Filleann Féile Náisiúnta Sorcas na hÉireann ar Thrá Lí i gceann 10 lá agus maireann ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 3 Samhain le mórshiúil, seónna agus ceardlanna do gach aon saghas duine - an dream foghlama nó an dream féachanna.
Sé Con Horgan Stiúrthóir an Fhéile Náisiúnta Sorcais agus labhair sé le RTÉ.ie/Gaeilge fé na himeachtaí a bheidh ar siúl ann i mbliana agus fén bóthar a thóg sé féin go seo.
Céard a bheidh ar siúl i mbliana agus na rudaí gur féidir le daoine in ann bheith ag súil leo?
"Bhuel tá Féile Náisiúnta Sorcas na hÉireann ar siúl againn i Trá Lí i gContae Chiarraí ag tús Mhí na Samhna agus bíonn a lán rudaí ar siúl. Is féile ceithre lá atá ann agus tá ceardlanna do dhaoine óga agus daoine fásta freisin ar an gceithre lá sin ón Déardaoin go dtí an Domhnaigh."

"Tá seónna againn in amharclann Siamsa Tíre i gcroílár an bhaile agus tá coimisiún nua déanta againn ó ealaíontóir Éireannach, Darragh McLaughlin, agus beidh an seó sin os comhair na ndaoine oíche dé hAoine."
"Tá sé ag deileál le feadóg nó whistle agus nuair a chuireann sé an fheadóg ar siúl caithfidh tú do shúile a dhúnadh agus déanann sé a lán rudaí agus nuair a sheineann sé an fheadóg arís, caithfidh tú do shúile a oscailt. Bíonn na rudaí a dhéanann siad ana-ghreannmhar agus ana-shuimúil."
"Ar an Satharn tá variety seó againn le naoi míreanna, ceapaim, ó áiteanna ar fud an domhain againn le teacht agus árd leibhéal ag baint leo."
"Tá sé seo go deas freisin mar faigheann tú éagsúlacht mór idir na míreanna go léir. Bíonn lúthchleasaíocht, acrobatics agus aerial agus bíonn fir grinn ann freisin."

"Tá paráid mór againn freisin oíche dé hAoine agus fireworks i lár an bhaile i Sráid Denny agus na rudaí céanna go mbíonn ann gach bliain ar nós club na féile. Tá a lán rudaí ar siúl d'óg agus aosta."
Braithim uaitse gur vocation duitse é, chomh maith le jab a íocann na billí. Tá na gradaim éagsúla bainte amach agat ón Nouvelle Clowning Institute i mBarcelona agus obair déanta agat le Master Clowns ar fud an domhain; is léir nach caitheamh aimsire é seo duit, an cuimhin leat an chéad uair gur rith sé leat dul dáiríre le bheith id fhear grinn?
"Bhuel an t-am ar fad nuair a bhíos ag fás suas bhí súil agam ar an ealaín an t-am ar fad. Ach bhí suim agam freisin san eolaíocht mara – rinne mé céim ann agus rinne mé máistreacht i gceol ríomhaireachta. Mar sin bhí dhá shaol agam, saghas."
"Agus nuair a bhíos sna triochaidí, ceapaim, dúras liom féin 'okay, caithfidh mé díriú ar rud amháin a dhéanamh’ agus an rud a phiocas ná an ealaín. Is slí beatha iontach é."
"Tá sé an-sásúil smaoineamh a bheith agat agus seó a dhéanamh as. Bíonn a lán taisteal i gceist freisin ag féiltí náisiúnta agus idirnáisiúnta, mar shampla agus bualann tú lena lán daoine."

"Tá sé deacair é a chur i focal, ach déanann sé difríocht i do shaol agus ceapaim go ndéanann sé difríocht i saol daoine eile freisin agus difríocht mhaith atá ansin, ceapaimse."
Maireann an Féile Náisiúnta Sorcas ón 31 Deireadh Fómhar go dtí an 3 Samhain i dTrá Lí.
Tuilleadh eolais le fáil ag www.circusfestival.ie agus freisin ar shuíomh Siamsa Tíre.