skip to main content

OASIS ar chipíní féachaint cé bhainfidh ticéidí crannchur

Nollaig agus Liam Óg Ó Gallchóir - níor fhreastal siad ar Choláiste Eoin ná Íosagáin, in ainneoin ráflaí.
Nollaig agus Liam Óg Ó Gallchóir - níor fhreastal siad ar Choláiste Eoin ná Íosagáin, in ainneoin ráflaí.

Creidim, gan fhianaise, go bhfuil OASIS ar chipíní féachaint cé bhainfidh ticéidí Chrannchur Aonach na Nollag Choláiste Eoin agus Íosagáin le freastal ar a gceolchoirm an bhliain seo chugainn.

Tá Coiste na dTuismitheoirí i gColáistí Eoin & Íosagáin ar chipíní pé scéal é toisc an tarraiscint iontach atá á mbronnadh acu ar an té gur leo an ticéad a roghnófar don chéad duais sa Chrannchur i mbliana.

Den chéad uair riamh, tá Crannchur Aonach na Nollag ar líne i mbliana – agus tá duaiseanna iontacha acu! Barr an liosta? 5 thicéad le hOasis a fheiceáil i bPáirc an Chrócaigh in 2025!

Coláiste Eoin. Mad for é.

Tá an cúig thicéid ar fad suite le chéile mar sin ní gá do Cúigear an Chrócaigh buacach aon imní a bheith ortha ach an ócáid a roinnt lena chéile ar feadh na blianta ina dhiaidh go bhfaca siad an rac-ghrúpa is mó riamh a d'eascair as Manchain, tar éis Joy Division, The Smiths agus Herman's Hermits.

Tá's againn, Liam, tá's. (Fleet of helicopters not included.)

Ócáid bliaintúil atá in Aonach na Nollag ag Coláistí Ghaeilge Eoin agus Íosagáin i Stigh Lorcáin Bhleá Cliath, ina mbailítear airgead ar son na scoile. Is mar chuid den Aonach sin atá an Chrannchur dírithe.

Tuileadh eolais anseo.