Beidh an chéad eagrán den sraith nua Na Féilte Tine ar RTÉ 1 ar an 28 Deireadh Fómhair dírithe ar an Samhain: ag cíoradh na hoidhreachta taobh thiar den fhéile tábhachtach seo seachas nósanna comhaimseartha an 'trick or treat'.
Sraith cheithre chlár atá in Na Féilte Tine, a dhéanann iniúchadh ar na féilte dhúchasacha Éireannacha: Samhain, Imbolg, Bealtaine, agus Lúnasa.
Samhain: an fhéile a chomórtar tar éis an tSamhraidh agus le teacht an Gheimhridh - an uair go bhfuil na stóir á líonadh le torthaí an fhómhair, an uair go bhfuil táirseach an domhain seo agus an domhain eile ar oscailt. Baineann sé seo leis na miotais againne mar threibh, mar phobal, mar chine daonna.
Cé go bhfuil go leor cuiditheoirí sa chéad chlár den sraith iontach faisnéise seo ag Rosg, labhair RTÉ.ie/Gaeilge le duine de na shaineolaithe ach go háirithe, Seosaí Nic Rabhartaigh, fén gcúlra a bhaineann leis an gceann áirithe seo.
Tá cur síos agatsa sa chlár ar an rud is miotais ann, sé sin go dtugann sé deis dúinn céadfaí an iontais a oscailt ionainn; conas tá sé éagsúil mar sin ar fhinscéal nó ar bhéaloideas?
"Cinnte tá difear ann idir an miotas agus na scéalta a chloiseann muid sna finscéalta agus sa bhéaloideas. Bíonn scéalta an mhiotais bunaithe ar fhíricí uilíocha a bhaineann le naofacht nó rúndiamhracht, leis an os-nádúrthacht. Bíonn déithe nó leas-déithe mar charachtar ionta."
"Buaileann muid le gnéithe den duine daonna sna miotais, mór-mothúcháin – an eagla, fearg, lúcháir, grá, gráin, éad, fuath, bród, cumha, uaigneas – na mothúcháin sin uilig a bhfuil muid ag iarraidh cineál smacht a choinneáil ortha, achain duine, ionta féin."

"Baineann na scéalta céanna leis an dóigh a bhainistíonn muid mar dhaoine daonna ár gcuid mór-mothúcháin. Agus baineann sin uilig leis an meabhairshláinte agus an dóigh a bhfuilimid ábalta smacht a choimeád ar ár gcuid smaointe, ár mothúcháin agus ár ngníomhartha."
"Agus is dócha gur thuig na daoine a bhí ag cruthú na miotais seo, go mbeadh siad ábalta treoracha a thabhairt do na daoine a bhí le teach tar an dóigh is fearr chun na mór mothúcháin seo uilig agus gnéithe an duine daonna a bhainistiú ionta féin tríd na scéalta seo a chur le chéile."
Mar sin chabhraigh na miotais leis an ruaig a chur ar imní na ndaoine agus ar dhrochiompair nó ansmacht de bharr éad nó fearg teacht aniar aduaidh ar dhaoine – táimid ag déileáil fé láthair le glúinte atá ag fulaingt lena meabhairshláinte ar chúiseanna difriúla ach bhí an chumhacht sin ag na miotais díriú ar nithe mar sin?
"Tá mise ag caitheamh cuid mhaith ama le cúig bhliaina déag nó mar sin anois ag smaointiú ar an nasc idir cruthaíocht phearsanta an duine daonna agus an meabhairshláinte agus na féidireachtaí a mhothaíonn muid uilig atá go domhain taobh istigh ionainn."

"Cad gur féidir liomsa a dhéanamh amach anseo? Cad iad na brionglóidí, na físeanna atá agam dom féin?"
"Agus is féidir iad uilig a tharraingt isteach ag an fhéile, an tSamhain; mar a deir Lillis Ó Laoire (sa chlár), an fhéile is tábhachtaí sa bhféilire Ceilteach agus go bhfuil an dá thaobh den saol á léiriú sa Samhain; bás na seanbhliana agus an bhliain nua ag dul ag tosú agus idir an dá am sin, ar an tairseach, mar a deireann Lillis, tá an t-am speisialta seo, am na féile, am draíochta, am ina bhfuil an chailleach."
"Agus tá an chaille idir an réaltacht s'againne agus an saol eile, tá sé an-tanaí, agus is féidir le neacha teacht isteach ag an réaltacht s’againne, nó bfhéidir gur féidir linne dul trasna táirsigh isteach go saol eile muid féin."
"Ach sílim gur féidir leat smaoineamh air sin I mbealach difriúil, ar bhealach dul isteach I síceolaíocht an chine daonna, go bhfuil tú ag dul isteach sa bhfo-chomhfhios. Tá tú ag dul isteach sa dorchadas agus tá tú ag aimsiú do chruthaíocht féin agus na féidireachtaí atá ionat féin agus tá tú ag iarraidh iad a thabhairt ar an saoil."
"Agus mar a deir an fhile agus céiliúraí, Siobhán de Paor, i dtreo deireadh an scannáin, gur as an fás a thaganns an feoigh, gur as an bás a thaganns an bhreith agus go mb'fhéidir gurb é ceacht na Samhna ná gur rud fiúntach é an dorchadas; an t-am seo chun ciúniú síos. Is as an ciúnas agus as an tost agus an t-am socair sin go bhfuil muid ag feitheamh ach go bhfuil beocht san am feithimh sin agus táimid ag gor ár bhféidireachtaí agus ár gcruthaíocht féin sa chiúnas chun iad a thabhairt ar an saoil. Ag cuardach an laoch laistigh, an laoch s'againn féin le dul ar thuras an laoich."
Beidh alt ag léiritheoir na sraithe, Ciarán Ó Cofaigh, ar an sraith Dé Céadaoin seo chugainn.
Na Féilte Tine: Samhain, RTÉ 1 Dé Luain 28 Deireadh Fómhar ag 6.30i.n.