skip to main content

Clúdach forleathan Raidió na Gaeltachta ag Oireachtas na Samhna

Níl sé ann ach tá sé linn. Rónán Mac Aodha Bhuí, slua ina bhos aige.
Níl sé ann ach tá sé linn. Rónán Mac Aodha Bhuí, slua ina bhos aige.

Mar is dual don tseirbhís tá RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbun clúdach fhairsing fhorleathan ar imeachtaí éagsúla ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne na Ríochta an tseachtain seo.

Ná bíodh aon eagla oraibh Oíche Shamhna mar go mbeidh Helen Ní Shé agus An Saol Ó Dheas ag craoladh ón meánlae ar an gDéardaoin cois 'Lobbaí' an Gleneagle.

Beidh Pádraig Ó Sé ag láithriú an tráthnóna céanna idir 7 agus a 10 istoíche uair go mbeidh Comórtas Sean-Nós na mBan ar siúl san INEC agus liosta le háireamh á chur i láthair aige.

Pádraig agus a liosta.

Ar an Aoine beidh gang Pé Scéal É i mbun craoladh spleodrach fé stiúir Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus a mná glúine, Treasa Bhreathnach agus Winnie Uí Fhlatharta, agus iad chun ruaig a chur ar an 'afternoon dip' idir a 3 agus a 5 a chlog. Bí i láthair ag Lobbaí an Gleneagle nó is tú a bheidh thíos leis.

Máire Treasa Ní Dhubhghaill, Pé Scéal É.

Leanfaidh na comórtais oíche Dé hAoine le Comórtas Sean-Nós na mBan/na bhFear san INEC idir 7 agus a 10i.n á chur i láthair ag Seamús Ó Scanláin agus súil chúnta ar an gcraoladh aige Dara Ó Cinnéide.

Tá an Satharn plódaithe ag tosnú ag 11.00 roimh nóin leis An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, Beo ón Ballroom ag Comdháil Chonradh na Gaeilge chomh maith le Q&A théis an chláir, agus Yvonne Igoe a coimeád séip ar maraon le Máirín.

Leanfaidh Seó an Oireachtais óna 12-2i.n. beo ón Lobbaí agus láithriú aige Padraig Ó Sé, agus steer á fháil aige ó Conor ó Gallchóir & Seamús Ó Scanláin. Is cosúil go mbeidh ceol, craic, caint, comhluadar, chocolate, crackers - gach aon chuid de sin ar ard-chaighdeán, gan amhras.

Bí ann le leithéidí Cuas, Ceann Gólaim (Clann Sonnaí), Cathal Ó Cuirreáin agus Comhluadar, maraon le Rinceoirí Seite Chois Fharraige a fheiscint i mbun a gcuid ealaíne.

Cuas, Ceann Gólaim (Clann Sonnaí), Cathal Ó Cuirreáin agus Comhluadar, Rinceoirí Seite Chois Fharraige agus go leor eile deimhnithe.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Seolfaidh Síle Denvir leabhar nua filíochta le Dairena Ní Chinnéide Dé Satharn.

Sé mór-ócáid na hOíche agus na Féile gan amhras Corn Uí Riada óna 7 tráthnóna Dé Satharn san INEC le Neansaí Ní Choisdealbha ina Bhean a Tí le cúnamh don chláir ó Treasa Bhreathnach.

Craolfar Aifreann an Domhnaigh ag a 11 ar maidin agus críochnóidh an craoladh le Togha agus Rogha le Neansaí Ní Choisdealbha beo as Cill Áirne agus as Casla le Bairbre Uí Choisdealbha.