skip to main content

Na Féilte Tine - Samhain

Scairt Bhealtaine.
Scairt Bhealtaine.

Táimid ar thairseach athbhliana ár sinsear agus Samhain dár dtionlacan i dtreo an dorchadais agus an saol eile. Dé Luain seo chugainn craolfar an chéad eagrán den tsraith ceithre chlár, Na Féilte Tine, dírithe ar chéiliúrtha Cheilteacha ársa.

Deineann léiritheoir an tsraith, Ciarán Ó Cofaigh, cur síos ar atá ann.



Is togra faoi leith a bhí i gceist leis Na Féilte Tine.

Ar ndóigh, bhí an-suim againn na traidisiúin a bhaineann leis na féilte dúchasacha seo a chur os comhar an lucht féachana, ach freisin bhí muid ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar an 'sean-chreideamh' as a dtagann siad.

Ar mhaithe leis na téamaí seo a iniúchadh bhí orainn dul ag tochailt i ‘psyche’ na nGaeil.

Beal-tine.

Ag fiosrú an tábhacht daonna a bhaineann le miotas, creideamh, béaloideas, deasghnátha agus a leithéidí. Cén fáth go bhfuil suim sna féilte dúchasacha seo ag fás in Éirinn agus níos faide ó bhaile?

Cúis amháin ná go bhfuil muid uilig níos tuisciní ar thábhacht an nádúr agus an fhreagracht atá orainn í a choinneáil slán.

Freisin, is féidir a rá go bhfuil roinnt daoine ag diúltú don domhan digiteach ina maireann muid. Iad ag cuartú ceangal le rud éigin níos mó agus níos sine ná iad féin.

Lúnasa.

Is léir freisin go bhfuil tábhacht na heaglaise Chaitlicigh ag meath le blianta anuas agus dá bharr sin is féidir a rá go bhfuil folús spioradálta fágtha ina diaidh in Éirinn.

Níl aon cheist ach go dtáinig athraithe ar na bhféilte agus iad a gcleachtadh leis na mílte bliain.

Cé go gcruthaítear traidisiúin nua le gach glúin, fanann an ‘gá’ le ceangal spioradálta a dhéanamh leis an nádúr agus leis an bpobal.

Imbolg.

Mar a deir Mary Condrenagus agus í faoi agallamh sa sraith,

"The four fires, the four ceremonies, symbolically represent the cycle of nature. They are alignment. Alignment with the cosmos because they are celebrated at a time of cosmic change. Alignment with the community…how are you serving or disrupting the community? And alignment with the body.

"Tá na féilte tine seo mar fhéilte séasúracha atá ag fáiltiú roimh an chéad casadh eile sa mbliain agus ag tabhairt cuireadh dúinn dul ag damhsa le rithimí an nádúr mar a rinne ár sinsir."

Samhain.

Is i dtreo na féilte seo atá go leor ag díriú agus iad ag cuartú ceangal spioradálta, tríd searmanas agus deasghnátha, leis na traidisiúin as a dtagann siad.

Sa sraith Na Féilte Tine, beidh iniúchadh cuimsitheach déanta ar na féilte dúchasacha Éireannacha seo, Samhain, Imbolg, Bealtaine agus Lúnasa…mar a bhí, mar atá agus mar a bheas.

Feicfimid an stair a bhaineann leo, mar atá siad fós á gceiliúradh agus na leaganacha comhaimseartha do na féilte seo atá ag díriú ar mianta spioradálta an 21ú aois.