Is féidir le daoine óga 18 mbliana d'aois agus níos óige cur isteach ar chomórtas 'This is Art!' na bliana 2024 ina mbeidh ealaíntóirí mór-le-rá Aideen Barry, Leah Hewson agus Maser páirteach.
Beidh Maser, Leah Hewson agus Aideen Barry in éineacht le Sheena Barrett ó Áras Nua-Ealaíne na hÉireann & Tadhg Crowley ó Dhánlann Glucksman, ag roghnú na saothar is mó a léirítear samhlaíocht leo i mbliana.
Is féidir cur isteach ar chomórtas ‘This is Art!’ RTÉ le tacaíocht ó Éire Ildánach agus ó Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte ón lá inniu.

Glactar le hiarratais ó dhaoine óga ocht mbliana déag agus níos óige ar mian leo scóip a ligean leis an tsamhlaíocht agus gnéithe éagsúla den chruthaitheacht a thapú.
Is comórtas uile-oileáin seo arna eagrú de réir cúig chatagóir do dhaoine de gach leibhéal cumais (7 mbliana d’aois agus níos óige, 8-11, 12-15, 16-18 agus catagóir an Ghrúpa).

Glactar le hiarratais do ‘This is Art!’ gan bheann ar chineál nó formáid na healaíne, péintéireacht, líníocht agus dealbhadóireacht, nó grianghrafadóireacht, ealaín dhigiteach nó saothar a chruthaítear as ábhar ar thángthas air nó as ábhar athúsáide.
Ní mór grianghraf a thógáil den saothar agus an grianghraf sin a chur isteach ar mhodh digiteach. Cruthaigh an saothar, tóg an grianghraf agus déan sin a uaslódáil ar rte.ie/thisisart faoi mheán oíche Dé Domhnaigh, an 3 Samhain. Níl aon táille i gceist agus tá gach eolas maidir le cur isteach ar an gcomórtas ar fáil ar rte.ie/thisisart.

Tá roinnt de na dánlanna, den aos cruthaitheachta agus de na healaíontóirí is mó faoi thrácht in Éirinn ag tapú a ndeis i mbliana ceiliúradh a dhéanamh ar chumas iontach na ndaoine óga ar fud oileán na hÉireann.
Tá roinnt d’ealaíontóirí mór le rá na hÉireann le háireamh ar na moltóirí: an t-ealaíontóir graifítí agus sráide Maser, an t-ealaíontóir teibí comhaimseartha Leah Hewson agus an t-amharcealaíontóir ceannródaíoch Aideen Barry.

Beidh na healaíontóirí úra iomráiteacha seo ag oibriú in éineacht le beirt fhathach i saol na healaíne; Tadhg Crowley, Coimeádaí Sinsearach le Dánlann Glucksman i gCorcaigh agus Sheena Barrett, Ceannasaí Taighde agus Foghlama le hÁras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA).
Beidh na moltóirí go léir báite in obair cruthaitheachta na ndaoine óga as gach cuid d’Éirinn agus deis acu gradam a bhronnadh ar na saothair ealaíne is samhlaíche. Tháinig níos mó ná 3,000 iarratas isteach anuraidh.

Tacaíonn ‘This is Art!’ le cruthaitheacht agus samhlaíocht na ndaoine óga agus lena gcur féin in iúl. Tá duaischiste €10,000 ar fáil maidir le gradaim agus sparánachtaí do bhuaiteoirí ar fud cúig chatagóir.
Tugadh coimisiún do Maser trófaithe a dhearadh agus a chruthú do bhuaiteoirí 2024 sna catagóirí éagsúla ionas go mbeidh saothar sainiúil ealaíne acu le coimeád ar feadh a saoil.
Cuirfidh na sparánachtaí ar chumas ealaíontóirí óga an acmhainn atá iontu a fhorbairt le breis oideachais agus oiliúna. Chomh maith leis na duaiseanna sin, gheobhaidh níos mó ná céad hiarrthóirí a gcuirfear a saothar ar an ngearrliosta moladh pearsanta agus aiseolas ó na moltóirí maidir lena gcuid oibre.

Is mó go mór ná comórtas ealaíne atá i gceist le This is Art! Tá ceiliúradh i gceist freisin ar chur i láthair a gcuid acmhainne ealaíne ag daoine óga.
Tá d’aidhm leis an chruthaitheacht a chothú sa ghlúin ealaíontóirí atá le theacht agus toradh a gcuid saothair a chur ar taispeáint i ndánlann ar líne. Is é téama chomórtas na bliana seo; An tSamhlaíocht!
Tugann sin saoirse iomlán don aos dána agus cruthaitheachta óg, gan bheann ar réimsí cumais, an ní a shamhlaítear dóibh a chruthú. Spreagfaidh téama na bliana seo na daoine óga le spraoi a bheith acu agus an tsamhlaíocht á dtarraint ar fud réimsí uile a gcuid cruthaitheachta.
Cothófar muinín agus misneach sna healaíontóirí óga agus iad á gcur féin in iúl trína rogha meán ealaíne.
Más ealaíontóir óg tú féin, nó má tá cara agat a spreagfadh an téama An tSamhlaíocht! iad chun saothar a chruthú, seo an deis sin a dhéanamh agus é a chur isteach, gan aon táille iontrála, ar rte.ie/thisisart Ní mór iarratais a chur isteach roimh an meán oíche, Dé Domhnaigh, an 3 Samhain.
Is féidir na saothair a chuirtear isteach a fheiceáil sa dánlann dhigiteach, taisce speisialta ina léirítear an cumas agus an tsamhlaíocht atá sna daoine óga.
Féach rte.ie/thisisart maidir le heolas de gach sórt agus lean @tia.ie ar Instagram, @thisisart.ie ar TikTok agus @RTEjr ar Facebook maidir leis na scéalta is nuaí faoi ‘This is Art!’. 2024.