Is í Enya Cox Dempsey as Cill Chainnigh, a bheidh san iomaíocht thar ceann na hÉireann oíche anocht in Junior Eurovision 2024 in Madrid leis an amhrán nua "Le Chéile"
As Caisleán an Chomair do Enya Cox Dempsey, iarrthóir na hÉireann i gcomórtas Junior Eurovision na bliana seo, tar éis di na moltóirí a chur faoi gheasa sa tsraith teilifíse Junior Eurovision Éire.
Beidh an t-amhrán nuachumtha 'Le Chéile' á chanadh ag Enya agus í mar dhuine de na hiarrthóirí ón 15 tír a bheidh ag glacadh páirt i gcomórtas na bliana seo i Madrid na Spáinne.

Is cuma cén áit ar domhan a bhfuil tú, ón Aoine an 15 Samhain ag 8pm go dtí tús an seó beo Dé Sathairn 16ú is féidir leat vótáil trí www.jesc.tv.
Murab ionann agus an comórtas sinsearach, is féidir le lucht leanúna vótáil ar son a dtíre féin! Tacaigh le hÉirinn agus vótáil ar son Enya ar líne!
Tá cónaí ar Enya lena máthair Róisín agus a madra Pip i gCaisleán an Chomair i gCo. Chill Chainnigh. Is cuid lárnach dá saol a teaghlach.
Tá cónaí ar a huncail Paddy, a seanathair Paddy agus a seanmháthair Helen, béal dorais agus bíonn siad ann i ngcónaí le cluas éisteachta a thabhairt do cheol Enya.

Thosaigh Enya ag seinm ar na drumaí le déanaí ach ní mó ná sásta atá a máthair faoi mar gur ina seomra codlata féin agus ní i seomra Enya atá na drumaí céanna!
Chan Enya "Vampire" le Olivia Rodrigo ar Sheó na mBréagán anuraidh agus tá an-taithí aici ar bheith ag canadh agus ag aisteoireacht i seónna sa cheantar áitiúil.
Is é an sprioc atá aici bua mór a fháil d’Éirinn agus cáil a bhaint amach ina popréalta mór le rá!
Junior Eurovision TG4 anocht, 16 Samhain 5pm.
.