skip to main content

Dráma a chíorann saol óg-bhean Ar Snámh

Ar Snámh sa saol chomhaimseartha; bhfuil talamh slán le feiceáil?
Ar Snámh sa saol chomhaimseartha; bhfuil talamh slán le feiceáil?

Leanann an dráma nua, Ar Snámh, le Seán Mac Dhonnagáin, scéala Jane, bean óg a d'fhág Baile Átha Cliath agus í ina páiste, agus í anois ag filleadh ar a cathair dúchais tríd taisteal suas an Life, agus í ag macnamh ar eachtraí a saoil.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Seán Mac Dhonnagáin ina thaobh.

Tá tú ag díriú ar scéal saghas beathaisnéiseach anseo, ach bhfuil sé dóchasach nó gruama nó bhfuil cuid den dá thaobh san ábhar?

"Tá cuid den dá rud i gceist, ach sílim go bhfuil sé níos dóchasaí b'fhéidir ná gruama. Baineann sé le bean óg darb ainm Jane. Rugadh Jane i mBaile Átha Cliath ach bhog sí go Cill Dara nuair a bhí sí sé bliana d'aois tar éis bás a hathair. Agus tá sí anois ag aois bliain is fiche."

Bláthnaid Daly, i bpáirt Jane, i mbun cleachtadh.

"Tá sí taisteal ar ais go Baile Átha Cliath ar dinghy ar an Life agus ag caint le téip-thaifeadán a d'fhág a hathair di sula bhfuair sé bás. Mar sin foghlaimíonn muid tríd comhráite atá ag Jane, cómhráite saghas samhaillteacha, tá sí ag déanamh aithris ar na carachtair eile, ach foghlaimíonn muid faoin saol atá ag Jane faoi láthair agus an saol atá uaithi amach anseo."

Glacaim leis nach bhfuil tú ag iarraidh mórán a nochtadh faoin saol a bhí aici go dtí seo nó an caint atá aici?

"Níl, chun an fhírinne a insint, ach is féidir a rá go bhfuil sí tá sí ag cónaí lena máthair anois i mbaile réasúnta beag i gCill Dara agus go bhfuil sí ag iarraidh dul go dtí an Choláiste agus an saol a thosú i gceart."

"Tá sí ar dinghy a cheannaigh sí in Lidl; bhfuil beagáinín den osréaltacht nó an greann ag baint le cuid de na nithe atá measctha isteach agat anseo?"

"Tá cinnte, tá. Téann sí isteach go Lidl i lár argóint agus ceannaíonn sí an dinghy seo – feiceann sí é sa 'middle-isle'. Ach tugann sé sin saghas suíomh dúinn don dráma ar fad, ach gur féidir léi seasamh amach as an bád agus feicfimid níos mó ansin, b'fhéidir, don saol samhailteach agus í ag labhairt le daoine eile mar dhea."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Bhfuil saghas réalachas taibhsiúil nó magic realism i gceist anseo mar sin?

"Tá beagáinín cinnte agus úsáidimid an-chuid fuaim chun é sin a chur in iúl. Tá sí saghas ag léimt ón bád go cuimhnigh a bhí aici cheana."

Tá sé seo an-rúndiamhair ar fad mar thuiscint againn ar an scéal! Caithfidh tú dul agus breathnú air in Ionad an Phiarsaigh Dé hAoine nó Dé Sathairn is dócha má tá an scéal ar fad uait.

Labhair liom faoi Smashing Times agus an clár ‘Aisling’ acu atá dírithe ar an nGaeilge agus ar chearta daonna trín ealaín agus éagsúlacht agus comhionannais mar spriocanna acu; an sibhse, an cliar mhór anseo i mbun Ar Snámh, Smashing Times nó an é gur cuid díobh den ghrúpa?

"Táimid mar chuid de Smashing Times agus mar chuid den fhéile an Dublin Arts and Human Rights Festival atá ar siúl acu. Chuir Smashing Times scéal chugamsa an bhliain seo caite le ceist a chur orm ar mhaith liom páirt a bheith agam sa bhFéile agus bhí an script seo agam tar éis dó gradaim ag Comórtas Liteartha Oireachtais na Samhna a bhuachaint."

Donncha Crowley agus Réiltín Nic Eoin.

"Mar sin dúirt mise leo go mbeadh an-suim agam é a dhéanamh. Chuir mise scéal chuig Hilary Bowen-Walsh, atá mar stiúrthóir agus chuir sise scéal chuig Bláthnaid Daly, atá mar aisteoir againn. Agus tá beirt aisteoir iontach eile againn freisin, sin Donncha Crowley agus Réiltín Nic Eoin atá mar aisteoirí ghutha linn. Níl muid tar éis obair a dhéanamh le Smashing Times cheana ach sheol siad amach an ‘call’, b'fhéidir dúinne agus bhí muid sásta páirt a ghlacadh an bhFéile iontach atá ar siúl acu."

Sprioc uasal atá ann agus is maith ann é. Tá tú i do bhall chomh maith den chomplacht AerachAiteachGaelach, mar sin an bhfuil spéis ar leith agat ó thaobh téamaí gaolta leis sin a iniúchadh nó an mbraitheann tú ar smaoineamh a thagann chugat le dráma nó le scéal a scríobh?

"Braithim ar smaoineamh den chuid is mó de ach an rud is mó domsa ná go bhfuil na scéalta atá á insint agam agus againne mar chliar, go bhfuil na scéalta sin bainteach le rudaí atá tábhachtach do dhaoine, agus do dhaoine óga don chuid is mó de, in Éirinn sa lá atá inniu ann."

Ionad an Phiarsaigh ar Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath.

Mar sin tithíocht to put a number on it, ach ag an am céanna imní agus buairt, go mór mhór faoin saol, faoin todhchaí?

"Cinnte. Tithíocht agus imní faoin todhchaí ach an mothúchán sin freisin, toisc go bhfuil tú fós i do chónaí sa bhaile, abair le tuismitheoir nó le do thuismitheoirí, nach bhfuil an saol tosaithe i gceart agat go fóill."

"Agus go mothaíonn tú fós i do pháiste cé go bhfuil tú i do fichidí nó fiú do triochadaí. Agus is rud mór é sin don dráma seo; sin sprioc mór do Jane ná saol a bheith aici nach mbaineann le cónaí i teach a máthair é."

Tá complacht mór páirteach anseo ina measc Sheáin féin agus na haisteoirí thuas-luaite. Sí Hilary Bowen-Walsh, Mumbro Top agus eile, an stiúrthóir; Lara Gallagher, an dearthóir fuaime; Sophie Cassidy, an dearthóir soilse agus Deirbhile Larkin ina bainisteoir stáitse.

Tá maoiniú faighte chomh maith acu ó Fhoras na Gaeilge.

Beidh Ar Snámh ar siúl in Ionad an Phiarsaigh, D02 K037, Dé hAoine agus Dé Satharn ag 7.30.

Tuilleadh eolais anseo.