Sa tsraith seo, fiosróidh seisear na scéalta a bhaineann leis na híomhánna atá le feiceáil ar stampaí na tíre. Is féidir léargas a fháil ar chuid de stair agus scéalta na hÉireann trí shúil a chaitheamh ar na híomhánna áille atá ar stampaí poist.
Scrúdaítear an stair seo tré na cinneálacha stampaí, idir dearadh agus ealaín, pearsaí agus siombal a roghnaíodh a scagadh ina rannóga difiriúla.
Polaitíocht:
Fiosróidh Eoin Ó Catháin an chaoi a léirítear cúrsaí polaitíochta ar stampaí poist na tíre. Buailfidh sé leis an bpolaiteoir Mary Hanafin, leis an gcartlannaí Stephen Ferguson, leis an staraí an Dr Kerron Ó Luain agus leis an ngníomhaí Lisa Nic an Bhreithimh.

Ceol:
Tabharfaidh Megan Nic Ruairí léargas ar an gcaoi a gcuirtear ceol na hÉireann i láthair ar stampaí na tíre. Casfaidh sí leis an gcraoltóir agus ceoltóir Fiachna Ó Braonáin, leis an ealaíontóir Jim Fitzpatrick, leis an gceoltóir Colm Mac Con Iomaire agus leis an gcraoltóir Jo Ní Chéide.

Mná:
Siún Ní Dhuinn láithreoir na seachtaine seo agus fiosróidh sí scéalta na mban a bhíonn greanta ar stampaí na tíre. Casfaidh sí leis an staraí Katie Whelan, leis an tSiúr Mary Reynolds, leis an iriseoir Megan Roantree agus leis an dearthóir Oonagh Young.

Spórt:
Fíosróidh David Gough an chaoi a gcuirtear cúrsaí spóirt i láthair ar stampaí na tíre. Buailfidh sé le Jerry Grogan, leis an Dr Cathal Billings, leis an lúthchleasaí Michelle Finn agus Cuan Ó Seireadáin.

Plandaí:
Gheobhaidh Aedín Ní Thiarnaigh amach faoin gcaoi a léirítear plandaí na hÉireann ar ár stampaí poist. Labhróidh sí lena hathair féin Colm Ó Tiarnaigh, leis an Dr Emer Ní Dhúill, leis an ealaíontóir Susan Sex, le treoraithe Bhoirne Pius Murray, Declan Kelleher agus Tony Kirby, agus le Sarah Broderick in Hometree.

Drámaíocht:
Rachaidh an t-aisteoir agus scríbhneoir Roxanna Nic Liam ar thóir scéal na drámaíochta mar a léirítear é ar ár stampaí. Casfaidh sí leis an ngníomhaí Maureen O'Sullivan, le Marianne Kennedy, leis an aisteoir Bríd Ní Neachtain agus leis an ealaíontóir Martin De Porres Wright.
Scéalta ár Stampaí, TG4 Dé Céadaoin 10 Deireadh Fómhair 8pm