Tá Jó Ní Chéide ag láithriú An Bóthar go Nashville ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le fada an lá agus taithí aici ar chláracha telefíse a dhéanamh fés na ceoltóirí tíre is mó cáil. Seo cur síos uaithi ar an ngean atá aici ar 'country'.
Táim ag láithriú An Bóthar go Nashville le breis 's deich mbliana. Bíonn sean cheol tíre agus ceol nua le cloisteáil chuile oíche Dé Luain ón 9-11. Tugann an clár ardán d'amhránaithe atá ag tosú amach sa tionscail seo chomh maith leo siúd atá ar bhóthar an cheoil le fada.
Cloistear amhránaithe ar an gclár nach gcloistear ar stáisiúin eile raidió mar bím seasta ag tumadh sa tobar ceoltíre agus bím ag iarraidh deis a thabhairt do chuile dhuine agus chuile aois ghrúpa.
Bím ag faire amach don thallainn nua i gcónaí.

Tá cláracha speisialta déanta agam faoi na laochra ceoil Loretta Lynn, Elvis, Willie Nelson, George Strait & Alan Jackson.
Tá mé faoi láthair ar obair ar chlár a dhíreoidh ar shaol agus ar shaothar Kris Kristofferson a bhásaigh an tseachtain seo caite.
B'onóir mhór dom an Gradam Hot Country a fháil i 2019 - Contribution to Irish Country Music Award.
Táim ag obair mar mholtóir ar an gclár tallainne Glór Tíre ar TG4 le h-ocht mbliana anois agus is breá liom é agus go leor cairde ceolmhara déanta agam dá bharr.
Tugann Glór Tíre deis iontach do amhránaithe a n-ainm a chur i mbéal an phobail.

Láithrigh mé dhá shraith do Viva Ceol Tíre do TG4 freisin. Bhí sé chlár déag sa gcéad sraith agus dhá chlár déag sa dara sraith.
Bhain mé go leor sásamh as agus bhí ár réaltaí ceoil tíre in Éirinn le feiceáil, leithéide Nathan Carter, Derek Ryan, Cliona Hagan, Claudia Buckley, Noel Boland, John Hogan, Mick Flavin, Olivia Douglas, Ciarán Rosney, John Mc Nicholl agus tuilleadh nach iad.

Láithrigh mé an clár ‘Féile an Bhaile Mhóir’ a bhíonn ar bun i gCondae na hIarmhí chuile bhliain agus a mheallann na mílte do lucht leanúna an cheoil tíre.
Bhí Johnny Brady, Gerry Guthrie, Robert Mizzell & go leor eile páirteach agus mé breá sásta gur bhain mé beagán Gaeilge astu don chlár freisin a craoladh ar TG4.
Bhí mé páirteach i gcláir éagsúla do TG4 agus RTÉ, Cloch le Carn - Big Tom agus an clár Scannal faoi Garth Brooks, chomh maith le Opry an Iúir.

Ghlac mé páirt i gclár nua a bheidh le feiceáil ar TG4 go luath mar chuid den sraith ‘Scéalta ár Stampaí’ agus ceol tíre faoi chaibidil acu.
Chaith muid roinnt ama le Nathan Carter ar an lá agus labhair muid ar thábhacht an cheoil tíre agus an chaoi a dtéann sé i bhfeidhm orainn.

Is bréa liom a bheith ag cur le mo stór eolais faoi cheol agus faoi chumadóirí agus amhráin sa seanrá seo.
B’onóir mhór dom an Gradam Hot Country a fháil i 2019 - Contribution to Irish Country Music Award.
Féach ar an Late Late Country Special ar RTÉ 1 tar éis na Nuachta ag a 9.
An Bóthar go Nashville le Jó Ní Chéide gach Luan óna 9-11 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.