe diamhra le míniú i gceantar iargúlta in iarthuaisceart na hÉireann ar CRÁ agus an Garda Conall Ó Súilleabháin (Dónall Ó Héalaí, Monster, Foscadh) ag iarraidh an ceart agus an cóir a thabhairt i gcrích sa chás seo nach bhféadfadh a bheith níos pearsanta aige—dúnmharú a mháthar, Sabine, a dtagtar ar a corp cúig bhliana déag tar éis di dul ar iarraidh.
Ní cheadaítear do Chonall a bheith páirteach san fhiosrúchán oifigiúil ach oibríonn sé féin agus iriseoir óg as lámha a chéile.

Tá podchraoladh faoi choireanna ag an iriseoir seo, Ciara-Kate (Hannah Brady, aisteoir nua), agus roinnt de na scéalta is rúnda ar an mbaile á bhfoilsiú aici.
De réir mar a bhíonn fírinne an scéil á dhéanamh amach ag an mbeirt, caitheann siad déileáil le pobal na háite ar mór i gceist an tost sa chóras moráltachta dá gcuid féin atá acu.
Ní hamháin go bpléitear sa tsraith le doiléire an eolais maidir leis an dúnmharú, cíortar freisin an chumhacht a ghabhann le gnéithe nua-aimseartha de na meáin chumarsáide agus gach cor nua maidir le fiosrú an cháis á chloisteáil ag lucht éisteachta phodchraoladh Ciara-Kate, lucht éisteachta a théann i líonmhaire.
Agus is í an cheist i gcónaí: an bhfoilseofar an fhírinne, nó an bhfuil scéalta áirithe rúin a fhanfaidh faoi choim go brách?

Cliar Sáraisteoirí agus Meitheal Gradamúil Cruthaitheachta sna príomhpháirteanna aisteoireachta, tá Dónall Ó Héalaí, Alex Murphy (The Young Offenders), agus Hannah Brady a fheictear den chéad uair riamh i bpáirt Ciara-Kate.
Tá compántas cumasach aisteoirí eile in éineacht leo, ina measc Barry McGovern (Obituary), Róisín Murphy (Vikings), Tara Breathnach (Borderline, Dune2), Caoimhe Farren (The Woman in the Wall), agus Alan Mahon (King Frankie).

Ar chúl an cheamara, tá meitheal cruthaitheachta ar maith an teist atá ar a gcumas. Doireann Ní Chorragáin agus Richie Conroy (Fran the Man) a scríobh an tsraith, Philip Doherty (Redemption of a Rogue) an stiúrthóir agus, Ciarán Charles a léirigh. Tá Darach Ó Tuairisg (Meangadh Fíbín), Máire Ní Chonláin (TG4) agus Karen Kirby (BBC Thuaisceart Éireann) ar na Léiritheoirí Feidhmiúcháin.

Comhoibriú trasteorann, léiriúchán de chuid Meangadh Fíbín i gcomhar le Zoogon Ltd NI, atá i gceist le CRÁ. Rinne TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann CRÁ a choimisiúnú agus chuidigh Fís Éireann, Coimisiún na Meán agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann go fial leis. Ba chabhair an Dreasacht Cánach in Éirinn maidir le Saothar Cruthaitheachta don Scáileán freisin maidir le léiriú na sraithe.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Colm Mac Giolla Easpuig ag caint le Michelle Nic Grianna ar Bharrscéalta fén dráma.
Crá. Dé Luain 11/11 @ 21:30 | TG4