skip to main content

Féile Litríochta Gaeilge IMRAM ar siúl 7-16 Samhain

Amhráin Tay-Tay as Gaeilge do na Swifties.
Amhráin Tay-Tay as Gaeilge do na Swifties.

Idir fhilíocht úr, cheoil aonaránach agus léirsithe bheo bhríomhar is eispéaras ilmheáin gan a shárú Féile Litríochta Gaeilge IMRAM a thugann ardán d'ealaíntóirí clúitiúla agus nua-bhaistithe araon gach Samhain.

Mar chuid den Fhéile gach bliain bíonn coirmcheoil ar leith á thaibhiú ar shaothar cheoltóirí den scoth, leithéidí Bob Dylan, Leonard Cowen, David Bowie agus Kate Bush.

Tar ag snámh sa chultúr.

I mbliana is ar amhráin an réalta comhaimseartha Taylor Swift atá súile an Fhéile dírithe. Traschruthaithe ag an bhfile Gabriel Rosenstock beidh saothar an Mheiriceánaigh á sheinm agus á chanadh ag Róisín Seoighe X IMLÉ.

Mar is gnáth, is í Margaret Lonergan a chuireann dath dhiamhair leis an ócáid lena teilgeann íomhánna don léiriú.

Invisible String features a special collection of Swift's songs, transcreated into Irish by the poet Gabriel Rosenstock and by Róisín Seoighe, performed by Róisín Seoighe X IMLÉ. Images by Margaret Lonergan will be projected onto a screen as part of the show.

Beidh TIONSCADAL TAYLOR SWIFT ar siúl ar Déardaoin agus Aoine 7ú agus 8ú Samhain in amharclann Pavilion Theatre, i nDún Laoghaire, Contae Bhleá Cliath.

Louis de Paor, file.

Chomh maith leis sin beidh seoladh leabhair leis an bhfile Corcaíoch, Louis de Paor, ar siúl ar an 7ú Samhain in ionad James Joyce i lár na cathrach. 'Mé Brí an Dána' is teideal don cnuasach seo ina bhfuil leagan comhaimseartha Gaeilge déanta ag an bPaorach ar thrí dhán luath-Ghaeilge.

Agus beidh go leor filíochta eile le clos ag leithéidí Eithne Ní Ghallchobhair agus tionlacan ceoil ó Steve Cooney don ócáid, agallamh poiblí le Rita Kelly chomh maith le céiliúradh ar shaol agus shaothar an t-ealaíntóir Clíodhna Cussen.

Tá clú agus cáil ar Sexy Tadhg as an bhfuinneamh dochredite a bhaineann lena gcuid seóanna beo. Is fiú seo a fheiceáil agus beidh filíocht le clos ó leithéidí Julie Goo, Marcus Mac Conghail, Laoighseach Ní Choistealbha & Dubhán Ó Longáin - cuid de na glórtha is fuinniúla i bhfilíocht ár linne.

Sexy Tadhg - seónna bríomhara.

SEXY TADHG are famed for their jaw-dropping live shows - and often compared to David Bowie, Freddie Mercury and Lady Gaga. Expect fun and high energy tonight! Also taking to the stage tonight are Julie Goo, Marcus Mac Conghail, Laoighseach Ní Choistealbha and Dubhán Ó Longáin - four of the most dynamic voices in modern Irish poetry.

Mar chuid den Fhéile i mbliana chomh maith beidh deis ag lucht féachanna breathnú ar an tsraith Údar Faoi Agallamh a choimisiúnaigh IMRAM anuraidh, a chuaigh i mbun cainte le scríbhneoirí éagsúla ár linne. Beidh na hagallamh seo ar fáil de réir a chéile ar shuíomh YouTube IMRAM.

Éist le hagallamh leis an bhfile Ailbhe Ní Ghearbhuigh mar chuid den tsraith Údar Faoi Agallamh.