skip to main content

100 imeacht ar fud na cruinne do Lá na Cruite

Harps Alive Ensemble.
Harps Alive Ensemble.

Soláthraíonn Lá na Cruite ardán do chruitirí de gach aois agus cúlra teacht le chéile, a gceol a roinnt, agus beogacht oidhreacht cheoil na hÉireann a cheiliúradh. Sé 'Cothú', téama na bliana seo, le béim ar phobail a spreagadh agus a thabhairt le chéile.

Ina theannta sin, díríonn an ócáid ar chothú na chéad ghlúine eile de chruitirí. Trí oideachas, meantóireacht, agus nochtadh don uirlis, beidh deis ag glún nua cruitirí teacht le chéile ag ceardlanna agus ceolchoirmeacha timpeall na tíre chun a scileanna a fhorbairt agus ceol na cruite a cheiliúradh.

Beidh Lá na Cruite ann ar an Satharn 19ú Deireadh Fómhair agus chuige sin labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Príomhfheidhmeannach Cruit Éireann, Lauren Ní Néill, faoin uirlis agus fén gcéiliúradh.

Luann Cruit Éireann an focal seo 'éabhlóid', go bhfuil sibh ag iarraidh leanacht le héabhlóid ceann de na huirlisí is sine sa traidisiúin, cén saghas éabhlóid atá i gceist agaibh leis an gcruit?

"Is dóiche gurb é an príomh sprioc atá againne mar eagraíocht ná ceol na cruite agus saibhreas staire na cruite a chur chun cinn anseo in Éirinn agus ar fud an domhain."

"Mar is eol duit, tá stair thar a bheith 1000 bliain bainteach leis an uirlis speisialta seo in Éirinn agus táimid iontach bródúil as an stair sin agus táimid ag iarraidh daoine a spreagadh chun dul chuig na ceolchoirmeacha éisteacht leis leis an uirlis seo agus daoine a spreagadh teacht agus aitheantas a thabhairt don uirlis speisialta seo."

Uirlis ársa ach glúnta chomhaimseartha a sheinm.

"Is é an cruit ár siombail náisiúnta agus le 50 bliain anuas tá muid ag amharc ar éabhlóid nua, ré nua don chruit."

"Bhí an chruit mar uirlis ríthábhachtach ó thaobh filíocht na mbard de agus i sochaí na nGael, agus anois tá muid ag amharc ar ré nua don chruit agus don uirlis agus do phobal na cruite anseo in Éirinn.

"Tá daoine ag iarraidh athchóiriú ar na sean píosaí ceoil ar an gcruit, agus corpas againn ó thaobh na tiúineanna de."

"Táimid ag iarraidh daoine a spreagadh plé a dhéanamh leis an uirlis ar leith seo agus amharc ar an stair agus níos mó a fhoghlaim faoi."

Cosán Sí na Cruite.

Tá suas le sé-déantóir-déag cruit luaite ar an suíomh agaibh a dhéanamh, mar sin níl aon easpa teacht ar cruiteanna, an bhfuil?

"Níl aon easpa ar chruitirí sa lá atá inniu ann, buíochas le Dia. Tá sé iontach go bhfuil an méid sin cruitirí fud fad na tíre ag teagasc, go bhfuil an méid sin daltaí ina bhfuil suim acu dul chuig ranganna cruite. Gan an teagasc seo, gan na cruitirí atá amuigh ansin ag teagasc agus ag seinm ag ceolchoirmeacha, ag iarraidh níos mó deiseanna a thabhairt do dhaoine teacht agus triail a bhaint as an chruit, ní bheadh an ré nua seo chomh láidir is atá sé faoi láthair."

"Tá sé iontach le feiceáil in chóir a bheith gach contae anseo in Éirinn go bhfuil scoileanna cruite, go bhfuil múinteoirí ann, agus go bhfuil an traidisiún ag dul ó neart go neart, go háirithe i measc an ghlúin óg sin fud fad na tíre."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Lauren Ní Néill ag caint le Aoife Nic Cormaic ar The Rolling Wave ar RTÉ Radio 1.


Go stairiúil shamhlódh daoine an chruit leis an gcúirt agus leis an aicme uasal, le ríthe agus ríona, agus inniu fiú ní minic go bhfeicfeá cruit istigh i measc seisiún i gcúinne teach tábhairne. Tá siad amscaí le hiompair thart go minic – bíonn gluaisteáin mhór, pluideanna lena chosaint ó damáiste agus fiú tralaí toisc a meáchan de dhíth – an é gur mhaith le Cruit Éireann na cruiteanna a bheith san áireamh in seisiún le grúpa mór uirlisí traidisiúnta eile nó an seasann sí amach díreach mar gur uirlis ar leith atá inti?

"Mothaím féin mar chruitire go bhfuil an cruit mar chroílár den cheol traidisiúnta sa lá atá inniu ann. D'fhás mise aníos ag foghlaim ar dhá cineál sórt seánra ar an chruit."

"Ar an chéad dul síos, tá corpas ollmhór atá chomh saibhir againn ar ceol na cruite, an ceol sin a luaigh tú a bhí in úsáid agus a bhí cumtha ag na cruitirí móra blianta ó shin, cosúil le Toirealach Ó Cearbhalláin, cosúil le Donncha Ó hAmhsaigh i gContae Dhoire, mar shampla. Tá an cheol sin ann agus tá an ceol sin ríthábhachtach mar is corpas agus is ceol ar leith den chruit anseo in Éirinn atá i gceist."

Breathnaigh ar Séamus Ó Flatharta le hAnach Cuan, ó Lá na Cruite 2021.

"Ar an taobh eile de, tá an cruit anois, mar gheall ar an obair iontach atá déanta ag criticeoirí cosúil le Máire Ní Chathasaigh, Janet Harbison, Aibhlín McCrann – na daoine seo, le 50 bliain anuas, a thosaigh ar an gcruit ag seinm ceol traidisiúnta, tá réabhlóid nua, tá ré nua, tá seánraí nua ag an gcruit. Tá sé seo ríthábhachtach mar feictear go minic ag fleadhanna ceoil fud fad na tíre go bhfuil daoine ann atá ag seinm ar an gcruit atá ag seinm poirt, ag seinm ríleanna agus an ceol sin. Tá siad anois mar chuid den traidisiún sin."

Oidhreacht shaibhir, gan aon cheist. Le cuid den oidhreacht céanna a threisiú tá Fóram na gCruitirí Óga ag tabhairt deis do 40 cruitirí óga clár na bliana a aimsiú.

Chun deis a thabhairt don phobal cuid den saibhreas a bhlaiseadh beidh Ióga Cruite ar siúl - rang ióga bríomhar in éineacht leis an gcruitire, Aisling Lyons, Cosán Sí na Cruite le hAisling Ennis le siúlóid threoraithe ag Teach Russborough i gCill Mhanntáin. Idir cheol agus scéalaiocht a bheidh ann, agus seans ann gur féidir le haíonna ámharacha mian a fhágáil ar chrann sí draíochta i lá na coille!

Agus go leor eile - eolas ar fad le fáil anseo.

Lá na Cruite: Satharn an 19 Deireadh Fómhair, 2024.