An cainteoir líofa Gaeilge tú a bhfuil féith na cruthaitheachta agus na scéalaíochta go smior ionat?
An dtaitneodh leat a bheith ar an gcéad réalta mór eile ar an teilifís don lucht féachana óg?
Tá Cúla4, i gcomhpháirt le Gréasán na Meán, ag seoladh dianchúrsa traenála do chainteoirí líofa Gaeilge atá os cionn 18 mbliana d'aois ar mian leo a bheith ina láithreoirí teilifíse.

Dianchúrsa saor in aisce atá anseo agus beidh sé á reáchtáil in 2025. Tabharfar deis do láithreoirí nua na scileanna cuí a theastaíonn uathu a foghlaim le dul os comhair ceamara le linn an dianchúrsa seo.
Beidh siad ag foghlaim ó na gairmithe is fearr sa tionscal, ag forbairt a gcuid scileanna láithreachta don scáileán agus ag foghlaim na sárscileanna a theastaíonn chun aird an lucht féachana óig a mhealladh.
Deir Karina Feirtéar, Bainisteoir Chainéal Cúla4,
"Tá ríméad orainn go bhfuil an dianchúrsa seo á chur ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i dtionscal na teilifíse agus go mór mhór daoine a bhfuil spéis acu oibriú sa réimse do dhaoine óga."
"Leis an traenáil seo, beidh rannpháirtithe ábalta, ní hamháin a gcuid scileanna láithreachta don scáileán a fheabhsú, ach oiliúint phraiticiúil a fháil i gcláracha teilifíse a léiriú do leanaí."
"In airde air sin, tabharfar comhairle do na rannpháirtithe ar conas fostaíocht a fháil i dtionscal na teilifíse agus sna meáin."

Ní mó do na hIarrthóirí:
- A bheith os cionn 18 mbliana d’aois.
- A bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge.
- An-spéis a bheith acu sna meáin agus sa chumarsáid, go mór mór in ábhar a chruthú do dhaoine óga.
- A bheith díograiseach agus spreagtha, agus sásta iad féin a thiomnú do chlár oiliúna dian, a bhogann ar aghaidh go tapa.
An chaoi le hiarratas a dhéanamh:
Ní gá ach físeán gairid a thaifeadadh díot féin ag míniú an fáth ar mhaith leat a bheith i do láithreoir teilifíse agus freastal ar an dianchúrsa seo.
Seol an físeán chuig cursa@tg4.ie roimh an 13 Samhain 2024.

Tá deiseanna fostaíochta ag dul i méid sna meáin Ghaeilge agus tabharfaidh an cúrsasaor in aisce seo deis do rannpháirtithe, ní hamháin scileanna nua a fhoghlaim, ach breathnú i dtreo post a aimsiú mar láithreoir.
Ná caill an deis seo agus scaip an scéal i measc do chairde.