Beidh sár-chlúdach ag na seirbhísí Gaeilge RTÉ ar thoghcháin Uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá idir tuairisciú bheo agus agallaimh ar dhaoine ina gcónaí thall ar chláracha Raidió na Gaeltachta roimh agus i ndiaidh lá vótála ar an Mháirt 5 Samhain.
Beidh an t-iriseoir Máirín Ní Ghadhra ag taisteal chun na Stáit mar chuid den chlúdach céanna.
"Táim ag dul go Nua Eabhrac ag tús mhí na Samhna ar feadh seachtaine le tuairisciú do Raidió na Gaeltachta faoi na toghcháin sin agus faoi pé rud a tharlaíonn. Tá sé ar cheann de na toghcháin is cinniúnaí le fada an lá, dar ndóigh."

"Tá an té a bhí le bheith mar iarrthóir ag na Daonlathaigh, an fear atá sa Teach Bán faoi láthair, éirithe as. Tá an bhean atá ina leasuachtarán ceaptha mar chomharba air mar iarrthóir do na daonlathaigh. Ar ndóigh, tá Donald Trump, fórsa ann féin gur deacair a mhíniú cén tóir atá ag daoine air, ach go háirithe an taobh seo den Atlantach, cuirfidh mé mar sin é."
"Ach is fíor bheagán atá eatraimh sna pobalbhreitheanna agus ciallaíonn sé go mbeidh sé spéisiúil. Beidh sé sin thar a bheith spéisiúil, tá mé ag ceapadh, go háirid mar go bhfuil go leor de phobal na nGael i Meiriceá anois a bhfuil suim acu in Donald Trump ar chúinsí eacnamaíochta."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Úna Ni Bhroiméil ag caint le Fionnuala Uí Neachtain ar Nuacht a hAon.
"Léiríonn na pobalbhreitheanna ar fad go bhfuil Donald Trump chun cinn ar cheist na heacnamaíochta agus bhí mé ag caint le roinnt daoine le gairid a deir go bhfuil tuairim ansin ó ghaolta i Meiriceá go raibh 'níos mó airgid i mo phóca nuair a bhí Donald Trump ina Uachtarán' agus gur ar an gcuntar sin atá siad ag brath ar dhul ina threo."
"Rud eile a bheidh sainiúil nó nú don chlúdach i mbliana, mar atá's agat, cuirim 7 Lá do TG4 i láthair freisin, cuid de sholáthar RTÉ do TG4, agus mar chuid den chuairt ar Mheiriceá beidh an chlár ag craoladh beo as Nua Eabhrac ar an Mháirt agus ar an gCéadaoin go mbeidh mé thall."

Duine eile d'fhoireann RTÉ is ea Donncha Ó Murchú a bheidh i Nua Eabhrac chomh maith idir an Domhnach 3ú go dtí an Aoine an 8ú lé Samhain.
Cad é nó cé ar a mbeidh tú dírithe agus tú thall leis na scéalta a fháil?
"Is dócha an príomhchúram a bheidh ormsa ná an pictiúr mór a thaispeáint ar dtús agus blaiseadh a thabhairt ar ndóigh dos na nithe cinniúnacha sa toghcháin, ar na stáit chinniúnacha agus cad iad na ceisteanna móra atá ag dó na geirbe ag an bpobal sna stáit áirithe san, cúrsaí daonra chomh maith."
"Tá teagmháil déanta agam le hiriseoirí don chuid is mó, iriseoirí a bhíonn sáite sna nuachtáin áitiúla thall i Nua Eabhrac, le hollamh ollscoile agus a leithéid san agus le pobal na Gaolainne, pobal níos leithne Éireannaigh agus Meiriceánaigh."

"Is dócha gurb é an dúshlán a bhíonn i gceist mo chás sa, abair, ná teacht ar chainteoirí Gaeilge a bhfuil saghas cúlraí difriúla acu iad siúd atá dílis dos na Poblachtaigh agus dos na Daonlathaigh, gach aon ghné do thaispeáint."
Tá dian staidéar déanta agus fós á dhéanamh agat, is léir, ach bhfuil greim agat fhéin ar an bpictiúr mór, mar a thugann tú air?
"An ghreim, is dócha, atá agamsa ar an bpictiúir mór - agus tá sé deacair nuair nach bhfuil tú ar an láthair - ná go bhfuil polaitíocht Mheiriceá chomh deighilte sin agus gur léir san ón an bpictiúr mór, mar a dúraís, lucht leanúna Donald Trump agus iad siúd atá dílis dó, nó lucht leanúna na nDaonlathaigh, ach ní chloisimid go rómhinic in Éirinn, abair, uatha siúd nach bhfuil cinnte go fóill nó nach bhfuil sásta le córas polaitiúil an dá pháirtí faoi mar atá acu."
"Agus muid ann don tseachtain beidh craoladh mór fairsing againn."
"Is deacair a rá b'fhéidir ón taobh amuigh cad iad na gnéithe cinniúnach sin a d'fhéadfadh daoine a chur ar mhalairt slí agus ba dheas liomsa abair agus mé ar an láthair blaiseadh a thabhairt do dhaoine ag a baile labhairt le daoine, b'fhéidir, nach bhfuil cinnte go fóill agus féachaint cad iad na fadhbanna móra inmheánacha atá ag cur isteach ar ghnáth dhaoine; cúrsaí eacnamaíochta, staid an bhun eagair agus iad siúd b'fhéidir ná beadh sásta le ceachtar an dá iarrthóir, iad siúd atá ana-mhíshásta le cur chuige na Stáit maidir le hIosrael agus le Gaza.
Cathain a bheidh súil againn tuairiscí a fháil uait?
"Beidh na tuairiscí agam á gcraoladh ar Nuacht RTÉ One gach aon lá ag 5:40 agus ag a 7 a chlog beidh mé beo ar na cláracha nuachta. Beidh tuairiscí agam, leis, le hagallaimh le dhaoine difriúla. Beidh mé ar fáil ar na meáin shóisialta chomh maith."
"Táim ag súil le físeáin a chur amach ar chuntais X agus ar chuntais Instagram Nuachta. Ina dhiaidh san cúraimí raidió, leis, má bhíonn agallamh le déanamh anso is ansiúd ar Raidió na Gaeltachta, beidh mé le clos ansan."
Bí ag éisteacht le Adhmhaidin, Nuacht a hAon agus Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta mar aon le cláracha Nuacht telefíse ar RTÉ One leis an gclúdach ar fad a fháil le linn an ama.