skip to main content

An Tairseach, Árdán Digiteach foghlama d'oidí

Níos mó ná 2,500 acmhainn ilmhódach teagaisc agus foghlama trí Ghaeilge ar fáil ón gComhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chun tacú le múinteoirí agus ceannairí bunscoile / iar-bhunscoile agus leis an earnáil oideachais i gcoitinne.

Iarradh ar COGG i gcomhpháirtl e heagraíochtaí eile acmhainn chuimsitheach, nuálach agus chruthaitheach ar líne a dhearadh chun freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith le tacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre.

We need your consent to load this Vimeo contentWe use Vimeo to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Mhínigh Oifeagach Oideachas COGG, Frank Ó Tormaigh, do RTÉ.ie/Gaeilge atá curtha ar fáil.

"D'eascair An Tairseach ón bpolasaí don oideachas Gaeltachta a bhí scríofa ag an Roinn Oideachais agus tá sé luaite ansin go mbeadh gá le ardán de shaghas éigin ar líne áit a mbeadh múinteoirí in ann teacht ar acmhainní teagaisc don bhunscoil agus an iar-bhunscoil."

"Cé go bhfuil an Tairseach deartha go hoifigiúil do scoileanna Gaeltachta tá sé ar fáil do na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí ar fad. Tá sé beo anois le tamall, ach tá an-áthas orainn é a bheith seolta go hoifigiúil agus tá, idir acmhainní bunscoile agus iar-bhunscoile, níos mó ná 2500 acmhainn ann."

Ár gcíste!

"Tá meascán de acmhainní idir acmhainní ó eagraíochtaí eile atá tar éis cabhrú linn go mór na naisc go dtí na hacmhainní sin a chur ar fáil, acmhainní atá déanta ag na hoifigigh oideachais atá ag obair le COGG, acmhainní atá maoinithe ag COGG agus is dócha na cinn is luachmhara, na cinn atá déanta ag múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile timpeall na tíre.

An bhfuil sé seo dírithe chomh maith ar ábhar múinteoirí nó an do mhúinteoirí cáilithe amháin atá sé dírithe?

"Tá, fiú amháin na múinteoirí nach bhfuil cáilithe go fóill agus iad ag dul amach ar shocrúchán scoile agus bím féin agus na hOifigigh eile ag dul isteach go dtí na coláistí oiliúna ar chuairteanna agus ag taispeáin dos na múinteoirí conas an Tairseach a úsáid agus na hacmhainní a chuimsiú. Cinnte tá sé ar fáil dóibh chomh maith."

Forbraíodh an tairseach thiomnaithe seo ar líne, mar sin, chun raon leathan acmhainní ilmhódacha atá cruthaithe ag múinteoirí, agus a bhfuil cáilíocht dearbhaithe acu, a chur ar fáil do mhúinteoirí eile. Múinteoirí ag tacú lena chéile.

Tá COGG an-bhuíoch de na heagraíochtaí eile oideachais a thug cead dóibh naisc chuig acmhainní tacúla eile a chur ar An Tairseach freisin. Cuirfear leo agus déanfar athbhreithniú ar bhonn rialta orthu.

Gné bhreise den Tairseach freisin ná gur féidir le múinteoirí logáil isteach, cuntas a chruthú agus ansin cluichí idirghníomhacha ar líne a dhearadh.

Chomh maith leis sin, is féidir leo a gcnuasach pearsanta féin a chruthú, áit gur féidir leo acmhainní agus cluichí maithe atá cruthaithe acu nó ag daoine eile a shábháil agus a úsáid arís agus arís eile.

Tuilleadh eolais ag an suíomh anseo.