skip to main content

Seachtain na Leabhar Éireannach 2024

Seachtain na Leabhar Éireannach 2024 seolta.
Seachtain na Leabhar Éireannach 2024 seolta.

Lúcháir ar Dhíolachán Leabhar Éireann dátaí agus ambasadóirí a nochtadh do Sheachtain na Leabhar Éireannach 2024. Tacaígí le bhur nDíoltóirí Leabhar áitiúil!

Tá lúcháir ar Dhíolachán Leabhar Éireann, coiste chomhaltaí Chumann na nDíoltóírí Leabhar a dhéanann ionadaíocht ar shiopaí leabhar idir bheag agus mhór ar fud na hÉireann, in éineacht le Foilsiú Éireann, a fhógairt go mbeidh Seachtain na Leabhar Éireannach 2024 ar siúl ón Satharn an 19 Deireadh Fómhair go dtí Dé Sathairn an 26 Deireadh Fómhair 2024.

Dawn Behan agus Peter McKay le hambasadóirí feachtais 2024; údar agus maisitheoir leabhair leanaí, Úna Woods, Laureate na nÓg agus údar leabhair leanaí, Patricia Forde, agus an scríbhneor ficsean, Felicity Hayes-McCoy.

Tá lúcháir ar Dhíolachán Leabhar Éireannach freisin an saothar ealaíne iontach don fheachtas i mbliana a nochtadh, arna chur ar fáil ag an maisitheoir agus scríbhneoir clúiteach do leanaí, Úna Woods, atá tagtha ar bord mar ambasadóir feachtais.

Ealaín Úna Woods.

Anois sa seachtú bliain di, is ceiliúradh náisiúnta í Seachtain na Leabhar Éireannach ar shiopaí leabhar Éireannacha, leabhair Éireannacha, foilsitheoirí, scríbhneoirí, maisitheoirí agus filí.

Tá lúcháir ar Dhíoltóirí Leabhar Éireann sonraí a fhógairt freisin faoi roinnt de na himeachtaí iontacha i siopaí atá deimhnithe cheana féin le tarlú ar feadh an cheiliúrtha a mhairfidh seachtain;

Baile Átha Cliath – tá Chapters Bookshop, Sráid Parnell, ag óstáil oíche dar teideal Macabre, Magic and Mayhem leis an údar Courtney Smyth agus aíonna speisialta Dé Céadaoin an 23 Deireadh Fómhair ag 6.30pm. Tá iontráil saor in aisce agus tá fáilte roimh chách freastal!

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.chaptersbookstore.com

Corcaigh – seolfaidh an Dr. Susan Cahill a céad leabhar do pháistí, The World Below the Rain in Kerr's Bookshop, Cloich na Coillte, Dé Sathairn an 26 Deireadh Fómhair ag 2pm.

Tá lúcháir ar Susan, arb as Cloich na Coillte ó dhúchas di, filleadh ar a baile dúchais agus Kerr’s Bookshop mara raibh sí ina custaiméir ó bhí sí ina cailín beag óg!

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.kerrsbookshop.ie

Úna Woods, Patricia Forde, Felicity Hayes-McCoy - Lá Iontach!

Sligeach – beidh an gníomhaí agus údar, Easkey Britton, ar cuairt ar Liber Bookshop, Sráid UíChonaill, Sligeach, le haghaidh síniú leabhar Dé Sathair an 19 Deireadh Fómhair mar pháirt de cheiliúradh an tsiopa do Sheachtain na Leabhar Éireannach.

Chun tuilleadh eolais ar an ócáid afháil téigh chuig www.liber.ie

Tá d'aidhm ag an bhfeachtas daoine fud fad na hÉireann a spreagadh chun cuairt a thabhairt ar a siopa leabhar áitiúil chun teacht ar agus taitneamh a bhaint as raon iontach agus spéisiúil imeachtaí, léamha, cóisirí, taispeántais agus mórán eile.

Beidh Seachtain na Leabhar ar siúl ón 19-26 Deireadh Fómhair.

Tuilleadh eolais ar ardáin meánsóisialta Dhíolachán Leabhar Éireann; Facebook: @BooksellingIreland, ar Twitter: @BooksellingI agus ar Instagram: @Bookselling

Logáil isteach ar https://discoveririshkidsbooks.ie/ le haghaidh tuilleadh eolais.