skip to main content

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ag céiliúradh Tuairisc

Máirín Ní Ghadhra, láithreoir An tSeachtain ar Raidió na Gaeltachta.
Máirín Ní Ghadhra, láithreoir An tSeachtain ar Raidió na Gaeltachta.

Díreoidh An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar céiliúradh 10 mbliana an nuachtáin ar líne Tuairisc.ie an Satharn beag seo 12 Deireadh Fómhar.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis an gcraoltóir fén gcloch bóthar ag an nuachtáin agus fén reachtaíocht pleanála a aontaíodh i dTithe an Oireachtais i rith na seachtaine.

Beidh tú ag díriú ar an deich mbliana atá bainteach amach ag an nuachtáin ar líne Tuairisc.ie?

"Sea, tá Tuairisc deich mbliana ar an bhfód agus nuair a bunaíodh Tuairisc bhí sé nuaí, bhí sé difriúil, ach bhí amhras ar go leor daoine an oibreodh páipéir ar líne."

An t-eagrán is déanaí Tuairisc.ie

"Bhí tuairimí ann gur chóir páipéar ar an seanmhúnla, sé sin páipéar clóite, a bheith ann ach le deich mbliana tá sé cruthaithe acu gur féidir leis an bpáipéar ar líne oibriú. Tá siad ag dul i dtreo físeáin agus fuaim le cúpla bliain anois freisin."

"Rud a chinn siad ag an tús, agus déanann siad seo go neamhbhalbh, go leanfaidís scéalta Gaeilge agus Gaeltachta go sonrach agus aon duine a bhreathnaíonn ar an nuachtán tá sé sin le feiceáil; go mbreathnaíonn siad ar aon rud a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus an tábhacht a bhaineann leis na feachtais éagsúla."

"Leanann siad polasaithe an rialtais agus déanann siad iniúchadh ar na rudaí atá á mbeartú ag an rialtas faoi cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge leis an nGaeltacht."

"Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí, an t-eagarthóir, le bheith linn maidin Dé Satharn le cur síos a thabhairt ar an obair atá déanta."

Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir Tuairisc.ie.

"An bhfuil an nuachtán anois, mar a shamhlaigh sé a bheadh sé? Cad iad na dúshláin is mó acu? Agus tá mé ag ceapadh go dtuigeann chuile dhuine gur maoiniú agus acmhainní an deacracht is mó."

"Chomh maith leis sin, tá athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge ar siúl ag Coimisiúin na Meáin faoi láthair. Tá a fhios agam go bhfuil súil ag Tuairisc go mb'fhéidir go dtabharfadh an t-athbhreithniú sin saghas léargas ar na riachtanaisí ó thaobh acmhainní ar aon nós a theastaíonn a thabhairt do na meáin Ghaeilge le go leanfaidh siad dá gcuid oibre."

Baill le Bánú ag stocaireacht lasmuigh den Dáil ar son cearta tithíochta Gaeltachta.

Cúrsaí chearta teangan a bheidh ar an gclár chomh maith agus Bánú agus Conradh na Gaeilge ag teacht le chéile ag stocaireacht ar son cead pleanála tithíochta mhuintir na Gaeltachta?

"Go díreach agus ritheadh an reachtaíocht pleanála sa Dáil an tseachtain seo, an tríú píosa reachtaíochta is mó riamh a chuaigh trí Dháil Éireann."

"Bhí feachtas leanúnach ar siúl ag Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ar suim leo an Ghaeilge go ndéanfaí tagairt ar riachtanaisí Gaeilge agus Gaeltachta ó thaobh cúrsaí pleanála sa tír, go háirithe i gceantair tuaithe, san áit go bhfuil deacrachtaí ag daoine cead pleanála a fháil agus go dtabharfaí aird ar chumas Gaeilge daoine i gceantair Ghaeltachta nuair atá siad ag lorg pleanála."

An tAire Tithíochta, Darragh O'Brien.

"Tá Bánú bunaithe i gCois Fharraige le tamall de mhíonnaí anois, le leathbhliana nó mar sin, agus iad i mbun feachtais i gceantar Chois Fharraige agus tá conradh na Gaeilge ag stocaireacht ar bhonn náisiúnta."

"Cinneadh le gairid grúpa nua ar a dtugtar Tinteán a bhunú agus séard a bheidh i gceist anseo, de réir mar a thuigim, ná go dtiocfaidh na ceantair Ghaeltachta ar fad le chéile faoin scátheagraíocht amháin le éileamh phleanála na gceantar Gaeltachta éagsúla a chur i láthair an rialtas."

"Tá cruinnithe poiblí ag tosaigh an tseachtain seo, tá an feachtas náisiúnta le seoladh ag Oireachtas na Gaeilge an mhí seo chugainn agus mar a tharlaíonn sé nuair a bheidh muid ar maidin Dé Satharn, beidh cruinniú ar siúl ar an bhFál Carrach i dTír Conaill agus dá réir sin, ní bheidh Róisín Ní Chinnéide, bainisteoir abhcóidíochta an Chonradh in ann a bheith linn beo, ach beidh sí ag caint linn faoin gcruinniú sin agus faoi na mianta atá acu agus céard ba mhaith leo a fháil amach faoi céard is féidir a dhéanamh."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le tuairisc Chóilín Uí Neachtain le muintir Ráth Cairn faoi chead pleanála ar Adhmhaidin.


"Tá mé ag ceapadh go bhfuil roinnt díomá mar gheall ar an reachtaíocht pleanála an tseachtain seo, nach bhfuil sách láidir. Ar ndóigh táthar ag fanacht le dréacht treoirlínte pleanála ón Aire Tithíochta le beagnach trí bliana anois agus níl aon amharc orthu. Tá imní ag méadú i measc lucht feachtasaíochta agus lucht stocaireachta."

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, Dé Satharn 11r.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.