skip to main content

Glac chugat na scáil d'Fhéile Bram Stoker

Bram Stoker. It's his festival.
Bram Stoker. It's his festival.


Réitigh tú féin d'Fhéile Bram Stoker eagraithe ag Comhairle Chathair Bhleá Cliath - beidh uafáis amharclannaíochta, tum-ealaín, seoda pictiúrlanna agus go leor leor eile le blaiseadh - HA! HA! HA!

Fillean Féile Bram Stoker Chomairle Cathrach Bhleá Cliath do dheireadh seachtaine saoire bainc Deireadh Fómhair agus raidhse imeachtaí do gach aois ghrúpa idir 25ú agus an 28ú lá.

Bí ag súil le fathaigh agus arrachtaí, le taibhsí, vaimpírithe agus púcaí ag pramsáil thart ar an gcathair idir dhrámaí dorcha ardáin, scannáin sceimhliúla agus imeachtaí tumthacha ealaíne.

Geit d'Ard-Mheara Chathair Bhleá Cliath, James Geoghegan, ón seargán. [Pic: Julien Behal]

In Amharclann na Mainistreach beidh Dracula: Lucy’s Passion, stiúrtha ag Joan Sheehy; dos na hógánaigh idir 8-12 beidh The Haunting of Gusty Nook, seó nua scríofa ag Peter Dunne agus faoi stiúir Ursula McGinn; ó thriadisiúin an chanadh Gréagóirigh tagann an ensemble ban Schola Hyberniae lena léiriú Voices of the Dead: Ancient Chant & Ritual Songs;

[Pic: Julien Behal]

Agus beidh ócáid ar leith speisialta ann maidir le casadh i scéil Bram Stoker sa Pillar Room ag an Rotunda, áit go mbeidh Brian Cleary i mbun cur síos ar an méid a d'aimsigh sé fé údar Dracula le Miriam O’Callaghan agus an scríbhneoir Paul Murray.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Patrick Griffin ag caint fé Dracula le Bram Stoker anuraidh.


Beidh an staraí Donal Fallon i mbun daoine a threorú tré The Women of Bram Stoker's Life: Three Castles Burning Live ag féachaint ar leithéidí Charlotte Stoker, máthair Bram, a thóg é ar an mbéaloideas agus scéalta a hóige féin chomh maith le Speranza (Lady Jane Wilde, máthair Oscar) a d'fhág tionchar mhór ar Stoker maidir le béaloideas agus miotaseolaíocht na hÉireann.

[Pic: Julien Behal]

Beidh Marion McGarry, scríbhneoir agus saineolaí ar shaothar an bheirt bhan úd, páirteach freisin; agus beidh ealaín le Maser chomh maith le go leor, leor eile.

Agus mar chuid de Horrorthon an IFI, beidh an scannáin cáiliúil Nosferatu á thaispeáint sa Light House Cinema agus scór beo ó Rita Perry agus Robbie Perry.

Gach eolas le fáil anseo.