Fearr grinn é Con Horgan, ball de na Fanzini Brothers agus ann féin, Professor Plunger, agus seachas sin, ina stiúrthóir ar an bhFéile Náisiúnta Sorcas a bheidh ar siúl i dTrá Lí ag deireadh na míosa.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis fé ghairm an fhir ghrinn agus an sorcas mar slí beatha.
Bhfuil ár ndóthain meas nó tuiscint againn anseo in Éirinn ar thréad an fhir ghrinn?
"Go ginearálta, níl. Is post ceart é gan amhras agus is slí bheatha é freisin. Tá a lán traenáil i gceist leis an bpost seo agus tá mé an bhródúil gur fear grinn mé, ach i slí amháin is focal salach é mar a úsáideann daoine é agus iad ag caint faoin pholaiteoirí, nó na daoine a bhíonn i gceannas."

"Braitheann sé ó thír go tír freisin agus tá traidisiúnta iontach againn ach braitheann sé go mór le tuiscint nuair atá tú ag labhairt faoi fear grinn."
"Domsa is rud leathan é - ceapaim gur bhfuil John Cleese iontach mar fhear grinn mar sin nuair a chuimhníonn daoine go hiondúil faoi fear grinn an pictiúr atá acu ná an fear grinn sa sorcas leis na bróga móra agus an srón dearg agus a leithéid."
"Is stíl iomlán difriúil a dhéanaimse agus na Fanzinis agus a lán daoine ar domhan iomlán difriúil leis an bpictiúr sin, is stíl iomlán difriúil é."

Insíonn sé scéal fé bheith ar saoire i Bali uair agus gur bhuail sé le daoine ón Fhrainc. Cuireadar an cheist ar Con cén slí beatha a bhí aige, agus nuair a d'fhreagair sé gur fear grinn a bhí ann, d’fhiafraíodar de arbh fear grinn traidisiúnta nó comhaimseartha a bhí ann. Sin an cineál tuisceanna ar a bhfuil sé ag trácht maidir leis an ngairm.
"Mar sin tá an cultúr níos mó forbartha acu le fear grinn ansin (sa Fhrainc). Ach tá sé ag teacht in Éirinn freisin mar téimid amach gach lá agus déanfaimid seónna in amharclann ar fud na tíre agus ar na sráideanna freisin, ach nuair a fheiceann daoine an cineál stuif a dhéanaimid, tuigeann siad gur fir grinn muid gan amhras, ach go bhfuil stíl difriúil i gceist anseo."

Gan amhras bhí complachtaí in Éirinn ar nós Barrabas, nach ann dóibh a thuilleadh, a chleacht drámaíochta ó thraidisiúin an 'fhearr grinn’ nó an ‘clown theatre’. Tá an focal ‘pierrot’ acu sa bhFraincis, den commedia dell’arte, leis, mar sin an téarma sin sa Ghaeilge, ‘fear grinn’, an réitíonn sé sin leat, mar shampla?
"Tá, nílim ró-bhuartha faoi sin mar, domsa tá sé chomh leathan sin go bhfuil spás ann le haghaidh gach saghas stíle, ach níl an tuiscint céanna ag na daoine sa tír faoi. Ach toisc go bhfuilimid gnóthach agus amuigh anois sna sráideanna, seo an rud is fearr linn, go bhfeicfidh daoine ár seó agus ansin tuigfidh siad in ionad é a mhíniú dóibh i bhfocail."
Seans chomh maith nach dtuigeann daoine an dua agus an saothar a ghabhann le bheith ag obair sa sorcas; ó thaobh an sorcas de, an gcaithfidh meon ar leith a bheith agat le bheith ag iarraidh do ghairm a bhaint as sorcas mar shlí beatha?

"Bhuel braitheann sé ar an duine. Domsa is ealaíontóir mé i ndáiríre ach an slí a dhéanaimse an ealaín sin ná gur fear grinn mé."
"Ach tá sé an-dian mar phost, go háirithe na daoine a bhaineann le trapese agus acrobatics agus taispeántas aerial."
"Caithfidh siadsan traenáil gach lá mar muna dhéanann siad an traenáil sin gach lá cailleann siad an teicníc agus an physique agus mura bhfuil siad ábalta é sin a dhéanamh tá sé tá sé an-dháinséarach."
Is léir ó bheith ag caint le Horgan gur vocation dó é, rud a las an samhlaíocht é ó bhí sé an-óg agus go bhfuil sé i mbun rud a bhfuil a chroí agus a anam go hiomlán infheistithe ann.
Féach siar ar radharcanna ón Fhéile 2023.
Tuilleadh eolas fé obair Con Horgan agus na Fanzini Brothers anseo.
Agus beidh Féile Náisiúnta Sorcas na hÉireann ar siúl ón 31 Deireadh Fómhar go dtí an 4ú Samhain.