skip to main content

Cnuasach gearrscéalta 'Mná' le Daithí Ó Muirí ina Leabhar na Míosa

An domhain tré shúile mhná.
An domhain tré shúile mhná.

Bailiúcháin scéalta osréalacha, fíriciúla, taibhsiúla atá ar fáil in 'Mná' le Daithí Ó Muirí, atá mar Leabhar na Míosa ag Raidió na Gaeltachta agus An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock.

Dhírigh RTÉ.ie/Gaeilge ar an gcoincheap a bhí ag Ó Muirí i scéalta mar seo ina bhfuil glórtha agus dearcadh na mban mar fhoinsí na scéalta.

Cén fáth cnuasach iomlán faoi mhná ag scríbhneoir fear?

"Na leabhair a d'fhoilsigh mise, ainmfhocal san uimhir iolra a bhí ionta: 'Ceolta', 'Cogaí', 'Uaigheanna', 'Litríochtaí' - mar sin shocraigh mé ar scéalta le mná, tabharfaidh mé 'Mná’ ar an leabhar."

Raibh aon sprioc ar leith agat seachas tú féin a chur isteach i gceann daoine daonna go dtarlaíonn sé gur mná iad?

"Le fírinne is gnáth ghearrscéalta atá ann, mé tá tú ag súil le cineál anailís ar na mná nó ar chearta na mban, níl eolas agamsa ar na mná ach go bhfuil siad uilig éagsúil óna chéile."

"Ní shin a bhí i gceist agam ach gur gearrscéalta iad, sin an méid."

Daithí Ó Muirí.

Bhfuil sprioc eile agat chomh maith sa saol mar scríbhneoir, bíodh sé in ‘Mná’ nó ‘Cogaí’ nó aon rud atá cumtha agat go dtí seo scríofa agat go dtí seo, tabhairt faoin choinbhinsiún, dúshlán an choinbhinsiún a thabhairt?

"Bhfuil aon sampla agat?"

Bhuel an scéal 'Bean Bhéal Feirste'; tuigim nach bhfuil mórán measa agat ar an tuairim atá ann i measc líon áirithe údar 'nach ceart scríobh i nGaeilge faoin nGaeilge' agus gur cineál ‘kicking against the pricks’ a bhí sa scéal áirithe san?

"Ar bhealach breathnaím ar an scéal sin mar cineál duine ag cúléisteacht le comhrá idir beirt cainteoirí ó dhúchas. Sin an méid atá ann."

"Nílimse ag iarraidh aon rud ar leith a rá faoin nGaeilge nach bhfuil ar eolas ag daoine cheana féin is dóchaí. Ach sin an cineál chaoi a bhreathnaigh mise air."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


"Tá trí chuid sa scéal; an chéad chuid, tá mo dhuine, an sean lead as Connacht ag caint faoi na trioblóidí, an chogaidh ó thuaidh, is dócha, ach níl aon suim ag an gcailín óg sna rudaí sin, cé gur cé gur as Béal Feirste di agus go bhfuil Gaeilge aici."

"Ach ansin tosaíonn siad ag caint. Níl mórán le rá aici. Níl aon eolas aici ar na trioblóidí. Níl aon suim aici ann. Ansin tosnaíonn siad ag labhairt faoin nGaeilge."

"Tá comhrá ceart ann agus tarlaíonn na rudaí céanna dóibh, daoine ag déanamh maisiúcháin as an nGaeilge agus rudaí nach bhfuil am ag mórán cainteoirí dúchais leis ar chor ar bith.

"Agus ansin tá an tríú cuid ann; tosaíonn sise ag caint faoi Cú Chulainn. Ach má tá tú ag ceapadh gur laoch cineál rómánsaí Cú Chulainn, ní hea! Agus piocann sise amach na rudaí aisteacha faoi. Cúléisteacht ar comhrá atá ann im thuairimse."

Cuileog ar an mballa?

"Sin an rud, seachas mise bheith ag iarraidh aon phointe mór a dhéanamh faoin nGaeilge nó faoi na trioblóidí nó faoi Chú Culainn. Ní shin a bhí i gceist agam."

Cú Chulainn sa Táin. Carachtar 'Bean Bhéal Feirste' i mbun athbhreithnithe an laoich.

Ar cheann de na scéalta sa anseo agat, Nanette agus an scéal, Taibhsí Mná, nach gceadófaí do iriseoir nó duine mar mise a chur i do leith go bhfuil tú ag cleachtadh réalachas draíochtaí mar a bheadh ag leithéidí Gabriel Garcia Marquez nó Isabela Allende agus scríbhneoirí dheisceart Mheiriceá agus an cineál sin pidgeon-holing sin a dhéanamh ort, ach tá leagan eile de magical realism ann - ‘réalachas taibhsiúil’ - an nglacfá leis an gcur i leith sin go bhfuil spéis agat ach go háirithe sa dá scéal sin go bhfuil spéis agat sa saol eile, sa taibhsiúlacht?

"Níl aon chur amach agamsa ar an rud sin le fírinne. Ní duine maith mé le cineál seánra. Léimse rudaí éagsúla anseo is ansiúd mar sin ní thuigim céard atá i gceist le ‘réalachas draíochtaí’ nó pé rud a bhí ann."

"An fáth go scríobhaim na leabhar seo ná go léim i nGaeilge. Ní cheapaim go bhfuil mise aon phioc difriúil ná scríbhneoirí eile."

"Táim ag léamh Colin Ryan seo é sin is dhá leabhar gearrscéalta agus leabhar filíochta aige. Scéalta mar sin a spreagann mise, agus leithéidí Eoghan Mac Giolla Bhríde. Tá 3 leabhar gearrscéalta aige."

"Gabhán Ó Fachtna, thar a bheith suimiúil, Con-Trick "An Bhalla Bháin" le Colm Breathnach, ceann de na scéalta is iontaí ar léigh mé ariamh, tá sé sa leabhar sin.

"Chuaigh mise ag aithris na scríbhneoirí Gaeilge seachas bheith ag breathnú ar na rudaí eile."

Beidh léirmheas á dhéanamh ar 'Mná' le Daithí Ó Muirí ar An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock ar an 31 Deireadh Fómhair.