skip to main content

Cluiche Ceannais Chorn na mBan Shelbourne v Athlone Town

Pearl Slattery, Shelbourne, an Corn, agus Laurie Ryan, Athlone Town.
Pearl Slattery, Shelbourne, an Corn, agus Laurie Ryan, Athlone Town.

Dé Domhnaigh bheag seo, 20ú Deireadh Fómhair, tabharfaidh Shelbourne FC agus Athlone Town AFC aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Chorn na mBan i Staid Tamhlachta.

Seo an triú bhliain as a chéile go mbeidh an dá fhoireann ag féachaint ar a chéile sa chraobh seo.

Páirc imeartha don chraobh, Staid Tamhlachta.

Bhí an bua ag Shelbourne i 2022 ach briseadh croíthe na nDeargaigh anuraidh nuair a d'éirigh le Athlone an lámh in uachtar a fháil orthu tar éis ciceanna pionóis agus an corn buaite acu den chéad uair i stair (ghairid) an club.

Tá lucht tacaíochta an dá club ag súil le taispeántas den scoth Dé Domhnaigh leis an ngéar-iomaíocht atá tosnaithe idir an dá fhoireann le cúpla bliain anuas.

Kate Mooney, Shels: in ard foirm le déanaí.

Ní turas éasca é chuig an gcraobh seo. Agus comórtas an choirn ag rith i gcomhthráth leis an tsraith, níor tugadh mórán faoisimh don dá fhoireann le cúpla mí anuas.

D’fhéadfaí a rá gur tháinig an dúshlán ba mhó do Shelbourne sa chluiche ceathrú ceannais ag deireadh Lúnasa in aghaidh Shamrock Rovers.

Le comhscór ag deireadh an chluiche, cuireadh am breise leis agus bhí an chuma ar an scéal go ndéanfaí an cinneadh ar an lá le ciceanna pionóis.

Róisín Molloy, Athlone Town, ar chlé, in aghaigh Alice Lillie, Sligo Rovers, sa leathchraobh.

Ach ardaíodh spioraid Shelbourne le botún Rovers le cúl ina n-eangach féin nuair nach raibh ach cúpla soicind fágtha san am breise.

Do Athlone, níor chuir aon fhoireann an dúshlán céanna os a chomhair.

Bhuaigh siad go héasca ar Treaty United sa chluiche ceathrú ceannais 2-1 agus dheimhnigh siad a n-áit sa chluiche ceannais le cúl luath ó Shauna Brennan in aghaidh Sligo Rovers sa leathchraobh.

Beidh le feiceáil cé a thiocfaidh amach chun tosaigh sa choimhlint Dé Domhnaigh.

Imríodh cluichí deireanacha na sraithe an tseachtain seo caite ach bhí an léig buaite ag Athlone cheana féin agus fágadh Shels sa dara háit don dara bhliain as a chéile.

Tá an dá fhoireann ina dhiaidh trí chluiche a imirt in aghaidh a chéile i mbliana, idir an léig agus an comórtas uile-oileáin agus an dá thaobh ar chomhscór go dtí seo - bua amháin in aghaidh na bhfoirne agus comhscór amháin.

Éist le Méabh de Búrca ag caint le Raf Diallo i réamhrá ar an gcraobh.


Ar an drochuair do Athlone, beidh orthu aghaidh a thabhairt ar an gcluiche seo Dé Domhnaigh gan Chloe Singleton i lár na páirce agus í gortaithe (a tharla sa chluiche deireanach in aghaidh Shelbourne).

Tugadh buille eile don club lár tíre le himeacht Casey Howe go Nottingham Forest ag tús na míosa seo caite. Ach tá neart cumhachta agus scile fágtha san fhoireann a thosóidh ag an deireadh seachtaine le Róisín Molloy, Maddie Gibson agus Shauna Brennan ach go háirithe.

Fócas, scil agus aclaíocht - cé acu a mbeidh lámh in uachtar?

Ar an taobh eile, beidh Shelbourne ag súil le draíocht Kate Mooney a fheiceáil i dTamhlacht agus í in ard foirm le cúpla seachtain anuas le deich gcúl i sé chluiche. Is fiú súil a choinneáil amach le haghaidh Noelle Murray agus Alex Kavanagh chomh maith, beirt le beagnach tríocha cúl scóráilte eatarthu sa séasúr seo.

An n-éireoidh le Shels díoltas a bhaint amach ar Athlone ina dhiaidh an bhriseadh chroí anuraidh? An mbeidh an t-ocras fós ag Athlone tar éis dóibh an tsraith a bhuachaint? Beidh le feiceáil Dé Domhnaigh.

Watch Athlone Town v Shelbourne in the Women's FAI Cup on RTÉ2 and RTÉ Player from 2.15pm on Sunday. Follow a live blog on rte.ie/sport and the RTÉ News app and listen to live commentary on RTÉ Radio 1.