skip to main content

Clúdach cuimsitheach Oireachtais TG4

Slua steipeála na Samhna.
Slua steipeála na Samhna.

Déanfaidh TG4 craoladh trasardáin beo ar feadh ceithre lá ar phríomhfhéile na nGael, Oireachtas na Samhna ón 30 Deireadh Fómhair go dtí an 3 Samhain 2024.

Craolfar os cionn 20 uair a cholg beo ar an aer agus ar líne mar aon le hábhar eisiach eile ar na meáin shóisialta ó Óstán Ghleann an Iolair i gCill Airne, Co. Chiarraí le linn na féile.

Cuirfear tús leis an gceiliúradh le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais beo ar www.TG4.ie ón 8pm oíche Dé Céadaoin. Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide Oireachtas na bliana seo ar Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Tá 9 n-ainmniúchán idir chláir, sraitheanna agus scannáin, mar aon le 11 ainmniúchán do láithreoirí agus iriseoirí de chuid TG4 / Cúla4 ar Ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024. Is é Páidí Ó Lionáird a chuirfidh an searmanas bronnta i láthair.

Niamh Ni Chróinín, Cúla4.

Sruthófar na healaíona béil dúchasacha beo ar www.TG4.ie ón Déardaoin ar aghaidh, agus beidh comórtais ardáin do dhaoine fásta ar nós Agallamh Beirte, Lúibíní, Amhráin Nuachumtha, Sceitse agus Amhrán Saothair le feiceáil ar TG4.ie.

Beidh mórchomórtais an tsean-nóis; Corn na bhFear, Corn na mBan agus Corn Uí Riada á sruthú beo ag TG4 agus beidh siad ar fáil freisin ar YouTube TG4. Beidh Corn Uí Riada á shruthú beo ar YouTubeTG4.

Máirín Ní Ghadhra, 7 Lá, i mbun cíortha na mórcheisteanna, Déardaoin.

Craolfar eagrán speisialta de 7 Lá ón INEC ag 7.30pm ar an Déardaoin mar a mbeidh mórcheisteanna na Gaeilge agus na Gaeltachta á gcíoradh agus á scrúdú ag Máirín Ní Ghadhra roimh an olltoghchán. Pléifear ceisteanna tábhachtacha na Gaeltachta leis na polaiteoirí, an Teachta Dála Aindrias Moynihan (FF), an Teachta Dála Mairéad Farrell (SF), an Teachta Dála Catherine Connolly (Neamhspleach) agus an Seanadóir Seán Kyne (FG).

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Beidh deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur agus a dtuairimí a thabhairt le linn an chláir speisialta ó Oireachtas na Samhna.

Orla Ní Fhinneadha, i mbun Lár Stáitse Dé hAoine.

Is í Orla Ní Fhinneadha a chuirfidh Lár Stáitse i láthair ón INEC ag 8pm Dé hAoine, clár ina dtabharfar blaiseadh den tsiamsaíocht, den iomaíocht agus de rannpháirtíocht daoine óga as gach cearn den tír i gcomórtais ealaíon teangabhunaithe an Oireachtais.

Beidh an príomhchomórtas damhsa ar an sean-nós, Steip, á chraoladh beo ar TG4 ón INEC ag an 12:30pm Dé Sathairn agus is é Joe Ó Domhnaill a bheidh ina Fhear an Tí.