skip to main content

Na Féilte Tine - Samhain: Watch here

Craolfar an chéad eagrán sa tsraith Na Féilte Tine, dírithe ar Samhain, anocht, 28 Deireadh Fómhar, ina bhfuil inniúchadh déanta ar na traidisiúin agus na cúiseanna gur chleacht ár sinsear na féilte éagsúla.

Féach siar anseo Watch back

Ar dhuine de na saineolaithe atá san eagrán seo, tá Seosaí Nic Rabhartaigh, lenar leabhar RTÉ.ie/Gaeilge cheana féin maidir le miotais na bhféilte. Míníonn sí anseo dúinn faoi thábhacht na deasghnátha a bhí lárnach sna céiliúrtha séasúracha seo.

Seosaí Nic Rabhartaigh.

"Nuair atá muidine ag céiliúradh féile ar bith táimid ag leanúint deasghnátha ár muintire, na daoine a tháinig romhainn agus ar bhealach ag athinsint cuid de na miotais agus na féilte. Tá achain rud cineál ceangailte le chéile; na miotais, na deasghnátha agus na féilte le fuinneamh chruthaithe an domhain."

Tá dhá chineál scéalaíochta anseo: an scéalaíocht mar entertainment don phobal agus an scéalaíocht a thugann comhairle dúinn ar an ngaol againn lenár dtimpeallacht agus conas is cóir dúinn aire a thabhairt don timpeallacht sin.

"Tá an dá rud ann. Má théann tú ag an Oireachtas, cloisfidh tú scéalaithe an lae inniu atá ag insint scéal mar thraidisiúin bheo. Leithéidí Eithne Ní Ghallchobhair agus an dóigh atá aici chun an scéal a insint, is léir go bhfuil sise ag maireachtaint an scéal."

"Do éinne a mbíonn cur amach ar bith acu ar scéalta, ar théamaí agus an dóigh gur féidir leat scéalta a bhriseadh síos, ní féidir leat gan bheith ag baint eolais de chineál éigin nó treoracha de chineál éigin ós na scéalta."

Eithne Ní Ghallchobhair, scéalaí den scoth.

"Mar tá fíricí uilíocha ionta. Braitheann sé ar an stádas ina bhfuil tú féin. Bhfuil tú uaigneach, bhfuil cumha ort, bhfuil tú ag folaingt mar go bhfuil cara leat nó duine muinteartha leat i ndiaidh bás a fháil? Cibé dóigh a mhothaíonn tusa nuair a chloiseann tú scéal, gheobhaigh tú rud éigin a chuideoidh leat. Sin an dóigh a mhothaímse faoi na scéalta."

"Tá sé an-doiligh do mhéar a chur air, ach gurb shin an dóigh gur féidir leat míniú go bhfuil rúndiamhracht ann, go bhfuil rud éigin uilíoch ann."

"Ach is féidir a rá go raibh cleachtas na ndeasghnátha a bhaineann leis na féiltí, go mbaineann sé cuid den chealg ón chumha agus muid ag croithniú ár gcairde agus ár ngaolta atá imithe ar shlí na fírinne."

An Chailleach.

"Ins na scéalta móra, scéalta Cú Chulainn, nó Oidhreacht Chlann Tuirinn, tá fíricí ionta a léiríonn an chuid ba mheasa den duine daonna agus amanta na luachanna ba mheasa gur féidir a bheith ag cultúr ar bith."

"Ach ansin léiríonn siad fós buaic-phoinntí an duine daonna agus an dóigh gur féidir le duine éigin na rudaí suaracha a thaganns as bheith i do dhuine daonna, na mothúcháin contúirteacha ar nós éad, agus formaid agus gráin agus an dóigh gur féidir linn iad a shárú."

Na Féilte Tine: Samhain, RTÉ 1 Dé Luain 28 Deireadh Fómhar ag 6.30i.n.