skip to main content

Céim Eile scannánaíochta TG4 - Babaí Brain

Ciarán Charles Ó Conghaile, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Nikolaj Feifer.
Ciarán Charles Ó Conghaile, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Nikolaj Feifer.

Tá an-áthas ar TG4 a fhógairt go bhfuil tús curtha le scannánú ar Babaí Brain an tseachtain seo, an chéad scannán atá tagtha chun cinn as a thionscnamh nua chun daoine cumasacha a bhfuil Gaeilge acu a chothú - Céim Eile.

Is ar bhaile álainn an Spidéil i gConamara a bheidh an léiriúchán iontach seo ar bun agus is ócáid shuntasach é do thionscal na scannán Gaeilge.

Babaithe ar na bacáin.

Scannán bríomhar, nua-aimseartha is ea Babaí Brain atá dírithe ar dhaoine atá idir 18 agus 35 bliana d'aois. Cuirtear síos air mar 'scannán rómánsúil do mhná’ agus táthar ag súil go meallfaidh an scéal lucht féachana óg i bhfianaise na gcarachtar tarraingteach agus na dtéamaí comhaimseartha atá ann.

Is í Brídín Ní Mhaoldomhnaigh a scríobh Babaí Brain agus is í a bheidh sa bpríomhpháirt freisin agus táthar ag súil go gcuirfidh an scannán daoine nua mar aon le dearcadh nua ar scáileán na Gaeilge.

Fíbín Media atá i mbun léirithe ar an scannán agus is é Ciarán Charles Ó Conghaile a bheidh á léiriú. Ní scéal beag ar chor ar bith é gurb é Nikolaj Feifer stiúrthóir an tionscadail.

Is fearr aithne air as an tsraith mhóréilimh Baby Fever a chruthú agus a stiúradh do Netflix.

Tugann a rannpháirtíocht gné idirnáisiúnta spreagúil don léiriúchán, ag fí tallann áitiúil le saineolas domhanda.

Niklaj Feifer i mbun saothar ar Babaí Brain.

Is tionscadal ceannródaíoch é Céim Eile a sheol TG4, Fís Éireann agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge in 2022 tar éis an rath a bhí ar a gcomhiarrachtaí le scéimeanna Forbartha Drámaíochta Teilifíse Cine4 agus TG4/Fís Éireann.

Is é aidhm Céim Eile ná an chéad ghlúin eile de scríbhneoirí agus de lucht déanta scannán a bhfuil Gaeilge acu a aimsiú, a fhorbairt agus a chothú, ag cur ardán ar fáil do dhaoine cumasacha atá ag teacht chun cinn.