Bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta 2024 ar Bhríde de Róiste ag Oireachtas na Samhna Dé Satharn seo caite i gCill Áirne Chiarraí.
Níl cur síos ná insint scéil ar an méid atá déanta ag Bríde de Róiste le breis agus dhá scór bliain i gCeatharlach ar son na Gaeilge, ar son an phobail ina ceantar agus ar son an chontae go ginearálta.
Bhí tionchar ollmhór aici ar chúrsaí oideachais ag gach leibhéal agus chaith síblianta mar mhúinteoir agus mar phríomhoide. Bhí lámh aici ar na coistí a bhunaigh Naíonra Cheatharlach, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc agus Gaelcholáiste Cheatharlach.
Bhí sí ceannródaíoch i bhforbairt an oideachais trí Ghaeilge i gceantar nach raibh an teanga dhá labhairt go coitianta ná fréamhaithe ann ag an am sin.

Is mó aithne atá ag pobal Cheatharlaigh uirthi mar dhuine a rinne a cion i measc páistí, déagóirí agus daoine fásta, le go mbeadh ar a gcumas an Ghaeilge a shealbhú agus a bhuanú ar bhealach nádúrtha agus taitneamhach.
As neart a gnímh, ar son na Gaeilge agus ar sonphobal Cheatharlaigh in imeacht na mblianta, d'fhág sí a lorg ar go leor. Chuaigh sí i gcion ar na húdaráis áitiúla, na meáin, lucht gnó, scoileanna agus an pobal lena mbaineann sí leis an sprioc a bhaint amach.
Fuair sí maoiniú agus urraíocht ó institiúidí stáit, ó eagraíochtaí forbartha agus ó lucht tráchtála, léiriú ar an muinín a bhí acu as a fís agus as a cumas. Bhí sí ina Cathaoirleach ar Choiste Ghlór na nGael, agus lárnach ar an gcoiste áitiúil i gCeatharlach a d’eagraigh féilte agus imeachtaí, ranganna Gaeilge agus ócáidí shóisialta.

Eagraíodh féilte éagsúla i gCeatharlach, ina measc Éigse Cheatharlach agus an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach agus go leor, leor eile, imeachtaí a rinne agus a dhéanann freastal ar gach aois ghrúpa sa cheantar, agus a thugann pobal náisiúnta, idirnáisiúnta agus ár gcairde Ceilteacha go Ceatharlach.
Thar aon rud eile, chuaigh Bríde i bhfeidhm ar an bpobal, agus dhá réir bhláthaigh suim agus meas an phobail ar an nGaeilge. Murach Bríd agus an obair éachtach atá déanta aici, is cinnte nach mbeadh bunús chomh láidir ná an oiread rath ar an nGaeilge i gCeatharlach is atá inniu.
Dúirt Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Donncha: "Le go dtiocfaidh fás agus forbairt ar aon rud i measc an phobail bíonn daoine ag teastáil atá sásta obair a dhéanamh chun é a bhrú chun cinn, obair dheonach, obair chrua, obair mhall anróiteach, ach obair a bhfuil toradh an tsaothair le feiceáil air."
"Sin é atá déanta ag Bríde de Róiste agus a lorg fágtha ar Cheatharlach. Mar stáisiún, mar chraoltóir agus mar eagraíocht i saol na Gaeilge, teastaíonn uainn an t-aitheantas agus an t-ómós atá dlite de Bhríde de Róiste, agus an buíochas atá ag dul di as a cuid éachtaí, a thabhairt di leis an ngradam seo."
"Is aitheantas é an Gradam ar an obair atá déanta ag Bríde, ach is aitheantas é chomh maith do phobal labhartha na Gaeilge i gCeatharlach, atá níos láidre de bharr an méid atá déanta ag Bríde."