Cuir Bosco i mbosca le Stranger Things agus caith isteach pisreog nó dhó chun scéal iontach scáfar a chruthú don teaghlach ar fad.
Kevin Kelly isn't thrilled about being stuck in a dilapidated holiday park with his family — until he stumbles upon an old videotape from a bizarre 1980s TV show. Curious, he pops it into the VCR player, and that's when things get really weird.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Kathryn McKiernan, máthair Kevin sa sraith, Mary Kelly, fén raic a chothaíonn an Pooka do mhuintir Kelly nuair a théann siad ar laethannta saoire cois locha faoin tuath.
Níl siad ann na púcaí, ach creidimid ionta fós?
"Bhuel is minic an púca luaite i scéalta na hÉireann."
"Bhí ról tábhachtach ag an bpúca agus chreid daoine go daingean ann, go mbíonn sé saghas ag pleidhcíocht agus ag bualadh bob ar dhaoine nó go minic nuair a tharla rudaí aisteacha, is minic a cuireadh an milleán ar an bpúca."
"Agus san sraith The Unreal tá an Pooka lárnach sa scéal."

"Táim ag súil le cloisteáil ar ais ó dhaoine cad a cheapann siad faoinár Pooka féin. Bhí an carachtar bunaithe ar charachtar 'Puck' ón Midsummer Night's Dream de chuid Shakespeare – that blew my mind!"
"Scríobh máthair Oscar Wilde faoi na púcaí, scríobh WB Yeats fúthú agus tá an Pooka againne lárnach in The Unreal."
"I learned loads about the Pooka while filming this."
"He is a very mischievous character and causes a lot of trouble for Kevin. Kevin gets the blame for a lot of the chaos the Pooka causes."

Mar is gnáth, i scéalta mar seo, ní chreideann éinne an t-ógánach bocht, Kevin?
"No, Kevin bocht. Ní theastaíonn uaim an scéal iomlán a insint duit ach an rud is mó faoin gclár na gurb é Kevin an laoch. Is minic go mbíonn air troid in aghaidh na mí-chothroma agus cé nach mbíonn an chlann ag éisteacht leis ar dtús, leanann sé leis agus creideann siad ann ar deireadh."
"Creidim go mbeidh lucht féachanna fábharach do Kevin de réir mar a théann rudaí ar aghaidh agus beidh siad ar a thaobh. Agus tá ceacht le foghlaim anseo gur chóir duit leanacht ar aghaidh ag insint an scéil go dtí go gcreidtear tú."

"Is gnáth le clann mar na Kelly’s ár gcuid fadhbanna féin a bheith againn mar a bhíonn ag cách ach ar deireadh gabhaimid buíochas leis cabhrú linn an fhírinne a thuiscint. Even though we don’t believe him ar dtús, is é misneach agus ábaltacht Kevin a shábhálann an chlann ag deireadh."
Adhmhaíonn Kathryn chomh maith mar an t-aon 'ginger' ar an seit go raibh sí thar a bheith sásta go raibh gruaig rua ar an bPooka chomh maith!

Agus cé chomh craiceáilt is a bhí an chraic ag obair air an gclár?
"Bhí sé chomh iontach! Bhain mé an-taitneamh as an ról, bhí an-spórt againn agus an taifeadadh ar siúl. Agus bhí Cill Mhantáin chomh álainn agus féachann sé go hálainn ar an scáileáin. Ach táim ana-bhródúil as an gclár mar ceapaim go bhfuil teachtaireacht an-láidir ann chomh maith leis an spraoi."
"I think the Pooka itself just made it, really. Obviously this time of year its much more present because its so attached to Samhain. And while the Pooka might come across as a bit of a mischievous and sometimes scary thing, its not too scary for viewers – I promise!"

Is iad Senan Jennings (Vivarium, Faithless), Kate Brady, Ally Ní Chiaráin (Calm With Horses, Black 47), Kathryn McKiernan (Love's Portrait, The Den) and Joseph McGucken an chliar.
Episode one of The Unreal airs Sunday 13th October on RTÉ One and RTÉ Player. Subsequent episodes air Sunday 20th October at 5.10pm, Sunday 27th October at 5.10pm and Bank Holiday Monday 28th October at 5.15pm.